Tá beagnach €700,000 fógartha ag an Aire Humphreys chun tacú le Cúramóirí Teaghlaigh
- Foilsithe: 12 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 14 Nollaig 2022
- Cistiú atá deartha chun tacú le cúramóirí leas a bhaint as deiseanna oiliúna agus oideachais
D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, maoiniú de bheagnach €700,000 inniu chun tacú le Cúramóirí Teaghlaigh ar fud na tíre.
Leagfaidh an tionscnamh, faoi Chiste na gCuntas Díomhaoin, fócas speisialta ar Chúramóirí a chumasú chun leas a bhaint as deiseanna oiliúna agus oideachais.
Bhí freagairt dhearfach ó eagraíochtaí Cúramóirí ar an tionscnamh, tar éis don Aire Humphreys a fhógairt i mí Mheán Fómhair.
Tabharfar tacaíocht freisin d’iarchúramóirí faoin tionscnamh, atá á rolladh amach ag an Roinn Coimirce Sóisialaí i gcomhar le Pobal.
Inniu, tá an tAire ag cur síos ar na heagraíochtaí ar fud na tíre a gheobhaidh tacaíocht airgeadais chun na mílte Cúramóir Teaghlaigh ar fud na tíre a chumhachtú.
Ag fógairt na dtionscadal rathúla inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Mar Aire Coimirce Sóisialaí, ba phríomhthosaíocht domsa i gcónaí tacú lenár gcúramóirí teaghlaigh.
“Agus mar sin de, tá os cionn €700,000 á fhógairt agam inniu chun tionscadail ar fud na tíre a mhaoiniú atá deartha chun tacú le cúramóirí teaghlaigh agus leis na daoine a dtugann siad aire dóibh.
“Tá súil agam go dtabharfaidh na tionscadail seo deis do chúramóirí teaghlaigh dul i ngleic le deiseanna oideachais agus deiseanna oiliúna - ag aithint agus ag tógáil ar na scileanna uathúla atá acu.”
I measc cuid de na gníomhaíochtaí a gheobhaidh maoiniú faoin tionscnamh tá:
- Oibriú le fostóirí chun an clár Fostóirí Cúraim a thabhairt isteach lena n-áirítear cleachtais agus beartais oibre a thacaíonn le cúramóirí a chruthú.
- Clár forbartha scileanna gairme a sheachadann oiliúint i gcothú muiníne, iniúchadh gairme, scileanna inaistrithe, cuardach poist agus cúrsaí oideachais ar líne, ullmhú CV, scileanna agallaimh.
- Straitéisí cothú folláine agus féinchúraim a chur chun cinn a bhfuil an cumas iontu athrú dearfach a thabhairt i saol an chúramóra.
Lean an tAire Humphreys:
“Tá lúcháir orm go bhfuil mo Roinn ag obair lenár n-eagraíochtaí cúramóirí chun a chinntiú go mbeidh tionchar fíordhearfach ag an maoiniú seo.
“Ní mór dúinn gach iarracht a dhéanamh tacú le cúramóirí teaghlaigh nuair is mian leo freagrachtaí oibre agus cúraim a bhainistiú.
“Tá ról ríthábhachtach ag ár gcúramóirí sa tsochaí. Déanann siad post nach bhféadfadh an oiread sin againn a dhéanamh. Agus mar sin, tá sé ríthábhachtach go dtacaímid leo ar gach bealach is féidir linn - is é sin atá i gceist leis an tionscnamh seo.”
Tá na tionscnaimh rathúla le tosú i mí Eanáir 2023 agus beidh siad ar siúl go dtí Meitheamh 2024. Tá an beart á bhainistiú ag Pobal thar ceann na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Nótaí
Tuilleadh eolais
Is eagraíocht idirghabhálaithe neamhbhrabúis é Pobal a bhainistíonn cláir mhaoinithe éagsúla thar ceann Rialtas na hÉireann agus an AE.
Soláthraíonn na hAchtanna um Chuntais Dhíomhaoine 2001-2012, mar aon leis An tAcht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003, creat do riaradh cuntas neamhéilithe in institiúidí creidmheasa (i.e. bainc, cumainn foirgníochta agus An Post) agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe i ngnóthais árachais.
Is é príomhchuspóir na reachtaíochta sealbhóirí cuntas nó sealbhóirí polasaí a athcheangal lena gcistí in institiúidí creidmheasa nó gnóthais árachais agus i ndáil leis sin, ceanglaítear ar na comhlachtaí sin bearta a ghlacadh chun úinéirí cuntas díomhaoin agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo.
Chun na cistí neamhúsáidte i gcuntais dhíomhaoine agus polasaithe neamhéilithe a úsáid chun an úsáid is fearr a bhaint as, tugadh isteach leis an reachtaíocht freisin scéim chun cistí a eisíoc nach dócha go n-aisghabhfar iad ó chuntais dhíomhaoine agus ó bheartais neamhéilithe chun críocha bearta chun cabhrú le:
- forbairt phearsanta agus shóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta;
- forbairt oideachasúil daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil; nó
- daoine faoi mhíchumas.
Is líonra é Comhaontas Chúramóirí Éireann de 95 eagraíocht neamhbhrabúis a thacaíonn le cúramóirí teaghlaigh. Faoi láthair tá raon tacaíochtaí ar líne á seachadadh aige do chúramóirí teaghlaigh lena n-áirítear grúpa tacaíochta cúramóirí teaghlaigh ar líne a bhfuil baint ag beagnach 4,000 cúramóir teaghlaigh leis agus tionscadal dírithe ar TF, Return Ready. Le haghaidh tuilleadh sonraí déan teagmháil le Liam O’Sullivan, Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar 087 207 3265 info@carealliance.ie www.carealliance.ie