Tá Méaduithe ar Íocaíocht Bhuiséad 2021 le cur i bhfeidhm in Eanáir 2021 - Tiocfaidh méadú ar luach breis agus €177 milliún ar íocaíochtaí leasa seachtainiúla
- Foilsithe: 31 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá breis agus 375,000 teaghlach le tairbhe a bhaint as méadú ar Liúntas Breosla
Méaduithe ar Íocaíochtaí do Chleithiúnaithe Linbh maidir le 419,000 leanbh
Tá méadú le fáil ag breis agus 221,000 duine ar a Liúntas do Mhaireachtáil Aonair
Tá roinnt méaduithe ar íocaíocht Leasa Shóisialaigh le cur i bhfeidhm in Eanáir 2021 mar chuid de bhearta a tugadh isteach i mBuiséad 2021.
Tiocfaidh méadú €5 do leanaí 12 bhliain d’aois nó níos sine agus €2 do leanaí 12 bhliain d’aois nó níos sine ar íocaíochtaí do chleithiúnaithe linbh cáilithe a shine le 12 bhliain d’aois, a chiallaíonn go dtabharfaidh tuismitheoirí a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh á bhfáil acu méadú faoi deara ar a ráta seachtainiúil íocaíochta. Beidh éifeacht leis na méaduithe seo ag dátaí éagsúla in Eanáir, ag brath ar an íocaíocht leasa sheachtainiúil atá á fáil ag ceachtar tuismitheoir. Tá súil leis go rachaidh an méadú seo chun sochair 419,000 leanbh agus cosnóidh sé €59.2 milliún, ar an iomlán, in 2021.
Beidh méadú ag teacht ar an íocaíocht Liúntais Breosla aníos ó €3.50 go €28.00 sa tseachtain le héifeacht ó Eanáir 2021. Bainfidh breis agus 375,000 teaghlach tairbhe as an athrú seo ar ráta a chabhraíonn le go leor daoine leochaileacha íoc as a dtithe a théamh i rith mhíonna an gheimhridh. Íocfar an méadú le daoine a bhfuil Liúntas Breosla á fháil acu faoi láthair agus beidh éifeacht leis i rith na seachtaine dar tús an 4 Eanáir 2021 – is éagsúil a bheidh an lá, ag brath ar an íocaíocht atá á fáil ag an gcustaiméir. Cosnóidh an beart seo €36.8 milliún in 2021.
Tiocfaidh méadú €5 sa tseachtain ar an Liúntas do Mhaireachtáil Aonair aníos go dtí €19 agus cruthóidh seo tairbhe do 221,000 duine, pinsinéirí, baintreacha agus baintreacha fir, agus daoine faoi mhíchumas ina measc. Beidh éifeacht leis ón gcéad seachtain in Eanáir, ag brath ar an lá a dhéantar an íocaíocht ar leith. Tá an méadú seo le híoc le 221,700 duine agus cosnóidh sé €57.5 milliún in 2021.
Tiocfaidh méadú ar an Liúntas do Mhaireachtáil ar Oileán (a íoctar le daoine a mhaireann ar oileáin áirithe amach ón gcósta) aníos ó €7.30 go €20 sa tseachtain ón 4 Eanáir. Seo an chéad uair gur méadaíodh an Liúntas do Mhaireachtáil ar Oileán ó tugadh isteach é in 2000. Bainfidh thart ar 600 duine a n-íoctar an liúntas seo leo tairbhe as an méadú agus cosnóidh sé €0.25 milliún in 2021.
Méadófar an tairseach ioncaim sheachtainiúil don Íocaíocht Teaghlaigh Oibre €10 do theaghlaigh ina bhfuil a mhéid le triúr leanaí ón gcéad seachtain in Eanáir. Rachaidh an méadú seo chun sochair 48,700 teaghlach a bhfuil ioncam íseal acu agus cosnóidh sé €21.4 milliún an bhliain seo chugainn.
Ar leith uaidh sin, beidh méadú ag teacht ar an Deontas Baintrí/Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh, a chabhraíonn le baintreacha, baintreacha fir agus páirtnéirí sibhialta marthanacha a bhfuil leanaí acu i ndiaidh dá bpáirtnéir bás a fháil, aníos ó €6,000 go €8,000 le héifeacht ón 1 Eanáir. Meastar go gcosnóidh an méadú seo €2.2 milliún sa bhliain 2021.
Ag trácht di ar na méaduithe íocaíochta, dúirt an tAire Humphreys:
“Is deas liom a fhógairt go dtiocfaidh méadú in Eanáir ar roinnt rátaí leasa shóisialaigh mar chuid de bhearta a thug mé isteach i mo chéad Bhuiséad mar an tAire Coimirce Sóisialaí.
“Bhain Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime go leor aird phoiblí amach, mar is ceart, le bliain anuas ach is tábhachtach a thabhairt chun cuimhne freisin go n-íoctar íocaíocht leasa shóisialaigh sheachtainiúil le go leor daoine aonair agus teaghlach i ngach contae, pinsin, íocaíochtaí Teaghlach Aontuismitheora agus íocaíochtaí míchumais san áireamh.
“Rachaidh na méaduithe ar ráta leasa shóisialaigh a bheidh ag teacht aníos chun sochair na mball is leochailí dár sochaí, agus – in ainneoin gur thréimhse dhúshlánach an tréimhse bhliana anuas do go leor daoine – tá gliondar croí orm gur bhain mé an méadú seo amach ar chaiteachas lena chabhrú fáilte a chur roimh an mbliain 2021 agus, le cúnamh Dé, roimh laethanta níos fearr atá amach romhainn.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Íocaíocht ar a ndéantar tástáil mhaoine é Liúntas Breosla a chabhraíonn le híoc as an gcostas a bhíonn ar do theach a théamh i rith an gheimhridh. Íoctar é le daoine a bhfuil íocaíochtaí fadtéarmacha leasa shóisialaigh áirithe á bhfáil acu.
Is í aidhm na scéime cabhrú le teaghlaigh cháilithe a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe á bhfáil acu íoc as a gcostais téimh. Is gnách go gcuirtear tús leis an séasúr Liúntas Breosla i nDeireadh Fómhair gach bliain agus go gcuirtear deireadh leis in Aibreán.
Íocaíocht bhreise a dhéantar le daoine a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh á bhfáil acu agus a mhaireann leo féin é Liúntas do Mhaireachtáil Aonair.
Tugtar Liúntas Oileáin, amanna, ar Mhéadú do Mhaireachtáil ar Oileán Sonraithe. D’fhéadfadh go mbíonn ar dhaoine a mhaireann ar oileáin costais bhreise a íoc chun taisteal chuig an mórthír chun go gcuirtear seirbhísí ar fáil dóibh. Déanann an méadú na costais bhreise a bhíonn le híoc nuair a mhairtear ar oileán amach ó chósta na hÉireann a chúiteamh.