English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá sé fógartha ag an Aire Humphreys go bhfaighidh 650,000 teaghlach íocaíochtaí méadaithe Sochar Linbh an tseachtain seo

Tá sé fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, go n-íocfar €100 breise in aghaidh an linbh in Íocaíochtaí Sochar Linbh amárach (Dé Máirt) chun tacú le 650,000 teaghlach leis an gCostas Maireachtála.

Ciallaíonn an tacaíocht bhreise go n-íocfar €240 in aghaidh an linbh an mhí seo i leith breis agus 1.2 milliún leanbh.

Beidh Íocaíochtaí Sochair Linbh beagnach €300 milliún san iomlán le fáil i gcuntais bhainc na dteaghlach amárach, Dé Máirt 6 Meitheamh.

Tá na híocaíochtaí méadaithe Sochar Linbh mar chuid de phacáiste beart a d’aimsigh an tAire Humphreys i mí Feabhra agus tá siad sa bhreis ar an €2.2 billiún de thacaíochtaí dá bhforáiltear i mBuiséad 2023.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá áthas orm a fhógairt go bhfaighidh thart ar 650,000 teaghlach €100 breise in aghaidh an linbh ina n-íocaíochtaí Sochar Linbh an tseachtain seo chun tacú leo leis an gcostas maireachtála.

“Is tacaíocht ioncaim ríthábhachtach é Sochar Linbh a théann i bhfeidhm ar na céadta míle teaghlach díograiseacha.

“Tuigim go maith na deacrachtaí atá ag teaghlaigh faoi láthair maidir lena gcuid billí a íoc.

“Agus mar sin, tá áthas orm a dhearbhú go bhfuil na rialacháin comhshínithe agam in éineacht leis an Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta agus Athchóirithe an PFN Paschal Donohoe, a chuirfidh an méadú €100 seo i bhfeidhm.

“Beidh an íocaíocht bhreise sochair linbh seo i gcuntais bhainc daoine ó amárach. Leanann sé an Íocaíocht Costas Maireachtála €200 i mí Aibreáin, a thug tacaíocht do 1.3 milliún pinsinéir, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh oibre.

“Gheobhaidh tuismitheoirí a fhaigheann an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua €100 sa bhreis do gach leanbh an samhradh seo freisin.

“Léiríonn an pacáiste beart seo, chomh maith leis an €2.2 billiún de thacaíochtaí a fuarthas mar chuid de Bhuiséad 2023, ár dtiomantas leanúnach chun aghaidh a thabhairt ar an gcostas maireachtála méadaithe a bhíonn ar theaghlaigh.”


Nótaí

Íocaíocht mhíosúil €140 do gach leanbh is ea Sochar Linbh.

Íoctar é le teaghlaigh a bhfuil leanaí acu i leith gach linbh cháilithe suas go dtí 16 bliana d’aois.

Leanfar den íocaíocht a íoc i leith leanaí go dtí a 18ú breithlá má tá siad in oideachas lánaimseartha nó má tá siad faoi mhíchumas.

Miondealú contae ar fhaighteoirí an tSochair Linbh

Contae Líon na dteaghlach a fhaigheann Sochar Linbh
An Clár 15,097
Corcaigh 72,264
An Cabhán 10,763
Ceatharlach 9,014
Dún na nGall 21,316
Baile Átha Cliath 172,283
Gaillimh 33,772
Cill Dara 34,810
Cill Chainnigh 11,691
Ciarraí 19,136
An Longfort 5,976
20,718
Luimneach 26,521
Liatroim 4,418
Laois 11,670
An Mhí 30,645
Muineachán 8,332
Maigh Eo 16,659
Uíbh Fhailí 10,530
Ros Comáin 8,161
Sligeach 8,348
Tiobraid Árann 21,636
Port Láirge 16,768
An Iarmhí 13,429
Cill Mhantáin 21,359
Loch Garman 21,817