Tá sé fógartha ag an Taoiseach agus ag an Aire Humphreys go bhfuil níos mó ná €1 billiún in arduithe nua Coimirce Sóisialaí le teacht i bhfeidhm inniu
- Foilsithe: 1 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Arduithe ar íocaíochtaí atá le teacht i bhfeidhm ón 1 Eanáir ar aghaidh
- Ardú €12 ar íocaíochtaí seachtainiúla – ag tacú le pinsinéirí, cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas
- Ardú €15 ar Shochar Máithreachais, Atharthachta, Uchtaíoch agus Tuismitheoirí
- Ardú €60 in aghaidh na seachtaine ar thairseacha na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht
- Ardú €20 ar ráta míosúil an Liúntais Chúraim Baile
Tá sé fógartha ag an Taoiseach, Simon Harris, agus an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, go bhfuil níos mó ná €1 billiún in arduithe coimirce sóisialaí le teacht i bhfeidhm inniu.
Soláthróidh na harduithe seo, atá mar chuid de Bhuiséad 2025, tuilleadh tacaíochta do phinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, agus teaghlaigh ar ioncam íseal.
Is é costas iomlán na bhfeabhsuithe i mí Eanáir ná thart ar €1,028 milliún.
Is iad na bearta a thiocfaidh i bhfeidhm i mí Eanáir ná:
- Méadú €12 ar uasráta na buníocaíochtaí seachtainiúla ar fad, le harduithe comhréireacha do chleithiúnaithe, ar Dhaoine Fásta Cáilithe iad – a rachaidh chun sochair do níos mó ná 1.4 milliún duine.
- Méadú €15 ar rátaí seachtainiúla do Shochar Máithreachais, Sochar Uchtaíoch, Sochar Atharthachta agus Sochar Tuismitheora, agus méadú €24 ar an gClár Socrúcháin Taithí Oibre.
- Méadú €60 in aghaidh na seachtaine ar thairseacha na nÍocaíochtaí do Theaghlaigh i bhFostaíocht do theaghlaigh de gach méid. Soláthróidh sé seo tacaíocht airgeadais bhreise do theaghlaigh ar ioncam íseal agus beidh níos mó teaghlach incháilithe don íocaíocht mar thoradh ar an méadú seo.
- Méadú €20 ar ráta míosúil an Liúntais Chúraim Baile go €360 in aghaidh na míosa. Tá an méadú seo ann chun tacú le daoine a bhfuil ról luachmhar acu i sochaí na hÉireann – tuismitheoirí nó caomhnóirí a thugann aire do leanbh faoi mhíchumas trom.
- Méadú suas le €8 ar an Íocaíocht Tacaíochta Leanaí seachtainiúil (Méadú do Leanbh Cáilithe roimhe seo) in íocaíochtaí i leith leanaí atá ag daoine a fhaigheann sochair leasa shóisialaigh, rud a ardaíonn an íocaíocht sin go €50 in aghaidh na seachtaine do leanaí níos óige ná 12 bhliain d’aois agus €62 in aghaidh na seachtaine do leanaí atá 12 bhliain d’aois nó níos sine.
Tá na bearta seo sa bhreis ar na deich n-íocaíocht cnapshuime, ar fiú níos mó ná €1.4 billiún iad, urraithe mar chuid de Bhuiséad 2025 chun cabhrú le teaghlaigh le costais mhaireachtála.
Íocadh na híocaíochtaí seo roimh an Nollaig, lena n-áirítear Íocaíocht Bónais na Nollag, 2 íocaíocht dhúbailte Sochar Linbh, €300 breise d’fhaighteoirí Liúntais Breosla, €200 breise d’fhaighteoirí an Méadú i leith Maireachtáil Aonair, €400 breise d’fhaighteoirí na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht, Íocaíocht €400 do Chúramóirí, Íocaíocht Tacaíochta Míchumais €400 agus cnapshuim €100 in aghaidh an linbh do dhaoine a fhaigheann an Íocaíocht Tacaíochta Leanaí seachtainiúil (Méadú do Leanbh Cáilithe roimhe seo).
Agus bearta Coimirce Sóisialaí mhí Eanáir á bhfógairt aige, dúirt an Taoiseach Simon Harris:
“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil €1 billiún d’fheabhsuithe ar íocaíochtaí le teacht i bhfeidhm inniu.
“Rachaidh na harduithe seo chun tairbhe do na céadta míle teaghlach ar fud na tíre, lena n-áirítear ár gcúramóirí, pinsinéirí, tuismitheoirí aonair agus daoine faoi mhíchumas.
“Táim thar a bheith sásta go bhfuil an Íocaíocht Tacaíochta Leanaí agus na tairseacha Íocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht méadaithe againn arís. Is tacaíochtaí ríthábhachtacha iad seo a chabhraíonn le bochtaineacht na leanaí a laghdú.”
Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys:
“Ba é seo an Buiséad deireanach a bhí agam mar Aire Coimirce Sóisialaí, agus arís, ba é seo an pacáiste Buiséid Coimirce Sóisialaí is mó i stair an Stáit.
“Tá na bearta seo sa bhreis ar an tsraith Íocaíochtaí Cnapshuime a eisíodh le seachtainí beaga anuas. Tá na híocaíochtaí cnapshuime seo deartha chun níos mó airgid a thabhairt ar ais do na daoine, go háirithe thar thréimhse na Nollag, rud a d’fhéadfadh a bheith an-strusmhar do theaghlaigh, agus iad ag iarraidh bronntanais a fháil do na leanaí agus roinnt rudaí deasa den Nollaig.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Beart buiséid dar tús mhí Eanáir 2025 | Ag tosú | Líon na dTairbhithe |
Tá méadú €12 ar uasráta na n-íocaíochtaí seachtainiúla ar fad (seachas Sochar Máithreachais, Sochar Uchtaíoch, Sochar Atharthachta, Sochar Tuismitheora agus an Clár Socrúcháin Taithí Oibre) le harduithe comhréireacha do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine ar rátaí laghdaithe íocaíochta. | Le héifeacht ón gcéad tseachtain i mí Eanáir. | 1.4 milliún. |
Méadú €15 ar rátaí seachtainiúla do Shochar Máithreachais, Sochar Uchtaíoch, Sochar Atharthachta agus Sochar Tuismitheora, agus méadú €24 ar an gClár Socrúcháin Taithí Oibre. | Le héifeacht ón 6 Eanáir 2025. | 30,000 faighteoir. |
Tá méadú €4 ar ráta seachtainiúil na hÍocaíochta Tacaíochta Leanaí (Méadú do Leanbh Cáilithe roimhe seo); ó €46 go €50 in aghaidh na seachtaine do leanaí níos óige ná 12 bhliain d’aois, agus €8 ó €54 go €62 in aghaidh na seachtaine do leanaí 12 bliana d’aois agus níos sine. | Le héifeacht ón gcéad tseachtain i mí Eanáir. | 338,000 leanbh. |
Tá méadú €60 ar thairseach sheachtainiúil na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht do theaghlaigh de gach méid. | Le héifeacht ón gcéad tseachtain i mí Eanáir. | Thart ar 46,000 faighteoir na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht reatha. Ina theannta sin, beidh níos mó teaghlach incháilithe don íocaíocht mar thoradh ar an méadú seo. |
Beidh méadú €20 ar ráta an Liúntais Chúraim Baile go €360 in aghaidh na míosa. | Le héifeacht ón 1 Eanáir 2025. | 67,000 leanbh. |