English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tacaíocht leanúnach á tabhairt ag anAire Calleary faoin Scéim um Chúnamh Daonnúil mar fhreagra ar Stoirm Éowyn

Tá cur síos déanta ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, ar an tacaíocht riachtanach atá ar fáil faoin Scéim um Chúnamh Daonnúil dóibh siúd atá thíos le hiarmhairtí Stoirm Éowyn fós.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Ar an drochuair, tá roinnt daoine fós gan chumhacht agus uisce i ndiaidh Stoirm Éowyn. Tá mo Roinnse ag tacú leo siúd is mó atá buailte le cabhair dhaonnúil ríthábhachtach chun cabhrú le bia, teas agus lóistín a chur ar fáil dóibh.”

Tá tacaíocht ar fáil i dtrí chéim.

Céim 1: Tacaíocht Dhaonnúil Láithreach dóibh siúd gan chumhacht agus/nó uisce

Tá Céim 1 den Scéim Cúnaimh Dhaonnúil ar fáil do dhaoine a dteastaíonn tacaíocht dhaonnúil láithreach uathu agus iad gan chumhacht agus/nó uisce.

Ní dhéantar tástáil ioncaim ar íocaíochtaí faoi Chéim 1 agus go ginearálta baineann siad le bia agus éadaí riachtanacha bunaithe ar riachtanas láithreach daoine aonair atá thíos leis.

Ina theannta sin, tugadh tacaíocht do roinnt daoine i gcúinsí fíordhúshlánacha le costas lóistín mhalartaigh faoi Chéim 1. Léiríonn leibhéal na tacaíochta a chuirtear ar fáil rátaí réasúnta bunaithe ar infhaighteacht costais áitiúil.

Thacaigh an scéim freisin le ceannach earraí riachtanacha amhail téitheoirí gáis, tóirsí, etc. do dhaoine gan chumhacht agus/nó uisce tar éis Stoirm Éowyn.

Gníomhaíocht ar an talamh

Tá Oifigigh Leasa Pobail ag tabhairt cuairt ar dhaoine a ndeachaigh an stoirm i bhfeidhm orthu agus ag soláthar tacaíochta dóibh.

Tá an tseirbhís ag obair go dlúth freisin leis na Grúpaí Comhordaithe Áitiúla in údaráis áitiúla.

Más gá d’aon úinéir tí atá buailte ag drochaimsir rochtain a fháil ar na tacaíochtaí sin, tá sonraí teagmhála na Seirbhíse Leasa Pobail ar fáil anseo: Item was unpublished or removed

Tacaíochtaí Daonnúla: Céim 2 agus 3:

Go ginearálta baineann tacaíocht Chéim 2 le hathsholáthar earraí bána, earraí bunúsacha troscáin agus earraí tí riachtanacha eile tar éis teagmhais drochaimsire.

Is éard atá i gCéim 3 ná an tacaíocht airgeadais níos fadtéarmaí a theastaíonn chun lóistín duine a dhéanamh ináitrithe arís i ndiaidh teagmhais drochaimsire a aithint, agus áirítear leis maoiniú le haghaidh plástrála, tirimlíneáil, athleagan urlár, athshreangú leictreach agus péinteáil.

Tá céimeanna 2 agus 3 de thacaíochtaí daonnúla faoi réir teorainneacha ioncaim: €50,000 do dhuine singil; €90,000 do lánúin agus €15,000 in aghaidh an linbh chleithiúnaigh. Féadfar leibhéal tacaíochta laghduithe nó maolaithe a sholáthar i gcásanna ina bhfuil ioncam teaghlaigh os cionn na dteorainneacha sin. Braitheann leibhéal na híocaíochta ar cé chomh dona is atá an damáiste agus ar chumas duine íoc as na costais sin.

Raon feidhme na Cabhrach Daonnúla

Ní íocann cabhair dhaonnúil as damáiste atá clúdaithe ag beartais árachais (mar shampla, bia reoiteora millte, damáiste stoirme), agus ní chlúdaíonn sé caillteanais tráchtála, talmhaíochta ná gnó.