Tacaíochtaí Leasa Sóisialaigh ar fáil do theaghlaigh a chuireadh as de dheasca na dtuilte throma i gCorcaigh
- Foilsithe: 18 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Nollaig 2020
Beidh baill foirne an Roinn Coimirce Sóisialta ar fáil inniu chun tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh siúd a chuireadh as de dheasca na dtuilte throma i gceanntair áirithe i gCorcaigh. Tá oifigigh Sheirbhís Leasa Pobail na Roinne i dteangmháil le Comhairle Contae Chorcaí agus déanfar measúnú tapa ar leibhéal na seirbhíse a bhfuil á theastáil.
Dúirt an tAire Coimirce Sóisialta, Heather Humphreys TD, go gcinnteoidh an freagra idirghníomhaireachta go gcuirfear tacaíochtaí ar fáil dóibh siúd a chuireadh as chomh tapa agus is féidir. Cuireadh an scéim Cúnaimh Dhaonnúil i Roinn an Aire ag obair cheana féin. De réir mar a thosaíonn an obair ghlantóireachta, cuirfear tacaíochtaí airgeadais ar fáil do na teaghlaigh a chuireadh as.
Is féidir le héinne ar mhaith leo fiosrúcháin a dhéanamh faoi na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh teangmháil a dhéanamh leis an Roinn ar (028) 21047 ón Luain go dtí an Aoine, 9am go dtí 5pm nó tri ríomhphost ag corkswa2020@welfare.ie
Dúirt an t-Aire Humphreys:
"Tá oifigigh mo Roinne ag obair i gcomhair leis na gníomhaireachtaí áitiúla i gCorcaigh chun cabhair a thabhairt do na daoine sin a ndeachaigh na tuilte go trom ar a dtithe. Bhí na hoifigigh i dteangmháil le Comhairle Contae Chorcaí cheana féin agus chuir siad iad féin ar fáil chun tacú leo siúd sna ceantair i gceist.
“Cuireadh an Scéim Cúnaimh Dhaonnúil ag obair cheana féin agus mholfainn do theaghlaigh agus do dhaoine aonair a bhfuil cúnamh de dhíth orthu teangmháil a dhéanamh lena nIonad Intreo áitiúil, áit a bhfuil ár bhfoirne Seirbhíse Leasa Pobail ar fáil chun cabhrú le tacaíocht airgeadais."
CRÍOCH
Nóta d'eagarthóirí:
An Scéim Cúnaimh Dhaonnúil
Sí an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an phríomh-roinn le haghaidh éigeandálaí crua aimsire agus tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) freagrach as gníomhaíochtaí caipitil maidir le faoiseamh tuile. Mar sin féin, tá ról tábhachtach ag an Roinn Coimirce Sóisialta maidir le cabhair a thabhairt do theaghlaigh go díreach tar éis imeachtaí drochaimsire ar nós tuilte faoin scéim cúnaimh dhaonnúil.
Sé aidhm na scéime ná cúnaimh dhaonnúil chun cruatan a chosc trí thacaíocht ioncaim-scrúdaithe airgeadais a chur ar fáil do dhaoine a ndéantar dochar dá dtithe ó dtuilte agus ó eachtraí drochaimsire eile agus nach bhfuil in ann na costais siúd a íoc le haghaidh riachtanas beatha, earraí tí agus, i gcásanna áirithe, deisiú struchtúraigh.
Tar éis eachtra drochaimsire a thárla, coimeádeann baill foirne an tSeirbhís Leasa Pobail sa Roinn súil ar an staid ar an talamh agus téann siad i dteangmháil leis na húdaráis áitiúla ábhartha agus gníomhaireachtaí eile lena chinntiú go gcuirtear tacaíochtaí ar fáil dóibh siúd a chuireadh as chomh tapa agus is féidir. Eisítear íocaíochtaí tacaíochta ioncaim éigeandála chun earraí riachtanacha mar bhia, éadaí agus earraí pearsanta a fháil go tapa díreach tar éis an eachtra. Toisc nach féidir an dochar iomlan a mheas go dtí go dtráigheann na tuillte agus go dtí go dtriomaíonn na tithe, is féidir go dtógfadh sé níos mó ama na tacaíochtaí airgeadais chun earraí bána, earraí bunúsacha troscáin agus earraí tí riachtanacha eile a chur ar fáil. Clúdaíonn an tacaíocht fadtéarmach seo obair riachtanach leasúcháin agus is féidir plástráil, líneáil thirim, athsheoladh urláir, athshreangú leictreach agus péintéireacht a chur san áireamh. D’fhéadfadh go dtógfadh sé roinnt míonna sula mbeidh deireadh leis an gcéim seo den chúnaimh agus na híocaíochtaí deiridh eisithe.
Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)
- Seoladh:
- Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 704 3860;
01 704 3184