Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Dara Calleary an Sprioc Náisiúnta nua maidir le Bochtaineacht Leanaí

Tar éis gur fhaomh an Rialtas inniu í, tá Sprioc Náisiúnta nua maidir le Bochtaineacht Leanaí foilsithe ag an Taoiseach, Micheál Martin TD agus ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary.

I gClár an Rialtais 2025: Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, tá gealltanas chun Sprioc nua maidir le Bochtaineacht Leanaí a shocrú agus bealaí a iniúchadh le níos mó leanaí a thógáil as an mbochtaineacht.

Tá an Sprioc Nua maidir le Bochtaineacht Leanaí socraithe ag 3% nó níos lú (bunaithe ar bhochtaineacht sheasmhach), agus í le bheith bainte amach faoi dheireadh 2030. Tá an sprioc sin an-uaillmhianach agus í ag léiriú laghdú 5.5% ón ráta reatha de bhochtaineacht sheasmhach leanaí.

Cuirfidh an Sprioc maidir le Bochtaineacht Leanaí go mór leis an gcur chuige níos leithne uile-Rialtais i dtreo aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí, lena n-áirítear obair Oifig an Chláir maidir le Bochtaineacht Leanaí agus Dea-bhail Leanaí i Roinn an Taoisigh agus forbairt Treochláir nua um Chuimsiú Sóisialta, a chlúdóidh an tréimhse 2026-2030.

Agus an sprioc á foilsiú aige, dúirt an Taoiseach:

“Tá mar thosaíochtaí lárnacha don Rialtas seo bochtaineacht leanaí a laghdú agus a chinntiú go mbíonn tús maith sa saol ag gach leanbh. Mar sin, tá an-áthas orm inniu an sprioc nua uaillmhianach maidir le bochtaineacht leanaí a fhoilsiú. Sna blianta amach romhainn, treoróidh an sprioc sin ár gcuid beartas trasrialtais, agus cinnteofar léi go mbeidh an infheistíocht dírithe ar na teaghlaigh agus na leanaí is mó a bhfuil gá acu léi.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Calleary inniu:

“Le foilsiú na sprice sin, tarraingítear aird ar ghealltanas an Rialtais chun bochtaineacht leanaí a laghdú agus folláine leanaí a chothú. I gcás leanaí a fhásann suas le bochtaineacht, is mó an seans go mbeidh an bhochtaineacht leo agus iad fásta. Mar an tAire Coimirce Sóisialaí, táim leagtha ar dheireadh a chur le timthriall na bochtaineachta fadsaoil agus idirghlúine.

“Sna Buiséid dheireanacha, leanadh ar aghaidh ag cur tacaí ar fáil do na leanaí is leochailí inár sochaí trí bhearta mar mhéaduithe ar an Íocaíocht Tacaíochta Linbh, tairseacha na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht, leabhair scoile saor in aisce, agus Béilí Scoile Teo a shíneadh amach chuig gach bunscoil. Leis na bearta sin, agus bearta i mbuiséid amach anseo, cuirtear go mór leis an sprioc atá socraithe a bhaint amach.”

Nóta d’Eagarthóirí

Mar gheall ar nádúr ilghnéitheach na bochtaineachta leanaí, tá bearta spriocdhírithe ioncaim agus bearta neamh-ioncaim, mar thithíocht, oideachas, cúram leanaí agus seirbhísí sláinte, ríthábhachtach chun bochtaineacht leanaí a laghdú, chomh maith le fostaíocht ardchaighdeáin agus inbhuanaithe a chur ar fáil.

Léireofar é sin i nDeais Táscairí a úsáidfear i dteannta leis an Sprioc nua maidir le Bochtaineacht Leanaí. Rinneadh an Deais a thiomsú in Oifig an Chláir maidir le Bochtaineacht Leanaí agus Dea-bhail Leanaí i Roinn an Taoisigh. Ceadaítear léi dearcadh níos iomlánaíche i dtreo bochtaineacht leanaí, agus tacaítear le léirmhíniú ar an sprioc fhoriomlán maidir le bochtaineacht leanaí, agus dul chun cinn maidir le príomh-mhéadrachtaí á rianú ag an am céanna.

Agus na luaineachtaí móra ar bhochtaineacht leanaí le blianta beaga anuas á gcur san áireamh, cuimsítear sa Deais Táscairí meán rollach de bhochtaineacht sheasmhach leanaí thar thréimhse 3 bliana. Tá buntáiste ag gabháil leis sin sa mhéid is go ndírítear ar threochtaí sa bhochtaineacht leanaí i gcaitheamh na tréimhse, agus chabhródh sé le luaineacht thobann mhór ar bith in aon bhliain amháin a mhaolú.

Tabharfar tuairisc ar dhul chun cinn i dtreo na Sprice sa straitéis a thiocfaidh i ndiaidh an Treochláir um Chuimsiú Sóisialta atá le bheith tugtha chun críche sa chéad leath de 2026, agus cuimseofar leis béim faoi leith ar dhul i ngleic le bochtaineacht leanaí agus í a laghdú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat