English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Teacht ar Shochar Breoiteachta Breisithe COVID-19 agus Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime do dhaoine i Soláthar Díreach

Is féidir le hoibrí ar bith (neamhnáisiúnaigh san áireamh) Sochar Breoiteachta Breisithe a fháil ón gcéad lá más gá dóibh féinaonrú a dhéanamh

Thug an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D., le fios inniu d’oibrithe ar diagnóisíodh go bhfuil COVID-19 orthu, nó ar dheimhnigh dochtúir leighis gur cheart dóibh féinaonrú a dhéanamh mar gheall go bhféadfadh go bhfuil COVID-19 orthu, go bhfuil íocaíocht Sochar Breoiteachta Breisithe a Roinne ar fáil dóibh.

Tá gach fostaí (seachas roinnt fostaithe san earnáil phoiblí a íocann ráta mionathraithe d’árachas sóisialach) agus daoine féinfhostaithe, neamhnáisiúnaigh agus daoine a chónaíonn i Soláthar Díreach san áireamh, i dteideal íocaíocht speisialta Sochar Breoiteachta COVID-19 a fháil.

Thug an rialtas cead ní ba luaithe an tseachtain seo don Aire Humphreys chun fad na scéime Sochar Breoiteachta Breisithe a shíneadh go dtí an 31 Márta an bhliain seo chugainn.

Chun an íocaíocht seo a fháil, caithfidh fostaí na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • caithfidh gur dhiagnóisigh lia-chleachtóir cláraithe go bhfuil ionfhabhtú COVID-19 orthu nó, caithfidh gur dheimhnigh lia-chleachtóir cláraithe dóibh chun féinaonrú a dhéanamh
  • caithfidh siad a bheith idir 18 agus 66 bliain d’aois
  • caithfidh siad a bheith fostaithe nó féinfhostaithe agus caithfidh go raibh siad ag oibriú sna ceithre seachtaine díreach roimh a ‘dáta deimhnithe dearbhaithe’
  • caithfidh conradh fostaíochta a bheith acu (más fostaí iad)
  • caithfidh gur íoc siad ranníocaíocht árachais shóisialaigh cháilitheach amháin, ar a laghad, sna 4 seachtaine díreach sular éiligh siad an íocaíocht

Conas iarratas a dhéanamh:

Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh ná ar líne ag MyWelfare.ie. Tá foirmeacha iarratais ar fáil, chomh maith, ón roinn trí theagmháil a dhéanamh linn ar (01) 704 3300.

Ní chuirtear aon laethanta feithimh i bhfeidhm ar éilimh COVID-19, a chiallaíonn go dtosaítear an íocaíocht ar an gcéad lá a bhíonn deimhniú leighis faighte ag an duine a thugann le fios nár cheart dóibh freastal ar an obair. Faoi ghnáthchúinsí, ní íoctar daoine a éilíonn Sochar Breoiteachta do na chéad 6 lá dá n-éileamh. Baineadh an riachtanas seo i gcás Sochar Breoiteachta Breisithe.

Tástáil:

Má cheapann tú go mb’fhéidir go bhfuil COVID-19 ort agus más gá duit glao ar do DG - íocann FSS as na comhairliúcháin seo a bhaineann le COVID-19 agus as gach atreorú a dhéantar le haghaidh tástála agus tá siad saor in aisce dá bharr. Tá an tástáil saor in aisce freisin.

Íocaíocht:

Is é an ráta pearsanta íocaíochta €350, i gcomparáid leis an ngnáthráta Sochar Breoiteachta €203 sa tseachtain.

Íoctar Sochar Breoiteachta Breisithe:

  • ar feadh dhá sheachtain nuair a bhíonn deimhniú leighis ag duine chun féinaonrú a dhéanamh, agus
  • ar feadh deich seachtaine, ar a fhaide, nuair a bhíonn deimhniú leighis faighte ag duine gur diagnóisíodh go bhfuil COVID-19 orthu

Dúirt an tAire Humphreys:

“Is iomaí dúshlán a chuir COVID-19 roimh gach duine, teaghlach agus ionad oibre ar fud an Stáit. Ba mhaith liom a dhearbhú do dhaoine inniu go bhfuil Sochar Breoiteachta Breisithe ar fáil do dhaoine ar gá dóibh an íocaíocht seo a éileamh. Ba mhaith liom a chinntiú, ach go háirithe, go bhfuil neamhnáisiúnaigh agus daoine a chónaíonn i Soláthar Díreach go hiomlán ar an eolas ar an íocaíocht seo agus ar conas ba cheart dóibh í a éileamh.

“D’iarr mé ar na hoifigigh i mo roinn chun oibriú lena gcomhghleacaithe sa Roinn Dlí agus Cirt lena chinntiú go gcuirtear an t-eolas seo ar fáil do gach Ionad Soláthair Dhírigh agus go gcuirtear in iúl é do gach duine a chónaíonn sna hionaid gan mhoill.

“Sa chás go mbíonn buairt ar dhuine, is féidir leo teagmháil a dhéanamh le Rannóg Sochar Breoiteachta na Roinne go díreach agus labhairt le hoifigigh a chuirfidh ar an eolas iad ar conas an íocaíocht a éileamh agus a fhreagróidh aon cheisteanna a bhíonn acu."

Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime

Leag an an tAire béim freisin air gur féidir le fostaithe ar neamhnáisiúnaigh agus fostaithe iad a chónaíonn in Ionaid Soláthair Dhírigh, má dhéantar iad a leagan as go sealadach gan phá, mar gheall ar COVID-19, Íocaíocht speisialta Dífhostaíochta na Paindéime a éileamh freisin agus go n-íocfar an íocaíocht seo le héifeacht ón uair a leagadh as go sealadach iad:

“Is mian liom a chinntiú gur féidir le gach oibrí ar cuireadh a bhfostaíocht ar fionraí mar gheall nach raibh an dara rogha ag gnólacht ach dúnadh mar thoradh ar COVID-19, teacht ar na tacaíochtaí ioncaim riachtanacha. Áirítear leis seo oibrithe a chónaíonn in Ionaid Soláthair Dhírigh. Leanfaidh formhór na bhfostóirí le hoibrithe a íoc faoi na cúinsí seo agus úsáid á baint as an Scéim Fóirdheontas Pá Shealadach, ach nuair nach féidir le fostóir leanúint leis an oibrí a íoc go díreach, ba cheart don oibrí sin Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a éileamh.”

Is é an bealach is fusa do dhaoine iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar líne ag MyWelfare.ie. Nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh, ba cheart do dhaoine ainm a bhfostóra agus sonraí faoina lá deireanach fostaíochta a sholáthar.

Dúirt an tAire mar fhocal scoir:

”Is í an phríomhtheachtaireacht ná gur cheart d’aon oibrí, a neamhnáisiúnaigh nó a duine a chónaíonn in Ionad Soláthair Dhírigh san áireamh, a bhfuil deimhniú leighis acu a mholann dóibh fanacht amach ón obair agus féinaonrú a dhéanamh, Sochar Breoiteachta Breisithe a éileamh láithreach agus bheith sábháilte. Má dhúntar gnólacht a bhfostóra go sealadach mar gheall ar COVID-19 ach mura gá dóibh féin féinaonrú a dhéanamh, ba cheart dóibh Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a éileamh, mura leanann a bhfostóir le hiad a íoc."

CRÍOCH