English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Thacaigh Abhaile le breis is 30,000 duine le riaráistí morgáiste

D’fhoilsigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee TD, Tuarascáil Bhliantúil 2023 Abhaile inniu – an tSeirbhís Náisiúnta Réitigh Riaráistí Morgáiste.

Léiríonn an tuarascáil seo an chaoi ar thacaigh Abhaile le breis agus 30,000 iasachtóir ó bunaíodh é in 2016, ag aimsiú réiteach do bhreis agus trian de na daoine sin, agus ag cuidiú le beagnach leath acu réiteach a chur i bhfeidhm.

Soláthraíonn Abhaile comhairle airgeadais agus dlí saor in aisce d’iasachtaithe agus tacaíonn sé leo réitigh a chur i bhfeidhm ar a riaráistí morgáiste a choinneoidh ina dtithe iad.

Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Roinn Dlí agus Cirt comhordú agus maoiniú ar Abhaile. Tá baint ag raon eagraíochtaí le seachadadh Abhaile lena n-áirítear an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (lena n-áirítear an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid), an tSeirbhís Dócmhainneachta, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil agus an tSeirbhís Chúirteanna.

In 2023, bunaithe ar mholtaí ó athbhreithniú seachtrach, agus riachtanas leanúnach don tseirbhís, chuir Rialtas na hÉireann síneadh leis an tseirbhís Abhaile go dtí deireadh 2027, ag cinntiú go leanfar leis na seirbhísí ríthábhachtacha seo ar fud na hÉireann.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Léiríonn an Tuarascáil seo tionchar na seirbhíse Abhaile agus an méid a chuireann foireann thiomanta na n-eagraíochtaí a chuireann na seirbhísí tábhachtacha seo ar fáil, ó lá go lá. Trí aontú síneadh a chur le Abhaile anuraidh go dtí deireadh 2027, chinntigh an Rialtas go mbeidh an tseirbhís thábhachtach seo fós ar fáil dóibh siúd a bhfuil sí de dhíth orthu. Mholfainn d’aon duine a bhfuil deacrachtaí morgáiste acu dul i dteagmháil le hAbhaile, trí SBCA, a chabhróidh leat teacht ar réiteach.”

Agus í ag cur fáilte roimh an Tuarascáil, dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee:

“Léiríonn tuarascáil bhliantúil Abhaile go leanann an tseirbhís de bheith ina lámh tharrthála ríthábhachtach d'iasachtaithe atá i bponc.

“Is sampla ríthábhachtach é de thiomantas leanúnach an Rialtais oibriú le daoine a bhfuil deacrachtaí morgáiste acu chun cabhrú leo fanacht ina dtithe.

“Chomh maith le hAbhaile, tá roinnt cosaintí curtha i bhfeidhm ag an Rialtas dóibh siúd atá i mbaol a dtithe a chailleadh mar gheall ar riaráistí morgáiste.

“Áirítear orthu sin tabhairt isteach na nAchtanna um Dhócmhainneacht Phearsanta agus an Achta um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha (Leasú) 2019, chomh maith le bunú Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann.

“Mholfainn d’aon duine a bhfuil deacrachtaí acu le riaráistí morgáiste dul i dteagmháil chun cabhair a fháil agus leas a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil.”


Nótaí d'Eagarthóirí

  • Abhaile – déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Roinn Dlí agus Cirt maoirsiú agus maoiniú ar an tSeirbhís Náisiúnta Réitigh Riaráistí Morgáiste.
  • Soláthraíonn an tseirbhís comhairle airgeadais agus dlí saor in aisce d’iasachtaithe agus tá sé mar aidhm aici réitigh a chur i bhfeidhm ar a gcuid riaráistí a choinneoidh ina dtithe iad.
  • Ó bunaíodh é in 2016 go dtí deireadh 2023, thug Abhaile cúnamh do níos mó ná 28,800 iasachtóir agus 24,000 teaghlach. As na daoine seo, bhí réiteach i bhfeidhm ag 35% nó ar a thriail, agus bhí beagnach 45% ag dul ar aghaidh chuig réiteach. In 2024, thacaigh an tseirbhís Abhaile le 1,400 iasachtóir ar a laghad ó mhí Eanáir go deireadh mhí Mheán Fómhair.
  • In 2023, fuair breis agus 3,000 iasachtóir, ó bhreis is 2,400 teaghlach, comhairle agus tacaíocht ó Abhaile. As na daoine seo, bhí réiteach nó réiteach trialach ag beagnach leath díobh, agus bhí gar do 30% ag dul ar aghaidh chuig réiteach.
  • Cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar riaráistí morgáiste, ag deireadh 2023, bhí os cionn 16,550 cuntas i riaráistí ar feadh níos mó ná dhá bhliain, an spriocghrúpa do Abhaile. Bhí níos mó ná leath díobh seo i riaráistí ar feadh níos mó ná cúig bliana.
  • Tá eolas ar Abhaile ar fáil ag https://www.mabs.ie/en/abhaile/.