Thug na hAirí, Dara Calleary agus Jennifer Murnane, cuairt ar Imeacht Oibre agus Scileanna Cheatharlach
- Foilsithe: 3 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Thug an tAire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary TD, cuairt ar imeacht earcaíochta agus traenála le haghaidh Oibre agus Scileanna Intreo inniu, atá ar siúl in Óstán na Seacht nDair, Ceatharlach.
Chuaigh Jennifer Murnane O’Connor TD, an tAire Stáit ag an Roinn Sláinte, ar an gcuairt in éineacht leis an Aire Calleary.
Bhuail na hAirí le fostóirí, soláthraithe oideachais agus cuairteoirí ag ócáid an Roinn Choimirce Sóisialaí mar chuid dá tionscnamh náisiúnta d’Obair agus Scileanna Intreo.
Thug na hAirí cuairt ar bhaill foirne in Oifig Intreo na Roinne Coimirce Sóisialaí ar Ascaill Kennedy i gCeatharlach cheanna féin.
Agus é ag trácht ar an gcuairt chuig Ceatharlach, dúirt an tAire Calleary:
“Bhí lúcháir orm cuairt a thabhairt ar an ócáid in Óstán Seven Oaks le mo chomhghleacaí, an tAire Murnane O’Connor, agus atmaisféar chomh dearfach sin a fheiceáil i rith an lae.
B’iontach neart daoine a fheiceáil dul i gcomhar go gníomhach leis na fostóirí agus na hoiliúnóirí. Bíodh gur deis thar a bheith luachmhar é labhairt go díreach le fostóirí faoi na poist atá ar fáil, beidh an chomhairle ó sholáthraithe oiliúna ina chuidiú leo an chéad chéim eile a thógáil ina ngairmeacha beatha."
“B’iontach dom bualadh leis an bhfoireann ó mo Roinn féin ag Ionad Intreo Ceatharlach agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo dá dtiomnú agus dá dtacaíocht leanúnach."
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Pictiúir de chuairt na n-Airí chuig Ceatharlach, seolta ar leithligh ag Maxwell Photography.
Is é Intreo seirbhís fostaíochta poiblí Rialtas na hÉireann, a sheachadann an Roinn Coimirce Sóisialaí mar phointe aonair teagmhála do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim. Soláthraíonn sé seirbhísí agus tacaí fostaíochta praiticiúla, saincheaptha do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon.
Tugann imeachtaí Oibre agus Scileanna Intreo deis do chuardaitheoirí poist nascadh le fostóirí atá ag earcú go gníomhach. Is féidir le cuardaitheoirí poist freisin foghlaim faoi na roghanna oiliúna atá ar fáil, agus leas a bhaint as comhairle maidir le cuardach poist chun cabhrú leo an chéad chéim eile a ghlacadh ina ngairm bheatha.
I measc na bhfostóirí a bheidh ag freastal ar Imeacht Oibre agus Scileanna Ceatharlach, tá Veolia Ireland Teo, NUA Manufacturing, Murray Timber Group, Óstán Woodford Dolmen, Óglaigh na hÉireann, agus go leor eile. I measc cuid de na róil atá ar fáil tá poist san fháilteachas, sa mhiondíol agus san fhoirgníocht, chomh maith le deiseanna do theicneoirí meicniúla agus leictreacha, innealtóirí meicniúla agus dearaidh, rialaitheoirí cáilíochta, agus oibritheoirí.
D’fhreastail roinnt soláthraithe oideachais ar an imeacht chun comhairle a thabhairt ar roghanna scilbhisithe agus atraenála.