English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an Roinn Coimirce Sóisialaí foláireamh don phobal faoi chamscéimeanna sofaisticiúla phiascaireachta

Tháinig an Roinn Coimirce Sóisialaí ar an eolas go bhfuair roinnt daoine teachtaireachtaí téacs ar a gcuid fón póca ó uimhir anaithnid a bhí ag maíomh gurbh ón Roinn iad. Moladh cliceáil ar an nasc ghréasáin sna teachtaireachtaí. Cruthaíodh na naisc seo chun chun breathnú cosúil le seoltaí gréasáin dáiríre suíomhanna na Roinne.

Nuair a chliceáiltear ar an nasc sna teachtaireachtaí seo, tugtar an úsáideoir chuig láithreán a breathnaíonn díreach cosúil le láithreáin ghréasáin MyWelfare nó MyGovID na Roinne. Iarrtar ansin air a Ainm, a UPSP agus a Chuntas Bainc a líonadh isteach.

Is camscéimeanna sofaisticiúla iad seo. Molaimid ar ár gcustaiméirí aire a thabhairt agus a n-éilimh á bhainistiú acu ar líne agus á chinntiú go bhfuil siad ar shuíomh gréasáin oifigiúil na Roinne.

Siad na seolta gréasáin oifigiúla na seirbhísí MyWelfare.ie agus MyGovID services ná:

Iarrann an Roinn ar a custaiméirí agus ar an bpobal i gcoitinne a bheith ar aire breise agus gan ach ceann amháin de na hURLanna thuas a úsáid agus iad ag gabháil isteach sna láithreáin ghréasáin MyWelfare nó MyGovID.

Ná freagair nó ná cliceáil ar aon nasc a bhfuil cuma amhrasach air, nó muna ceann de na nascanna thuasluaite é.

Cuireann an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialai in iúl go rí-shoiléir nach n-iarrtar sonraí cuntas bainc nó institiúid airgeadais eile RIAMH ó aon chustaiméir ar bith trí SMS nó ar na meáin shóisialta. Chomh maith le sin, ní dhéantar a leithéid faisnéise a sheiceáil nó a shoiléiriú RIAMH thar an bhfón.

Ba mhaith leis an Roinn a chinntiú go bhfuil ár gcustaiméirí agus ag an bpobal ar an eolas faoin ngníomhaíocht camscéime seo agus go gcoimeádann siad a gcuid sonraí bainc agus cuntas airgeadais eile sábháilte.

Glacann an Roinn go han-dáiríre le aon suíomh phiascaireachta a chuirtear in iúl di agus déanann sí gach iarracht na suíomhanna seo a bhaint as chomh tapa agus is féidir.

Ba chóir d'éinne, a cheapann go bhfuil sé tar éis eolas pearsanta a chur ar fáil mar fhreagra ar theachtaireachtaí téacs calaoiseacha seo, teangmháil láithreach a dhéanamh lena bhanc.

CRÍOCH

Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)

Seoladh:
Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

press.office@welfare.ie

Teileafón:
01 704 3860;
01 704 3184
Léarscáil:
Féach ar an suíomh Press office ga ar an léarscáil