Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire Humphreys na sonraí íocaíochta le haghaidh na Tacaíochta don Chostas Maireachtála €200

  • íocaíochtaí de €260 milliún san iomlán le híoc an tseachtain seo
  • rachaidh sé chun tairbhe 1.3 milliún duine, ár bpinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh i bhfostaíocht san áireamh
  • gheobhaidh faighteoirí €200 sa bhreis ar a ngnáthíocaíocht sheachtainiúil
  • tá 158,000 duine faoi mhíchumas leis an íocaíocht €200 a fháil ar an gCéadaoin
  • tá 53,500 Cúramóir agus beagnach 40,000 teaghlach a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht lena n-íocaíocht chnapshuime a fháil ar an Déardaoin
  • tá beagnach 611,000 pinsinéir lena n-íocaíocht €200 a fháil ar an Aoine
  • tá an €100 sa bhreis in aghaidh an linbh do theaghlaigh a fhaigheann Sochar Linbh le híoc i mí an Mheithimh

Thug an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys na sonraí íocaíochta le haghaidh na Tacaíochta don Chostas Maireachtála €200 a íocfar le 1.3 milliún duine an tseachtain seo.

Déanfar íocaíocht de €260 milliún san iomlán le grúpaí amhail pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas, tuismitheoirí aonair agus teaghlaigh i bhfostaíocht.

Gheobhaidh faighteoirí €200 sa bhreis ar a ngnáthíocaíocht sheachtainiúil.

Dé Céadaoin, gheobhaidh thart ar 158,000 duine a fhaigheann an Liúntas Míchumais íocaíocht €200.

Idir an dá linn, déanfar íocaíocht €200 leo siúd a fhaigheann Liúntas do Chúramóirí agus Sochar Cúramóra ar an Déardaoin. Gheobhaidh beagnach 40,000 teaghlach a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht cnapshuim €200 ar an lá céanna.

Agus Dé hAoine, gheobhaidh beagnach 611,000 pinsinéir a fhaigheann an Pinsean Stáit (Ranníocach agus Neamhranníocach) cnapshuim €200 sa bhreis ar a ngnáthíocaíocht pinsin.

Tá an íocaíocht Costais Maireachtála seo mar chuid de phacáiste beart a d’aimsigh an tAire Humphreys i mí Feabhra agus tá sí sa bhreis ar an €2.2 billiún de thacaíochtaí a cuireadh ar fáil i mBuiséad 2023.

Tá dátaí na n-íocaíochtaí agus líon fhaighteoirí gach scéime leagtha amach sa tábla seo a leanas.

Scéim Faighteoirí measta Dáta íocaíochta
Pinsean Stáit Neamhranníocach 98,000 Aoine, 28 Aibreán
Liúntas Cuardaitheora Poist 60,000 Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir)
Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora 41,000 Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir)
Pinsean Neamhranníocach Baintrí/Baintrí Fir 1,000 Aoine, 28 Aibreán
Liúntas Leasa Forlíontach 3,100 Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir)
Liúntas Costais Laethúla 3,000 Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir)
Cúnamh Feirme 4,500 Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir)
Fostaíocht Pobail 18,600 Céadaoin go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir)
Scéim Sóisialta Tuaithe 2,800 Déardaoin, 27 Aibreán
Tionscnamh Poist 6,200 Céadaoin go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir)
Tús 5,000 Déardaoin, 27 Aibreán
Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar an Obair 2,300 Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir)
An Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas 3,600 Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir)
An Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair 2,900 Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir)
Liúntas Míchumais 158,000 Céadaoin, 26 Aibreán
Pinsean na nDall 1,000 Aoine, 28 Aibreán
Liúntas do Chúramóirí 50,000 Déardaoin, 27 Aibreán
Liúntas Cúram Baile 50,000 Máirt, 25 Aibreán
Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht 39,000 Déardaoin, 27 Aibreán
Sochar Breoiteachta (>12 mhí) 17,000 Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir)
Sochar Cuardaitheora Poist (>12 mhí) 15,000 Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir)
Sochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe 1,000 Luan go hAoine (athraíonn lá na híocaíochta ag brath ar an bhfaighteoir)
Pinsean Stáit (Ranníocach) 512,600 Aoine, 28 Aibreán
Pinsean Baintrí Marthanaí, Baintrí Fir Marthanaí nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) 124,800 Aoine, 28 Aibreán
Sochar Báis um Dhíobhálacha Ceirde 700 Aoine, 28 Aibreán
Sochar Banchéile Thréigthe 4,400 Déardaoin, 27 Aibreán
Sochar Cumais Pháirtigh 3,100 Déardaoin, 27 Aibreán
Pinsean Easláine 56,700 Déardaoin, 27 Aibreán
Sochar Míthreorach 13,800 Aoine, 28 Aibreán
Sochar Cúramóra 3,500 Déardaoin, 27 Aibreán
Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) 1,100 Aoine, 28 Aibreán

Agus na sonraí íocaíochta á bhfógairt aici inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Táim sásta inniu sonraí íocaíochta a thabhairt le haghaidh na Tacaíochta don Chostas Maireachtála €200, a íocfar i gcaitheamh na seachtaine seo chugainn.

“Déanfar an íocaíocht chnapshuime seo le 1.3 milliún duine, ár bpinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus tuismitheoirí aonair san áireamh.

“Tá áthas ar leith orm an íocaíocht seo a leathnú chuig teaghlaigh a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht.

“Ag teacht sna sála ar an gcnapshuim €200 seo do na grúpaí is leochailí atá againn, beidh €100 in aghaidh an linbh sa bhreis i mí an Mheithimh ag dul do dhaoine a fhaigheann Sochar Linbh.

“Gheobhaidh tuismitheoirí a fhaigheann an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua €100 sa bhreis do gach leanbh an samhradh seo freisin.

“Léiríonn an pacáiste beart seo, chomh maith leis an €2.2 billiún de thacaíochtaí a fuarthas mar chuid de Bhuiséad 2023, ár dtiomantas leanúnach chun tacaíocht a thabhairt dár saoránaigh agus teaghlaigh agus iad aghaidh á thabhairt acu ar an mbrú leanúnach ó Chostais Mhaireachtála

Nótaí

I mí Feabhra, d'fhógair an Rialtas pacáiste costais mhaireachtála nua €1.2 billiún a thugann tús áit do thacaíocht do na daoine is leochailí. Tá an íocaíocht chnapshuime €200 seo mar chuid de na bearta Coimirce Sóisialaí ar fiú €410 milliún iad, lena n-áirítear freisin an méid seo a leanas:

  • gheobhaidh daoine a fhaigheann Sochar Linbh cnapshuim €100 in aghaidh an linbh sa bhreis i mí an Mheithimh
  • íocfar íocaíocht bhreise €100 freisin i mbliana do gach leanbh a n-íoctar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ina leith

Déanfar íocaíocht chnapshuime €200 i mí Aibreáin le daoine a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh fadtéarmacha á bhfáil acu.

Íocfar í seo le príomhfhaighteoirí na n-íocaíochtaí a fhaigheann Bónas na Nollag. Íocfar í freisin le daoine a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht agus nach bhfuil an chnapshuim ar a bpríomhíocaíocht faighte acu. Gheobhaidh daoine aonair incháilithe íocaíocht chnapshuime amháin, is cuma cé mhéad íocaíocht leasa shóisialaigh cáilithe atá á bhfáil acu.