Uasdátú ar Íocaíochtaí a Bhronntar don Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime Covid-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe
- Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime faighte ag 217,142 daoine an tseachtain seo.
€61.9 milliúin in íocaíochtaí IDP le híoc amárach.
Meabhrú tugtha ag an Aire go bhfuil IDP oscailte d’iarrthóirí nua go fóill
Inniu d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí dar luach €61.9 milliúin ar 217,142 duine i bhfoirm Íocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime Covid-19 (IDP).
Méadú 10,801 duine is ea sin, i gcomparáid leis an 206,341 duine a íocadh an tseachtain seo chaite.
Le seacht lá anuas, chuir 8,690 duine deireadh lena n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime As na daoine sin, tá sé tuairiscithe ag 6,309 acu go mbeidh siad ag filleadh ar an obair. Beidh a n-íocaíocht deireanach á fháil ag 4,953 duine amárach, an 29 Meán Fómhair.
Chuir níos mó ná 19,000 duine isteach ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime le seacht lá anuas, rud a léiríonn go páirteach, ach ní go hiomlán, an tionchar a bhí ag an gcinneadh srianta Leibhéal 3 a chur i bhfeidhm i roinnt ceantair.
I mBaile Átha Cliath a bhí an t-athrú is mó, d’ardaigh an líon íocaíochtaí IDP go 85,892, méadú 10,000 ón tseachtain seo chaite. Táthar ag súil le tuilleadh arduithe i gceantair ina mbeidh srianta Leibhéal 3 nó níos airde i bhfeidhm.
Ní léiríodh an tionchar a d’imir srianta Leibhéal 3 i nDún na nGall i bhfigiúirí na seachtaine seo. Táthar ag súil leis go léireofar an tionchar sin i bhfigiúirí IDP na seachtaine seo chugainn.
Is é Seirbhísí Cóiríochta agus Bia an earnáil ina raibh an líon is mó daoine ag déanamh éileamh ar íocaíochtaí IDP an tseachtain seo, agus beagnach 7,000 duine bhreise ag déanamh iarratais ar IDP ón tseachtain seo chaite. Is iad Oideachas agus Riarachán Poiblí agus Cosaint na haon earnálacha ina raibh laghdú beag sa líon íocaíochtaí IDP an tseachtain seo.
Tá na figiúirí sin i dteanna fhigiúirí na ndaoine a dtuairiscíodh ar an mBeo-Chlár ag deireadh mhí Lúnasa. Beidh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime Covid-19 atá le heisiúint le fáil i gcuntais bainc na bhfaighteoirí nó ag oifig an phoist áitiúil amárach, Dé Máirt, an 29 Meán Fómhair.
Is é an bealach is éasca clárú d’Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ná ar line ag MyWelfare.ie. Agus daoine ag clárú, ní mór dóibh ainm a bhfostóra a thabhairt agus na sonraí maidir leis an lá deireanach a raibh siad ag an obair.
Ag tagairt do na sonraí a foilsíodh inniu, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D.:
“Agus srianta níos déine á gcur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath, ní haon ionadh é go bhfuil méadú ag teacht ar an líon daoine atá ag cur isteach ar íocaíocht IDP.
“Bhí sé mar aidhm ag an Rialtas deimhin a dhéanamh de go bhfanfadh an líontán sábhála seo i bhfeidhm i gcás ina gcuirfí srianta breise i bhfeidhm i gcontaetha áirithe.
“Ar an mbonn sin a rinneadh an cinneadh síneadh ama a chur leis an íocaíocht IDP go dtí an bhliain seo chugainn, agus níos tábhachtaí, go mbeadh iarrthóirí nua in ann chur isteach air.”
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Is meabhrú iad na staitisticí seo dúinn go léir nach féidir linn a bheith réchúiseach. Ní mór dúinn a bheith ar ár n-airdeall go fóill.
“Tá an cúpla seachtain amach romhainn ríthábhachtach. Má leanann daoine comhairle NPHET, trí a dteagmháil le daoine eile a laghdú agus scaradh sóisialta a leanadh, féadfaimid srian a chur ar an víreas seo, poist a chosaint agus, níos tábhachtaí ná aon rud eile, beatha a shábháil.”
Daoine ag filleadh ar an obair
Le seachtain anuas, chuir 8,690 duine deireadh lena n-éilimh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, agus d’fhógair 6,309 acu siúd go raibh siad ag filleadh ar an obair. Ós go rud é go n-íoctar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime mar riaráistí, tá moille seachtaine sa bhealach ina léirítear cealuithe, mar gheall ar daoine ag filleadh ar an obair nó daoine a dhéanann iarratais nua ar IDP, sna sonraí íocaíochta.
Ba é Seirbhísí Cóiríochta agus Bia an earnáil ina raibh an líon is mó daoine ag filleadh ar an obair an tseachtain seo, agus ina dhiaidh sin Trádáil Mórdhíola agus Miondíola, Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair, agus an earnáil Oideachais. Leagtar amach miondealú iomlán ar na ranna uile sa réimse seo i bhFoscríbhinn 7 thíos.
Ag breathnú ar an bpróifíl aoise, bhí an líon is mó daoine ag filleadh ar an obair ón aoisghrúpa 35-44 bliana d’aois, agus ina dhiaidh sin an san aoisghrúpa 45-54 bliana d’aois. Tá sonraí iomlána ar fáil i bhFoscríbhinn 8.
Meabhraíonn an Roinn le fostaithe atá ag filleadh ar an obair nach mór dóibh deireadh a chur lena n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaithe na Paindéime (IDP).
Chun deimhin a dhéanamh de go bpróiseálfar a n-iarratas i gceart, ní mór d’fhostaithe atá ag filleadh ar an obair deireadh a chur lena n-éileamh ar an íocaíocht IDP ar an lá ar a mbeidh siad ag filleadh ar an obair.
Is é an bealach is éasca deireadh a chur le héileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime ná ar line ag MyWelfare.ie. Is féidir le haon fhostaí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil ceist acu maidir le deireadh a chur leis an éileamh teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach thiomanta na Roinne ag 1890 800 024 (Luan go hAoine ó 9.00r.n. go 5.00i.n.).
Tacaíochtaí fostaíochta do dhaoine atá ag filleadh ar an obair
Má chomhlíonann siad na critéir incháilitheachta iomchuí, is féidir le fostaithe éileamh a dhéanamh ar íocaíochtaí sealadacha (i.e. páirtaimseartha) cuardaitheora poist nó íocaíochtaí Tacaíochta Oibre Ghearrthréimhse le haghaidh laethanta ar a mbeidh siad dífhostaithe, fiú i gcás ina mbeidh a bhfostóirí ag déanamh éilimh ar an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta le haghaidh laethanta ar a bhfuil siad fostaithe. Beidh feidhm ag na gnáthrialacha agus próiseas iarratais le haghaidh íocaíochtaí sealadacha cuardaitheora poist agus Tacaíocht Oibre Ghearrthréimhse, lena n-áirítear comhlánú na bhfoirmeacha iomchuí ag an bhfostóir chun na laethanta fostaithe agus dífhostaithe a dheimhniú.
Earnálacha atá dúnta go fóill
I gcás, mar thoradh ar na srianta reatha, nach bhfuil fostóir tar éis an obair a atosú go fóill nó ina bhfuil earnáil dúnta go fóill, nó ina raibh gá gnó a dhúnadh go sealadach arís, leanfaidh an Roinn de thacaíocht a thabhairt do na fostaithe lena mbaineann leis an íocaíocht IDP. Is féidir iarratas nua a dhéanamh ar íocaíocht IDP go dtí deireadh na bliana.
Fostaíocht ócáideach
I dtuairim na Roinne, is éard atá san fhostaíocht ócáideach ná ócáidí aon uaire, neamhrialta, annamha nó scoite agus éagsúlacht shoiléir eatarthu agus an patrún fostaíochta a bhí ann cheana. I gcás ina mbeidh amhras ar aon duine, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an Roinn go díreach chun a n-éileamh a phlé.
Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil
Meabhraítear do thuismitheoirí agus caomhnóirí go bhfuil Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil na Roinne ar fáil go fóill chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil le haghaidh na costais a bhaineann le dul ar ais ar scoil. Tá síneadh curtha leis an íocaíocht seo ag an Aire Humphreys, ar íocaíocht í a dhéantar tástáil acmhainne i dtaca léi, chun go gclúdóidh sé tuismitheoirí agus caomhnóirí atá ag fáil Íocaíocht Dífhostaithe na Paindéime. Is féidir le teaghlaigh ar mhian leo cur isteach ar an liúntas iarratas a dhéanamh ag MyWelfare.ie. Seo é an bealach is tapúla agus is simplí iarratas a dhéanamh. Ba cheart iarratas a chur isteach roimh an 30 Meán Fómhair.
Faoin Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil, íoctar €150 do gach páiste incháilithe idir 1 - 11 bhliain d’aois ar nó roimh an 30 Meán Fómhair 2020, agus íoctar €275 do gach páiste incháilithe idir 12 - 22 bhliain d’aois ar nó roimh an 30 Meán Fómhair 2020. Ní mór go mbeidh daltaí idir 18 agus 22 bhliain d’aois ag filleadh ar oideachas dara-leibhéal lánaimseartha i scoil nó coláiste aitheanta i bhfómhar 2020.
Sochar Breoiteachta Feabhsaithe Covid-19
Ó thús mhí Mheán Fómhair, tugadh teastas liachta do thart ar 6,164 duine don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe, agus diagnóiseadh go raibh an víreas ar thart ar 435 acu siúd.
Go dtí seo tá teastas liachta tugtha do 64,084 duine faoi bhun 66 bliana d’aois don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe.
Tá méadú tagtha ar an líon duine bhfuil teastas liachta faighte acu don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe i ngach contae ón tseachtain seo chaite. Bhí méadú 711 duine i mBaile Átha Cliath, an t-ardú is mó.
Ar an mbealach céanna, tá méadú tagtha ar na figiúirí i ngach earnáil. Is iad Trádáil Mórdhíola agus Miondíola (13,969) agus Seirbhísí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta (13,385) an dhá earnáil ina bhfuil teastas liachta faighte ag an líon is mó daoine don Sochair Breoiteachta Covid-19. Tá sonraí iomlána ar fáil i bhFoscríbhinní 9, 10, 11 agus 12.
MyWelfare.ie
Ba mhaith leis an Roinn buíochas a ghabháil dár gcustaiméirí as formhór na n-iarratas a chur isteach ar an suíomh gréasáin ar líne MyWelfare.ie. Seo é an bealach is tapúla agus is éasca chun iarratas a chur isteach nó deireadh a chur le héileamh don Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime Covid-19.
Ar mhaithe leis an gcomhairle sláinte poiblí agus scaradh sóisialta a leanúint, iarrtar ar dhaoine gan cuairt a thabhairt ar an Ionad Intreo áitiúil más féidir. Ina ionad sin, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na seirbhísí ar líne ar fáil ag MyWelfare.ie.
Foscríbhinní
- Foscríbhinn 1 - Anailís Contae ar Chontae ar Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime.
- Foscríbhinn 2 - Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime de réir Earnála
- Foscríbhinn 3 - Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime de réir Próifíle Aoise
- Foscríbhinn 4 - Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime de réir inscne
- Foscríbhinn 5 - Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime de réir aoise
- Foscríbhinn 6 - Anailís ar Dhaoine a Chur Deireadh lena n-Éileamh ar IDP Chun Filleadh ar an Obair
- Foscríbhinn 7 - Anailís ar Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime a Cuireadh Deireadh Leo de réir Earnála
- Foscríbhinn 8 - Anailís ar Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime a Cuireadh Deireadh Leo de réir Próifíle Aoise
- Foscríbhinn 9 - Íocaíochtaí Sochair Breoiteachta Feabhsaithe de réir Contae
- Foscríbhinn 10 - Íocaíochtaí Sochair Breoiteachta Feabhsaithe de réir Earnála
- Foscríbhinn 11 - Íocaíochtaí Sochair Breoiteachta Feabhsaithe de réir Próifíle Aoise
- Foscríbhinn 12 - Sonraí maidir leis an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe Covid-19 ón 1 Meán Fómhair 2020
Appendix 1 - Anailís ar Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime.
Tá 217, 142 duine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíocht na Paindéime, mná is iad 98,771 acu siúd agus fir is iad 118,371 acu.
Miondealú de réir Contae
Contae | Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 29 Meán Fómhair | *Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 22 Meán Fómhair | *Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 5 Bealtaine | |
Ceatharlach | 2,182 | 2,188 | 7,800 | |
An Cabhán | 2,688 | 2,673 | 9,700 | |
An Clár | 4,512 | 4,449 | 14,600 | |
Corcaigh | 18,745 | 18,789 | 61,900 | |
Dún na nGall | 5,949 | 5,823 | 22,700 | |
Áth Cliath | 85,892 | 75,857 | 174,200 | |
Gaillimh | 10,469 | 10,534 | 32,300 | |
Cill Dara | 6,301 | 6,262 | 22,200 | |
Cill Dara | 10,061 | 9,982 | 26,100 | |
Cill Cheannaigh | 2,941 | 2,926 | 10,600 | |
Laois | 2,701 | 2,731 | 8,600 | |
Liatroim | 1,185 | 1,168 | 4,100 | |
Luimneach | 7,756 | 7,782 | 22,300 | |
An Longfort | 1,343 | 1,331 | 4,500 | |
An Lú | 6,249 | 6,151 | 17,300 | |
Maigh Eo | 4,538 | 4,512 | 16,400 | |
An Mhí | 8,455 | 8,209 | 25,000 | |
Muineachán | 2,635 | 2,639 | 8,200 | |
Uíbh Fhailí | 2,800 | 2,821 | 8,900 | |
Ros Comáin | 2,038 | 2,030 | 7,100 | |
Sligeach | 2,233 | 2,238 | 7,700 | |
Tiobraid Árann | 5,491 | 5,537 | 18,800 | |
Port Láirge | 4,166 | 4,181 | 14,100 | |
An Iarmhí | 3,401 | 3,426 | 11,700 | |
Loch Garman | 5,127 | 5,046 | 20,500 | |
Cill Mhantáin | 6,301 | 6,038 | 18,700 | |
Gan chontae san áireamh | 983 | 1,018 | 2,000 | |
Iomlán | 217,142 | 206,341 | 598,000 |
Foscríbhinn 2 – Íocaíocht Dífhostaíocht na Paindéime - Miondealú de réir Earnála
Is é Seirbhísí Cóiríochta agus Bia (51,840) an earnáil ina bhfuil an líon is mó daoine ag déanamh éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, agus ina dhiaidh sin is iad Trádáil Mórdhíola agus Miondíola (30,950) agus Seirbhísí Riaracháin agus Tacaíochta (23,111) na hearnálacha is mó éilimh.
Miondealú de réir Earnála
Earnáil Tionsclaíochta | Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 29 Meán Fómhair | *Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 22 Meán Fómhair | *Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 5 Bealtaine |
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht; Mianadóireacht agus Cairéalacht | 2,943 | 2,860 | 8,600 |
Déantúsaíocht | 11,768 | 11,675 | 37,400 |
Soláthar leictreachais agus gáis; Soláthar uisce, Bainistiú séarachais agus dramhaíola | 889 | 870 | 2,100 |
Tógáil | 16,913 | 16,135 | 79,300 |
Trádáil mórdhíola agus miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair | 30,950 | 30,475 | 90,300 |
Iompar agus stóráil | 7,901 | 7,878 | 17,900 |
Gníomhaíochtaí cóiríochta agus bia | 51,840 | 44,900 | 128,500 |
Gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide | 6,093 | 5,939 | 11,800 |
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais | 5,470 | 5,345 | 12,500 |
Gníomhaíochtaí Eastáit Réadaigh | 3,340 | 3,186 | 8,100 |
Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla | 11,271 | 11,026 | 24,800 |
Gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta | 23,111 | 22,798 | 45,800 |
Riarachán Poiblí agus Cosaint; Slándáil Shóisialta Éigeantach | 4,314 | 4,351 | 14,400 |
Oideachas | 9,394 | 9,670 | 22,000 |
Gníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta | 7,972 | 7,925 | 22,500 |
Na healaíona, siamsaíocht agus caithimh aimsire | 6,341 | 5,822 | 14,200 |
Earnálacha Eile | 9,938 | 9,326 | 39,200 |
Neamhaicmithe nó gan eolas | 6,694 | 6,160 | 18,600 |
Iomlán | 217,142 | 206,341 | 598,000 |
Foscríbhinn 3 – Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime - Próifíl Aoise
Catagóir aoise | Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 29 Meán Fómhair | *Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 22 Meán Fómhair |
< 25 | 45,461 | 42,808 |
25-34 | 50,500 | 47,588 |
35-44 | 48,533 | 46,054 |
45-54 | 40,158 | 38,463 |
55+ | 32,490 | 31,428 |
Iomlán | 217,142 | 206,341 |
Foscríbhinn 4 – Rátaí Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime -miondealú de réir inscne
Inscne | Líon daoine ag fáil €300 ar an 29 Meán Fómhair | Líon daoine ag fáil €250 ar an 29 Meán Fómhair | Líon daoine ag fáil €203 ar an 29 Meán Fómhair |
Fir | 77,710 | 18,169 | 22,492 |
Mná | 51,745 | 20,724 | 26,302 |
Iomlán | 129,455 | 38,893 | 48,794 |
Foscríbhinn 5 – Rátaí Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime -miondealú de réir aoise
Catagóir aoise | Líon daoine ag fáil €300 ar an 29 Meán Fómhair | Líon daoine ag fáil €250 ar an 29 Meán Fómhair | Líon daoine ag fáil €203 ar an 29 Meán Fómhair |
< 25 | 19,381 | 11,766 | 14,314 |
25-34 | 34,813 | 7,772 | 7,915 |
35-44 | 32,271 | 7,141 | 9,121 |
45-54 | 25,038 | 6,368 | 8,752 |
55+ | 17,952 | 5,846 | 8,692 |
Iomlán | 129,455 | 38,893 | 48,794 |
Appendix 6 – Anailís ar Íocaíochtaí IDP a Dúnadh agus filleadh ar an Obair
Amárach, an 29 Meán Fómhair, tabharfar Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime go dtí thart ar 6,309 duine a bhfuil a gcuntais dúnta acu ó bhí an 20 Meán Fómhair ann d’fhonn filleadh ar an obair. As na daoine sin, fir is iad 3,160 agus mná is iad 3,149.
Miondealú de réir Contae
Contae | Líon daoine a dhún a gcuntais IDP ón 29 Meán Fómhair chun filleadh ar an obair | *Líon daoine a dhún a gcuntais IDP ón 22 Meán Fómhair chun filleadh ar an obair | *Líon daoine a dhún a gcuntais IDP ón 15 Meán Fómhair chun filleadh ar an obair | |
Ceatharlach | 76 | 47 | 89 | |
An Cabhán | 129 | 82 | 120 | |
An Clár | 174 | 94 | 186 | |
Corcaigh | 771 | 529 | 868 | |
Dún na nGall | 192 | 150 | 286 | |
Áth Cliath | 1,202 | 1,216 | 1,888 | |
Gaillimh | 393 | 266 | 449 | |
Ciarraí | 250 | 139 | 261 | |
Cill Dara | 311 | 305 | 446 | |
Cill Chainnigh | 107 | 68 | 126 | |
Laois | 102 | 85 | 144 | |
Liatroim | 47 | 19 | 45 | |
Luimneach | 268 | 216 | 323 | |
An Longfort | 69 | 41 | 61 | |
An Lú | 195 | 145 | 228 | |
Maigh Eo | 216 | 107 | 213 | |
An Mhí | 269 | 188 | 312 | |
Muineachán | 284 | 68 | 136 | |
Uíbh Fhailí | 120 | 115 | 150 | |
Ros Comáin | 109 | 57 | 86 | |
Sligeach | 85 | 61 | 95 | |
Tiobraid Árann | 267 | 173 | 278 | |
Port Láirge | 133 | 117 | 175 | |
An Iarmhí | 129 | 113 | 176 | |
Loch Garman | 212 | 144 | 222 | |
Cill Mhantáin | 176 | 150 | 250 | |
Gan chontae san áireamh | 23 | 12 | 16 | |
Iomlán | 6,309 | 4,707 | 7,629 |
Foscríbhinn 7 – Íocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime arna nDúnadh - Miondealú de réir Earnála
Is iad Seirbhísí Cóiríochta agus Bia (1,864), Seirbhísí Mórdhíola agus Miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair (764) agus Oideachas na hearnálacha inar chuir an líon is mó fostaithe deireadh le hÍocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime sa tseachtain dar críoch an 29 Meán Fómhair.
Earnáil Tionsclaíochta | Líon daoine a chur deireadh leis an íocaíocht IDP chun filleadh ar an obair ón 29 Meán Fómhair | Líon daoine a chur deireadh leis an íocaíocht IDP chun filleadh ar an obair ón 22 Meán Fómhair |
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht; Mianadóireacht agus Cairéalacht|91|55|
Déantúsaíocht | 314 | 320 |
Soláthar leictreachais agus gáis; Soláthar uisce, Bainistiú séarachais agus dramhaíola|22|13|
Tógáil | 389 | 345 |
Trádáil mórdhíola agus miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair | 764 | 625 |
Iompar agus stóráil | 264 | 259 |
Gníomhaíochtaí cóiríochta agus bia | 1,864 | 820 |
Gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide | 137 | 153 |
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais | 130 | 83 |
Gníomhaíochtaí Eastáit Réadaigh | 71 | 58 |
Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla | 469 | 246 |
Gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta | 457 | 380 |
Riarachán Poiblí agus Cosaint; Slándáil Shóisialta Éigeantach|167|179|
Oideachas | 486 | 529 |
Gníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta | 258 | 263 |
Na healaíona, siamsaíocht agus caithimh aimsire | 127 | 117 |
Earnálacha Eile | 192 | 172 |
Neamhaicmithe nó gan eolas | 107 | 90 |
Iomlán | 6,309 | 4,707 |
Foscríbhinn 8 – Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime arna nDúnadh – Próifíl Aoise
Catagóir aoise | Líon daoine a chur deireadh leis an íocaíocht IDP chun filleadh ar an obair ón 29 Meán Fómhair | Líon daoine a chur deireadh leis an íocaíocht IDP chun filleadh ar an obair ón 22 Meán Fómhair |
< 25 | 1,186 | 943 |
25-34 | 1,255 | 1,007 |
35-44 | 1,493 | 1,146 |
45-54 | 1,277 | 941 |
55+ | 1,098 | 670 |
Iomlán | 6,309 | 4,707 |
Foscríbhinn 9 - Anailís ar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe Covid-19
Tá 66,084 duine a bhfuil teastas liachta faighte acu chun éileamh a dhéanamh ar íocaíocht Sochair Breoiteachta a bhaineann le Covid-19, mná is iad 36,616 acu siúd agus fir is iad 29,468 acu.
Tá Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á íoc le 1,934 duine i láthair na huaire.
Dáta tosaigh an deimhnithe | Ar an 29 Meán Fómhair |
Roimh Mhárta 2020 | 150 (7) |
Márta 2020 | 31,177 (999) |
Aibreáin 2020 | 14,489 (2,032) |
Bealtaine 2020 | 5,001 (772) |
Meitheamh 2020 | 1,469 (129) |
Iúil 2020 | 2,252 (153) |
Lúnasa 2020 | 5,382 (473) |
Meán Fómhair 2020 | 6,164 (435) |
Iomlán | 66,084 (5,000) |
Miondealú de réir Contae (bunaithe ar an gcontae arna taifeadadh ar an ndeimhniú Sochair Breoiteachta)
Contae | Líon daoine a raibh teastas liachta faighte le haghaidh Sochair Breoiteachta Feabhsaithe ar an 29 Meán Fómhair | Líon daoine a raibh teastas liachta faighte le haghaidh Sochair Breoiteachta Feabhsaithe ar an 22 Meán Fómhair | Number of people who are medically certified for receipt of Enhanced Illness Benefit on 15 September |
Ceatharlach | 958 | 927 | 880 |
An Cabhán | 1,576 | 1,544 | 1,494 |
An Clár | 1,189 | 1,159 | 1,105 |
Corcaigh | 7,098 | 6,952 | 6,715 |
Dún na nGall | 1,533 | 1,434 | 1,338 |
Áth Cliath | 19,064 | 18,353 | 17,442 |
Gaillimh | 3,912 | 3,761 | 3,569 |
Ciarraí | 1,518 | 1,463 | 1,359 |
Cill Dara | 3,505 | 3,432 | 3,299 |
Cill Chainnigh | 1,370 | 1,335 | 1,264 |
Laois | 1,162 | 1,130 | 1,100 |
Liatroim | 278 | 267 | 251 |
Luimneach | 2,268 | 2,224 | 2,138 |
An Longfort | 557 | 542 | 523 |
An Lú | 1,968 | 1,910 | 1,802 |
Maigh Eo | 1,534 | 1,501 | 1,454 |
An Mhí | 2,478 | 2,411 | 2,298 |
Muineachán | 1,076 | 1,029 | 975 |
Uíbh Fhailí | 1,122 | 1,088 | 1,048 |
Ros Comáin | 978 | 960 | 937 |
Sligeach | 521 | 513 | 498 |
Tiobraid Árann | 2,443 | 2,389 | 2,215 |
Port Láirge | 2,281 | 2,164 | 1,961 |
An Iarmhí | 1,168 | 1,146 | 1,107 |
Loch Garman | 2,099 | 2,047 | 1,968 |
Cill Mhantáin | 2,079 | 2,005 | 1,905 |
Eile(Tuaisceart Éirinn & Thar Lear) | 349 | 343 | 332 |
Iomlán | 66,084 | 64,029 | 60,977 |
Foscríbhinn 10 – Sochar Breoiteachta Feabhsaithe Covid-19 - Miondealú de réir Earnála
Is iad Trádáil Mórdhíola agus Miondíola (13,969) agus Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta (13,385) an dá earnáil ina bhfuil teastas liachta faighte ag an líon is mó daoine chun éileamh a dhéanamh ar Sochar Breoiteachta Covid-19, agus ina dhiaidh sin is Déantúsaíocht (9,342) ar earnáil leis an líon is airde.
Miondealú de réir Earnála
Earnáil Tionsclaíochta | Líon daoine a raibh teastas liachta don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an 29 Meán Fómhair | Líon daoine a raibh teastas liachta don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an 22 Meán Fómhair | Líon daoine a raibh teastas liachta don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an 15 Meán Fómhair |
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht; Mianadóireacht agus Cairéalacht | 615 | 602 | 580 |
Déantúsaíocht | 9,342 | 9,095 | 8,582 |
Soláthar leictreachais, gáis, gaile; Soláthar uisce; Bainistiú séarachais agus dramhaíola | 323 | 315 | 300 |
Tógáil | 2,672 | 2,555 | 2,427 |
Trádáil mórdhíola agus miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair | 13,969 | 13,495 | 12,890 |
Iompar agus stóráil | 2,484 | 2,421 | 2,324 |
Gníomhaíochtaí cóiríochta agus bia | 3,386 | 3,158 | 2,863 |
Gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide | 1,114 | 1,090 | 1,036 |
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais | 2,566 | 2,507 | 2,432 |
Gníomhaíochtaí Eastáit Réadaigh | 536 | 526 | 498 |
Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla | 2,108 | 2,049 | 1,961 |
Gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta | 6,220 | 6,080 | 5,864 |
Riarachán Poiblí agus Cosaint; Slándáil Shóisialta Éigeantach|2,629|2,542|2,424|
Oideachas | 1,395 | 1,289 | 1,123 |
Gníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta | 13,385 | 13,151 | 12,787 |
Na healaíona, siamsaíocht agus caithimh aimsire | 512 | 483 | 446 |
Earnálacha Eile | 2,148 | 2,041 | 1,882 |
Neamhaicmithe nó gan eolas | 680 | 630 | 558 |
Iomlán | 66,084 | 64,029 | 60,977 |
Foscríbhinn 11 – Sochar Breoiteachta Feabhsaithe - Próifíl Aoise
Catagóir aoise | Líon daoine a raibh teastas liachta don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an 29 Meán Fómhair | Líon daoine a raibh teastas liachta don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an 22 Meán Fómhair | Líon daoine a raibh teastas liachta don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar an 15 Meán Fómhair | |
< 25 | 8,330 | 7,925 | 7,394 | |
25-34 | 16,283 | 15,744 | 14,963 | |
35-44 | 18,942 | 18,360 | 17,402 | |
45-54 | 13,497 | 13,160 | 12,627 | |
55+ | 9,032 | 8,840 | 8,591 | |
Iomlán | 66,084 | 64,029 | 60,977 |
Foscríbhinn 12 – Staitisticí ar an Sochar Dífhostaíochta Feabhsaithe Covid-19 ón 1 Meán Fómhair 2020
Ó thús mhí Mheán Fómhair 2020, tá teastas liachta faighte ag thart ar 6,164 duine le deimhniú go gcomhlíonann siad na coinníollacha chun Sochar Dífhostaíochta Feabhsaithe Covid-19 a fháil, agus diagnóiseadh go raibh an víreas ar thart ar 435 acu siúd.
Taispeántar sa tábla thíos an líon daoine a bhfuil teastas liachta faighte acu le deimhniú go gcomhlíonann siad na coinníollacha chun íocaíocht Sochair Breoiteachta Feabhsaithe Covid-19 a fháil - tugtar an líon daoine a diagnóiseadh go raibh COVID-19 orthu i luibíní agus tá sé mar chuid den bhfigiúir seachtainiúil a thaispeántar. Taispeántar sa dara thábla líon na daoine a bhfuil teastas liachta faighte acu don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ó bhí an 1 Meán Fómhair ann.
Miondealú de réir Contae
Contae | Líon iomlán daoine a bhfuil teastas liachta faighte acu don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ón 1 Meán Fómhair |
Ceatharlach | 115 |
An Cabhán | 113 |
An Clár | 92 |
Corcaigh | 428 |
Dún na nGall | 221 |
Áth Cliath | 1,972 |
Gaillimh | 434 |
Ciarraí | 204 |
Cill Dara | 233 |
Cill Chainnigh | 161 |
Laois | 73 |
Liatroim | 33 |
Luimneach | 131 |
An Longfort | 30 |
An Lú | 212 |
Maigh Eo | 110 |
An Mhí | 219 |
Muineachán | 115 |
Uíbh Fhailí | 69 |
Ros Comáin | 62 |
Sligeach | 34 |
Tiobraid Árann | 174 |
Port Láirge | 454 |
An Iarmhí | 77 |
Loch Garman | 178 |
Cill Mhantáin | 207 |
Eile | 13 |
Iomlán | 6,164 |
Miondealú de réir Earnála
Earnáil Tionsclaíochta | Líon iomlán daoine a bhfuil teastas liachta faighte acu don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ón 1 Meán Fómhair |
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht; Mianadóireacht agus Cairéalacht | 39 |
Déantúsaíocht | 765 |
Soláthar leictreachais agus gáis; Soláthar uisce, Bainistiú séarachais agus dramhaíola|23|
Tógáil | 288 |
Trádáil mórdhíola agus miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair | 1,276 |
Iompar agus stóráil | 180 |
Gníomhaíochtaí cóiríochta agus bia | 660 |
Gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide | 109 |
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais | 175 |
Gníomhaíochtaí Eastáit Réadaigh | 44 |
Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla | 190 |
Gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta | 416 |
Riarachán Poiblí agus Cosaint; Slándáil Shóisialta Éigeantach|285|
Oideachas | 366 |
Gníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta | 796 |
Na healaíona, siamsaíocht agus caithimh aimsire | 90 |
Earnálacha Eile | 333 |
Neamhaicmithe nó gan eolas | 129 |
Iomlán | 6,164 |
Press Office - Media Enquiries Only (Including Out of Hours)
- Seoladh:
- Press Office, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WY03
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 704 3860;
01 704 3184