English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Uasdátú ar Íocaíochtaí a Bhronntar le haghaidh Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime Covid-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe

Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime faighte ag 206,341 daoine an tseachtain seo.

€61.3 milliúin in íocaíochtaí IDP le híoc amárach.

An tAire Humphreys: Tá sé tuillte ag na hoibrithe ar an líne tosaigh go gcloífidh muid ar fad leis an treoir sláinte poiblí.

Inniu d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí dar luach €61.3 milliúin ar 206,341 duine i bhfoirm Íocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime Covid-19 (IDP). Laghdú 3,600 is ea an méid sin ón 209,941 duine a íocadh an tseachtain seo chaite, agus laghdú os cionn 65% ar an 598,000 duine a íocadh ag an mbuaicphointe ar an 5 Bealtaine.

Le seacht lá anuas, chuir 6,333 duine deireadh lena n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime Beidh a n-íocaíocht deireanach á fháil ag 4,586 duine amárach, an 22 Meán Fómhair.

Ba é Seirbhísí Cóiríochta agus Bia an earnáil ina raibh an líon is mó daoine ag filleadh ar an obair an tseachtain seo, d'fhill 820 duine ar an obair ón earnáil sin, agus ina dhiaidh sin Trádáil Mórdhíola agus Miondíola, Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair, agus an earnáil Oideachais, d'fhill 625 agus 529 duine ar an obair ó na hearnálacha sin faoi seach.

Is iad daoine idir 35-44 bliana d'aois an t-aoisghrúpa is mó atá ag filleadh ar an obair (1,146). Ina dhiaidh sin tá 1,007 duine idir 25-34 bliana d'aois agus 941 duine idir 45-54 bliana d'aois.

Tá na figiúirí thuas i dteanna fhigiúirí na ndaoine a dtuairiscíodh ar an mBeo-Chlár ag deireadh mhí Lúnasa. Beidh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime Covid-19 atá le heisiúint le fáil i gcuntais bainc na bhfaighteoirí nó ag oifig an phoist áitiúil amárach, Dé Máirt, an 22 Meán Fómhair.

Is é an bealach is éasca clárú d’Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ná ar líne ag MyWelfare.ie. Agus daoine ag clárú, ní mór dóibh ainm a bhfostóra a thabhairt agus na sonraí maidir leis an lá deireanach a raibh siad ag an obair.

Ag trácht ar figiúirí an lae inniu, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys:

“Le linn na paindéime seo, tá cinntí déanta againn nach raibh muid ag súil leo ar aon chaoi. Tá gá ann beathaí a shábháil, agus sin atá mar bhonn ag cur chuige an rialtais.

“Cuirtear fáilte roimh an laghdú sa líon daoine a bhfuil an íocaíocht IDP de dhíth orthu. Mar sin féin, tá sé tábhachtach a aithint nach léirítear i bhfigiúirí an lae inniu tionchar an chinnte a rinneadh chun srianta ag Leibhéal 3 a chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath.

“Tá staid reatha againn in Éirinn nach bhfacthas riamh roimhe, agus tá sé ríthábhachtach anois go gcuirfimid lenar n-iarrachtaí an víreas COVID-19 a chosc.”

“Tá an méid sin tuillte ag ár dteaghlaigh, ár gcairde, ag gcomhghleacaithe agus ag gnóthaí a bhfuil an víreas tar éis tionchar a imirt orthu. Níos mó ná aon ghrúpa eile, tá sé tuillte ag na hoibrithe ar an líne tosaigh, a bhfuil íobairtí ollmhóra déanta acu chun aire thabhairt do dhaoine sna hospidéil, aonaid chúraim agus tithe altranais.”

“Má leanann gach duine againn an treoir sláinte poiblí agus treoirlíne éireoidh linn an víreas seo a chosc.” Seo é an bealach is fearr ár sochaí a chosaint agus gach earnáil san eacnamaíocht a thabhairt ar ais.”

Athruithe ar Rátaí Íocaíochta IDP

Mar a fógraíodh mar chuid de na beartais Spreagtha Post, leanfaidh Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime go dtí Mí Aibreáin 2021, agus athróidh na rátaí íocaíochta ar an 17 Meán Fómhair 2020 agus i mí Feabhra 2021.

Athruithe ar na Rátaí Íocaíochta IDP ón 17 Meán Fómhair 2020

Ón 17 Meán Fómhair 2020, beidh 3 ráta íocaíochta ag Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime.

Beidh baint ag an ráta íocaíochta le réamhthuarastal an fhaighteora, mar a leanas:

  • dóibh siúd a thuill os cionn €300 (comhlán) sa tseachtain - gheobhaidh siad €300 in aghaidh na seachtaine anois
  • dóibh siúd a thuill idir €200 agus €300 (comhlán) sa tseachtain - €250 a bheidh mar ráta Íocaíochta Dífhostaíochta na Paindéime anois
  • dóibh siúd a thuill níos lú ná €200 (comhlán) sa tseachtain - €203 a bheidh mar ráta Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (níl athrú ar an ráta seo)

Beidh na hathruithe seo le feiceáil ag faighteoirí Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ina gcuntais bainc amárach, Dé Máirt an 22 Meán Fómhair.

Ní gá do dhaoine teagmháil a dhéanamh leis an roinn maidir lena n-íocaíochtaí. Rachaidh an Roinn i dteagmháil le faighteoirí IDP duine ar dhuine maidir leis na hathruithe seo chun iad a chur ar an eolas maidir leis na rátaí íocaíochta nua.

Conas a dhéantar an ráta IDP a mheas bunaithe ar an réamhthuarastal

Fostaithe

Le haghaidh fostaithe, tá imscrúdú déanta ag an roinn ar an meán-ollphá seachtainiúil acu in 2019 agus i mí Eanáir agus Mí Feabhra 2020. Úsáidfear an ráta ón tréimhse ina raibh an meán-ollphá is airde.

Mar shampla, dá mbeadh meán-ollphá seachtainiúil €195 ag duine in 2019 agus €210 in 2020 - úsáidfear an figiúir €210.

Ar an dul céanna, úsáid an meán-ollphá seachtainiúil ó 2019 i gcás ina raibh an figiúr sin níos airde ná 2020.

Daoine Féinfhostaithe

Do dhaoine féinfhostaithe, cuirfear an pá a tuairiscíodh do na Coimisinéirí Ioncaim in 2018 agus 2019 san áireamh, agus úsáidfear an meánfhigiúr pá is airde chun an ráta íocaíochta a chinneadh.

Daoine a bhí fostaithe agus féinfhostaithe in 2019

Dóibh siúd a raibh fostaithe agus féinfhostaithe in 2019, cuirfear a bpá ón dhá chineál oibre le chéile chun teacht ar an meánfhigiúr íocaíochta.

Le haghaidh gach íocaíocht IDP, bhain an Roinn úsáid as an bhfigiúr a dtabharfaidh an ráta pá seachtainiúil is airde don chustaiméir mar bhonn agus a n-íocaíocht IDP nua á ríomh.

Daoine ag filleadh ar an obair

Le seachtain anuas, chuir 6,333 duine deireadh lena n-éilimh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, agus d'fhógair 4,707 acu siúd go raibh siad ag filleadh ar an obair. I measc na 4,707 duine atá ag filleadh ar an obair, gheobhaidh 4,586 acu a n-íocaíocht IDP deireanach an tseachtain seo. Ós go rud é go n-íoctar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime mar riaráistí, tá moille seachtaine sa bhealach ina léirítear cealuithe, mar gheall ar daoine ag filleadh ar an obair nó daoine a dhéanann iarratais nua ar IDP, sna sonraí íocaíochta.

Ba é Seirbhísí Cóiríochta agus Bia (820) an earnáil ina raibh an líon is mó daoine ag filleadh ar an obair an tseachtain seo, agus ina dhiaidh sin Trádáil Mórdhíola agus Miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair (625), agus an earnáil Oideachais (529). Leagtar amach miondealú iomlán ar na ranna uile sa réimse seo i bhFoscríbhinn 7 thíos.

Ag breathnú ar an bpróifíl aoise, bhí an líon is mó daoine a d'fhill ar an obair san aoisghrúpa 35-44 bliana d'aois (1,146), agus ina dhiaidh sin an san aoisghrúpa 25-34 bliana d'aois (1,007). Tá sonraí iomlána ar fáil i bhFoscríbhinn 8.

Meabhraíonn an Roinn le fostaithe atá ag filleadh ar an obair nach mór dóibh deireadh a chur lena n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaithe na Paindéime (IDP).

Chun deimhin a dhéanamh de go bpróiseálfar a n-iarratas i gceart, ní mór d'fhostaithe atá ag filleadh ar an obair deireadh a chur lena n-éileamh ar an íocaíocht IDP ar an lá ar a mbeidh siad ag filleadh ar an obair.

Is é an bealach is éasca deireadh a chur le héileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime ná ar líne ag MyWelfare.ie. Is féidir le haon fhostaí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil ceist acu maidir le deireadh a chur leis an éileamh teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach thiomanta na Roinne ag 1890 800 024 (Luan go hAoine ó 9.00r.n. go 5.00i.n.).

Earnálacha atá dúnta go fóill

I gcás, mar thoradh ar na srianta reatha, nach bhfuil fostóir tar éis an obair a atosú go fóill nó ina bhfuil earnáil dúnta go fóill, nó ina raibh gá gnó a dhúnadh go sealadach arís, leanfaidh an Roinn de thacaíocht a thabhairt do na fostaithe lena mbaineann leis an íocaíocht IDP. Is féidir iarratais nua a dhéanamh ar íocaíocht IDP go dtí deireadh na bliana.

Fostaíocht ócáideach

I dtuairim na Roinne, is éard atá san fhostaíocht ócáideach ná ócáidí aon uaire, neamhrialta, annamha nó scoite agus éagsúlacht shoiléir eatarthu agus an patrún fostaíochta a bhí ann cheana. I gcás ina mbeidh amhras ar aon duine, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an Roinn go díreach chun a n-éileamh a phlé.

Seiceálacha Íocaíocht Dífhostaíocht Paindéime COVID-19

Mar a dhéantar i ngach scéim leasa shóisialaigh agus mar chuid de ghnáthobair na roinne, déanann an roinn sraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iar-íocaíochta ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime COVID-19 lena n-áirítear:

  • seiceálacha sláine ina ndéantar comparáid idir thaifid na roinne lena n-áirítear sonraí Faisnéise Seirbhíse Poiblí agus cros-seiceálacha le híocaíochtaí ar scéimeanna eile Leis seo, is féidir céannacht duine a dheimhniú agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil siad i dteideal éileamh a dhéanamh ar íocaíocht.
  • próiseas réitithe idir chomhad íocaíochta IDP na roinne agus taifid na gCoimisinéirí Ioncaim
  • seiceáil ar an sean-stádas fostaíochta trí chomparáid a dhéanamh idir gach éileamh ar IDP agus réamhphá agus taifid fostaíochta ó sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim
  • mar a dhéantar i scéimeanna eile, déanfaidh an roinn teagmháil le faighteoirí chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil critéir cháilitheachta Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime COVID-19 á gcomhlíonadh acu go fóill.
  • anailísíocht sonraí

Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil

Meabhraítear do thuismitheoirí agus caomhnóirí go bhfuil Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil na Roinne ar fáil chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil le haghaidh na costais a bhaineann le dul ar ais ar scoil. Tá síneadh curtha leis an íocaíocht seo ag an Aire Humphreys, ar íocaíocht í a dhéantar tástáil acmhainne i dtaca léi, chun go gclúdóidh sé tuismitheoirí agus caomhnóirí atá ag fáil Íocaíocht Dífhostaithe na Paindéime. Is féidir le teaghlaigh ar mhian leo cur isteach ar an liúntas iarratas a dhéanamh ag MyWelfare.ie. Seo é an bealach is tapúla agus is simplí iarratas a dhéanamh. Ba cheart iarratas a chur isteach roimh an 30 Meán Fómhair.

Faoin Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil, íoctar €150 do gach páiste incháilithe idir 1 - 11 bhliain d'aois ar nó roimh an 30 Meán Fómhair 2020, agus íoctar €275 do gach páiste incháilithe idir 12 - 22 bhliain d'aois ar nó roimh an 30 Meán Fómhair 2020. Ní mór go mbeidh daltaí idir 18 agus 22 bhliain d'aois ag filleadh ar oideachas dara-leibhéal lánaimseartha i scoil nó coláiste aitheanta i bhfómhar 2020.

Sochar Breoiteachta Feabhsaithe Covid-19

Ó thús mhí Mheán Fómhair, tugadh teastas liachta do thart ar 261 duine le rá go raibh siad ionfhabhtaithe le COVID-19 agus tugadh teastas liachta do thart ar 4,058 duine eile ós rud é go raibh siad ag féin-aonrú.

Go dtí seo tá teastas liachta tugtha do 64,029 duine faoi bhun 66 bliana d'aois don Sochar Breoiteachta Feabhsaithe COVID-19.

Is iad Trádáil Mórdhíola agus Miondíola (13,495) agus Seirbhísí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta (13,151) an dhá earnáil ina bhfuil teastas liachta faighte ag an líon is mó daoine don Sochair Breoiteachta Covid-19. Tá sonraí iomlána ar fáil i bhFoscríbhinní 9, 10, 11 agus 12.

www.MyWelfare.ie

Ba mhaith leis an Roinn buíochas a ghabháil dár gcustaiméirí as formhór na n-iarratas a chur isteach ar an suíomh gréasáin ar líne MyWelfare.ie. Seo é an bealach is tapúla agus is éasca chun iarratas a chur isteach nó deireadh a chur le héileamh don Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime Covid-19.

Ar mhaithe leis an gcomhairle sláinte poiblí agus scaradh sóisialta a leanúint, iarrtar ar dhaoine gan cuairt a thabhairt ar an Ionad Intreo áitiúil más féidir. Ina ionad sin, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na seirbhísí ar líne ar fáil ag MyWelfare.ie.

CRÍOCH


Foscríbhinní

  • Foscríbhinn 1 - Anailís Contae ar Chontae ar Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime.
  • Foscríbhinn 2 - Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime de réir Earnála
  • Foscríbhinn 3 - Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime de réir Próifíle Aoise
  • Foscríbhinn 4 - Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime de réir inscne
  • Foscríbhinn 5 - Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime de réir aoise
  • Foscríbhinn 6 - Anailís ar Dhaoine a Chur Deireadh lena n-Éileamh ar IDP Chun Filleadh ar an Obair
  • Foscríbhinn 7 - Anailís ar Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime a Cuireadh Deireadh Leo de réir Earnála
  • Foscríbhinn 8 - Anailís ar Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime a Cuireadh Deireadh Leo de réir Próifíle Aoise
  • Foscríbhinn 9 - Íocaíochtaí Sochair Breoiteachta Feabhsaithe de réir Contae
  • Foscríbhinn 10 - Íocaíochtaí Sochair Breoiteachta Feabhsaithe de réir Earnála
  • Foscríbhinn 11 - Íocaíochtaí Sochair Breoiteachta Feabhsaithe de réir Próifíle Aoise

Foscríbhinn 1 - Anailís ar Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime.

Tá 206,341 duine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíocht na Paindéime, mná is iad 95,257 acu siúd agus fir is iad 111,084 acu.

Miondealú de réir Contae

Contae Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 22 Meán Fómhair *Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 15 Meán Fómhair *Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 5 Bealtaine
Ceatharlach 2,182 2,188 7,800
An Cabhán 2,673 2,744 9,700
An Clár 4,449 4,521 14,600
Corcaigh 18,789 19,315 61,900
Dún na nGall 5,823 6,016 22,700
Áth Cliath 75,857 75,978 174,200
Gaillimh 10,534 10,793 32,300
Ciarraí 6,262 6,358 22,200
Cill Dara 9,982 10,430 26,100
Cill Chainnigh 2,926 3,013 10,600
Laois 2,731 2,855 8,600
Liatroim 1,168 1,189 4,100
Luimneach 7,782 7,980 22,300
An Longfort 1,331 1,366 4,500
An Lú 6,151 6,255 17,300
Maigh Eo 4,512 4,655 16,400
An Mhí 8,209 8,392 25,000
Muineachán 2,639 2,492 8,200
Uíbh Fhailí 2,821 2,935 8,900
Ros Comáin 2,030 2,089 7,100
Sligeach 2,238 2,315 7,700
Tiobraid Árann 5,537 5,743 18,800
Port Láirge 4,181 4,260 14,100
An Iarmhí 3,426 3,572 11,700
Loch Garman 5,046 5,205 20,500
Cill Mhantáin 6,038 6,161 18,700
Gan chontae san áireamh 1,018 1,057 2,000
Iomlán 206,341 209,941 598,000

Foscríbhinn 2 – Íocaíocht Dífhostaíocht na Paindéime - Miondealú de réir Earnála

Is é Seirbhísí Cóiríochta agus Bia (44,900) an earnáil ina bhfuil an líon is mó daoine ag déanamh éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime, agus ina dhiaidh sin is iad Trádáil Mórdhíola agus Miondíola (30,475) agus Seirbhísí Riaracháin agus Tacaíochta (22,798) na hearnálacha is mó éilimh.

Miondealú de réir Earnála

Earnáil Tionsclaíochta Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 22 Meán Fómhair *Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 15 Meán Fómhair *Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 5 Bealtaine
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht; Mianadóireacht agus Cairéalacht 2,860 2,945 8,600
Déantúsaíocht 11,675 11,733 37,400
Soláthar leictreachais agus gáis; Soláthar uisce, Bainistiú séarachais agus dramhaíola 870 861 2,100
Tógáil 16,135 16,360 79,300
Trádáil mórdhíola agus miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair 30,475 30,869 90,300
Iompar agus stóráil 7,878 8,147 17,900
Gníomhaíochtaí cóiríochta agus bia 44,900 45,584 128,500
Gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide 5,939 5,996 11,800
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais 5,345 5,431 12,500
Gníomhaíochtaí Eastáit Réadaigh 3,186 3,236 8,100
Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla 11,026 10,947 24,800
Gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta 22,798 22,924 45,800

Riarachán Poiblí agus Cosaint; Slándáil Shóisialta Éigeantach|4,351|4,589|14,400|

Oideachas 9,670 10,515 22,000
Gníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta 7,925 8,173 22,500
Na healaíona, siamsaíocht agus caithimh aimsire 5,822 5,946 14,200
Earnálacha Eile 9,326 9,395 39,200
Neamhaicmithe nó gan eolas 6,160 6,290 18,600
Iomlán 206,341 209,941 598,000

Foscríbhinn 3 – Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime - Próifíl Aoise

Catagóir aoise Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 22 Meán Fómhair *Líon daoine ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ar an 15 Meán Fómhair
< 25 45,461 42,808
25-34 47,588 48,064
35-44 46,054 46,779
45-54 38,463 39,226
55+ 31,428 32,080
Iomlán 206,341 209,941

Foscríbhinn 4 – Rátaí Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime -miondealú de réir inscne

Inscne Líon daoine ag fáil €300 ar an 22 Meán Fómhair Líon daoine ag fáil €250 ar an 22 Meán Fómhair Líon daoine ag fáil €203 ar an 22 Meán Fómhair
Fir 72,065 16,642 22,377
Mná 49,816 19,365 26,076
Iomlán 121,881 36,007 48,453

Foscríbhinn 5 – Rátaí Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime -miondealú de réir aoise

Inscne Líon daoine ag fáil €300 ar an 22 Meán Fómhair Líon daoine ag fáil €250 ar an 22 Meán Fómhair Líon daoine ag fáil €203 ar an 22 Meán Fómhair
< 25 18,424 10,862 13,522
25-34 32,426 7206 7956
35-44 30,137 6607 9310
45-54 23,737 5843 8883
55+ 17,157 5489 8782
Iomlán 121,881 36,007 48,453

Foscríbhinn 6 – Anailís ar Íocaíochtaí IDP a Dúnadh agus filleadh ar an Obair

Amárach, an 22 Meán Fómhair, tabharfar Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime go dtí thart ar 4.707 duine a bhfuil a gcuntais dúnta acu ó bhí an 13 Meán Fómhair ann chun filleadh ar an obair. As na daoine sin, fir is iad 2,179 agus mná is iad 2,528.

Miondealú de réir Contae

Contae Líon daoine a dhún a gcuntais IDP ón 22 Meán Fómhair chun filleadh ar an obair *Líon daoine a dhún a gcuntais IDP ón 15 Meán Fómhair chun filleadh ar an obair *Líon daoine a dhún a gcuntais IDP ón 8 Meán Fómhair chun filleadh ar an obair
Ceatharlach 47 89 100
An Cabhán 82 120 100
An Clár 94 186 200
Corcaigh 529 868 900
Dún na nGall 150 286 300
Áth Cliath 1,216 1,888 1,700
Gaillimh 266 449 500
Ciarraí 139 261 200
Cill Dara 305 446 400
Cill Chainnigh 305 446 400
Laois 85 144 200
Liatroim 19 45 100
Luimneach 216 323 300
An Longfort 41 61 100
An Lú 145 228 200
Maigh Eo 107 213 200
An Mhí 188 312 300
Muineachán 68 136 100
Uíbh Fhailí 115 150 200
Ros Comáin 57 86 100
Sligeach 61 95 100
Tiobraid Árann 173 278 300
Port Láirge 117 175 200
An Iarmhí 113 176 200
Loch Garman 144 222 300
Cill Mhantáin 144 222 300
Gan chontae san áireamh 12 16 0
Iomlán 4,707 7,629 7,700

Foscríbhinn 7 – Íocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime arna nDúnadh - Miondealú de réir Earnála

Is iad Seirbhísí Cóiríochta agus Bia (820), Seirbhísí Mórdhíola agus Miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair (625) agus Oideachas (529) na hearnálacha inar chuir an líon is mó fostaithe deireadh le hÍocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime sa tseachtain dar críoch an 22 Meán Fómhair.

Earnáil Tionsclaíochta Líon daoine a chur deireadh leis an íocaíocht IDP chun filleadh ar an obair ón 22 Meán Fómhair Líon daoine a chur deireadh leis an íocaíocht IDP chun filleadh ar an obair ón 15 Meán Fómhair

Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht; Mianadóireacht agus Cairéalacht|55|97|

Déantúsaíocht 320 437

Soláthar leictreachais agus gáis; Soláthar uisce, Bainistiú séarachais agus dramhaíola|13|17|

Tógáil 354 472
Trádáil mórdhíola agus miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair 625 892
Iompar agus stóráil 259 509
Gníomhaíochtaí cóiríochta agus bia 820 1,304
Gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide 153 234
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais 83 187
Gníomhaíochtaí Eastáit Réadaigh 58 102
Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla 246 375
Gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta 380 566

Riarachán Poiblí agus Cosaint; Slándáil Shóisialta Éigeantach|179|316|

Oideachas 529 1,091
Gníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta 263 458
Na healaíona, siamsaíocht agus caithimh aimsire 117 187
Earnálacha Eile 172 259
Neamhaicmithe nó gan eolas 90 126
Iomlán 4,707 7,629

Foscríbhinn 8 – Íocaíochtaí Dífhostaíochta na Paindéime arna nDúnadh – Próifíl Aoise

Catagóir Aoise Líon daoine a chur deireadh leis an íocaíocht IDP chun filleadh ar an obair ón 22 Meán Fómhair Líon daoine a chur deireadh leis an íocaíocht IDP chun filleadh ar an obair ón 15 Meán Fómhair
< 25 943 1,466
25-34 1,007 1,566
35-44 1,146 1,869
45-54 941 1,537
55+ 670 1,191
Iomlán 4,707 7,629

Foscríbhinn 9 - Anailís ar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe COVID-19

Tá teastas liachta faighte AG 66,029 duine chun éileamh a dhéanamh ar íocaíocht Sochair Breoiteachta a bhaineann le COVID-19, mná is iad 35,475 acu siúd agus fir is iad 28,554 acu.

Ó thús mhí Mheán Fómhair 2020, tá teastas liachta faighte ag thart ar 4,319 duine le deimhniú go gcomhlíonann siad na coinníollacha chun Sochar Dífhostaíochta Feabhsaithe Covid-19 a fháil, agus diagnóiseadh go raibh an víreas ar thart ar 261 acu siúd.

Miondealú de réir Contae (bunaithe ar an gcontae arna taifeadadh ar an ndeimhniú Sochair Breoiteachta)

Contae Líon daoine a raibh teastas liachta faighte le haghaidh Sochair Breoiteachta Feabhsaithe ar an 22 Meán Fómhair Líon daoine a raibh teastas liachta faighte le haghaidh Sochair Breoiteachta Feabhsaithe ar an 22 Meán Fómhair
Ceatharlach 927 880
An Cabhán 1,544 1,494
An Clár 1,159 1,105
Corcaigh 6,952 6,715
Dún na nGall 1,434 1,338
Áth Cliath 18,353 17,442
Gaillimh 3,761 3,569
Ciarraí 1,463 1,359
Cill Dara 3,432 3,299
Cill Chainnigh 1,335 1,264
Laois 1,130 1,100
Liatroim 267 251
Luimneach 2,224 2,138
An Longfort 542 523
An Lú 1,910 1,802
Maigh Eo 1,501 1,454
An Mhí 2,411 2,298
Muineachán 1,029 975
Uíbh Fhailí 1,088 1,048
Ros Comáin 960 937
Sligeach 513 498
Tiobraid Árann 2,389 2,215
Port Láirge 2,164 1,961
An Iarmhí 1,146 1,107
Loch Garman 2,047 1,968
Cill Mhantáin 2,005 1,905
Eile(Tuaisceart Éirinn & Thar Lear) 343 332
Iomlán 64,029 60,977

Foscríbhinn 10 – Sochar Breoiteachta Feabhsaithe COVID-19 - Miondealú de réir Earnála

Is iad Trádáil Mórdhíola agus Miondíola (13,495) agus Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta (13,151) an dá earnáil ina bhfuil teastas liachta faighte ag an líon is mó daoine chun éileamh a dhéanamh ar Sochar Breoiteachta Covid-19, agus ina dhiaidh sin is Déantúsaíocht (9,095) ar earnáil leis an líon is airde.

Miondealú de réir Earnála

Earnáil Tionsclaíochta Líon daoine a raibh teastas liachta faighte le haghaidh Sochair Breoiteachta Feabhsaithe ar an 22 Meán Fómhair Líon daoine a raibh teastas liachta faighte le haghaidh Sochair Breoiteachta Feabhsaithe ar an 15 Meán Fómhair

Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht; Mianadóireacht agus Cairéalacht|602|580|

Déantúsaíocht 9,095 8,582
Soláthar leictreachais, gáis, gaile; Soláthar uisce; Bainistiú séarachais agus dramhaíola 315 300
Tógáil 2,555 2,427
Trádáil mórdhíola agus miondíola; Deisiúcháin Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair 13,495 12,890
Iompar agus stóráil 2,421 2,324
Gníomhaíochtaí cóiríochta agus bia 3,158 2,863
Gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide 1,090 1,036
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais 2,507 2,432
Gníomhaíochtaí Eastáit Réadaigh 526 498
Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla 2,049 1,961
Gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta 6,080 5,864

Riarachán Poiblí agus Cosaint; Slándáil Shóisialta Éigeantach|2,542|2,424|

Oideachas 1,289 1,123
Gníomhaíochtaí Sláinte Daonna agus Oibre Sóisialta 13,151 12,787
Na healaíona, siamsaíocht agus caithimh aimsire 483 446
Earnálacha Eile 2,041 1,882
Neamhaicmithe nó gan eolas 630 558
Iomlán 64,029 60,977

Foscríbhinn 11 – Sochar Breoiteachta Feabhsaithe - Próifíl Aoise

Próifíl Aoise Líon daoine a raibh teastas liachta faighte le haghaidh Sochair Breoiteachta Feabhsaithe ar an 22 Meán Fómhair Líon daoine a raibh teastas liachta faighte le haghaidh Sochair Breoiteachta Feabhsaithe ar an 15 Meán Fómhair
< 25 7,925 7,394
25-34 15,744 14,963
35-44 18,360 17,402
45-54 13,160 12,627
55+ 8,840 8,591
Iomlán 64,029 60,977