Íocaíocht Aonuaire d’Úinéiri Tí ann
- Foilsithe: 2 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 1 Aibreán 2025
Cad is Íocaíocht Aonuaire d’Úinéiri Tí ann
Tá an Íocaíocht Aonuaire d’Úinéiri Tí do dhaoine ar leith a ndearna iarratas don Chreidmheas Cánach Úis Mhorgáiste ó na Coimisinéirí Ioncam dá n-íocaíocht úis mhorgáiste don bhliain 2023, ach a bhí neamh-incháilithe d’fhaoiseamh cánach ar bith toisc nach raibh aon dliteanas cánach cáiliteach acu. Baineann an scéim seo le híocaíochtaí úis mhorgaiste in 2023 amháin.
Conas cáiliú
Ní mór go mbeadh tuairisceán cánach ioncaim 2023 comhlíonta agat leis na Coimisinéirí Ioncaim agus go gcáilíonn tú don chreidmheas cánach úis mhorgáiste. Muna raibh aon dliteanas cánach cáilitheach agat i gcás 2023 agus nach féidir leat aon tairbhiú a fháil ón gCreidmheas Cánach Úis Mhorgáiste ó na Coimisinéiri Ioncaim, is féidir leat iarratas a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí lena measfar maidir le hÍocaíocht Aonuaire d’Úinéirí Tí 2024 sealadach.
Ráta íocaíochta
Tá an íocaíocht aonuaire seo bunaithe ar an méadú san ús cáilitheach a d’íoc tú in 2023 i gcomparáid le 2022. Is féidir leat suas le 20% den difríocht san ús a íocadh a fháil, leis an uasmhéid ag €1,250.
Déan Iarratas
Le hiarratas a dhéanamh, ba cheart an fhoirm iarratais don Íocaíocht Aonuaire d’Úinéiri Tí a líonadh isteach thíos. Is féidir le Seirbhísí Leasa Pobail na Roinne nó le d’oifig áitiúil Faisnéise so Shaoránaigh cabhrú leat leis an bhfoirm seo a líonadh isteach.
Seol nó tabhair an fhoirm iarratais seo leat, chomh maith le doiciméid tacaíochta ábhartha, chuig d’Oifigeach Leasa Pobail ag d’Ionad Intreo áitiúil.
Community Welfare Services
- Seoladh:
- Department of Social Protection, National Rent Supplement Section, PO Box 12188, Freepost FDN 7609, Dublin 2
- Teileafón:
-
0818 607 080
Is féidir teacht ar shuíomhanna uile na Seirbhíse Leasa Pobail ag Item was unpublished or removed
Is féidir iarratais a dhéanamh idir 1 Meán Fómhair 2024 agus 31 Márta 2025.