Íocaíocht Chaomhnóra
- Foilsithe: 14 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 3 Eanáir 2025
- An méid atá i gceist le hÍocaíocht Caomhnóra
- Conas cáiliú
- Ráta íocaíochta
- Iarratas a dhéanamh
- Teagmháil
- Treoirlínte Oibríochtúla
An méid atá i gceist le hÍocaíocht Caomhnóra
Má tá aire á tabhairt agat do leanbh ar dílleachta é/í, b’fhéidir go n-íocfar íocaíocht leasa shóisialaigh €227 sa tseachtain leat.
Ní gá duit a bheith i do chaomhnóir a ceapadh go dlíthiúil. Is féidir leat an íocaíocht seo a fháil má chónaíonn an leanbh leat, agus má tá tú freagrach as a gcúram. Déantar an íocaíocht ar mhaithe leis an leanbh.
Is féidir é a íoc go díreach leis an leanbh sna cásanna seo a leanas:
- tá an leanbh ag freastal ar chúrsa oideachais lánaimseartha
- tá an leanbh idir 18 agus 22 bliain d’aois
- níl an leanbh ag cónaí faoi chúram caomhnóra
D’fhéadfadh íocaíocht ranníocach a bheith i gceist leis (bunaithe ar ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) a d’íoc an tuismitheoir) nó neamh-ranníocach, bunaithe ar mhaoin an linbh.
Is féidir leat ceann amháin den mhéid seo a leanas a éileamh:
- Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach)
- Íocaíocht Caomhnóra (Neamh-Ranníocach)
- Pinsean Dílleachta a bronnadh faoin Scéim Sochair Báis (faoin Scéim Díobhálacha Ceirde)
Ní féidir leat ceann de na híocaíochtaí seo a fháil agus Liúntas Cúraim Altrama (a íocann Tusla) a éileamh freisin.
Conas cáiliú
Meastar gur dílleachta atá i gceist le leanbh má shásaíonn siad na riachtanais seo a leanas.
- má tá siad faoi 18 mbliana d’aois (nó 22 bliain d’aois má tá siad in oideachas lánaimseartha) agus
- má tá an bheirt tuismitheoirí marbh nó
- má tá tuismitheoir amháin marbh nó murab eol cé hiad nó má thréigh siad an leanbh agus má theip orthu soláthar a dhéanamh don leanbh nó
- murab eol cé hé an tuismitheoir eile nó má thréigh siad an leanbh agus má theip orthu soláthar a dhéanamh don leanbh agus
- mura bhfuil an leanbh ag cónaí le tuismitheoir, tuismitheoir uchtála nó le leastuismitheoir
Má d’oibrigh ceachtar tuismitheoir, nó leastuismitheoir, ag aon tráth agus má d’íoc siad árachas sóisialach (ÁSPC) ar feadh 26 seachtain, tá an leanbh i dteideal Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach) a fháil. Déantar íocaíocht le caomhnóir an linbh go dtí go mbaineann an leanbh 18 mbliana d’aois amach nó, má tá an leanbh in oideachas lánaimseartha, go dtí go mbaineann an leanbh 22 bliain d’aois amach.
Íocaíocht neamh-ranníocach í Íocaíocht Caomhnóra (Neamh-Ranníocach) do leanbh nach bhfuil i dteideal an íocaíocht ranníocach a fháil. Bunaítear an tástáil mhaoine don íocaíocht seo ar thástáil mhaoine an linbh. Déantar íocaíocht le caomhnóir an linbh go dtí go mbaineann an leanbh 18 mbliana d’aois amach nó, má tá an leanbh in oideachas lánaimseartha, go dtí go mbaineann an leanbh 22 bliain d’aois amach.
Faoin Scéim Díobhálacha Ceirde, is féidir Pinsean Dílleachta faoin Scéim Sochair Báis a bhronnadh ar chaomhnóir an linbh má tharla an méid seo a leanas do chaomhnóir an linbh nó má bhí an méid seo a leanas á fháil ag caomhnóir an linbh, a raibh tacaíocht á tabhairt acu don leanbh nó leanaí dílleachta:
- fuair siad bás mar thoradh ar thimpiste ag an obair
- fuair siad bás mar thoradh ar ghalar gairm bheatha
- bhí Pinsean Míchumais á fháil acu a measadh ag 50% nó níos mó ag tráth a mbáis
Ní dhéantar tástáil mhaoine ar Phinsean an Dílleachta.
Ráta íocaíochta
Is í an Íocaíocht Caomhnóra uasta €227 sa tseachtain.
Cánacha
Tá íocaíochtaí caomhnóra go hiomlán díolmhaithe ó cháin ioncaim, ÁSPC agus MSU.
Iarratas a dhéanamh
Ní féidir leat iarratais a dhéanamh ar an íocaíocht seo ach sa phost.
Chun iarratas a dhéanamh, líon an fhoirm thíos agus seol í chuig:
Íocaíocht Caomhnóra,
Seirbhísí Leasa Shóisialaigh,
Bóthar an Choláiste, Sligeach,
Contae Shligigh,
F91 T384
Teagmháil
Guardian's Payment Section
- Seoladh:
- Guardian's Payment Section, Department of Social Protection, College Road, Sligo, Co. Sligo, F91 T384
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 200400;
071 9157100
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.