English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 (PUP)



An méid a bhí i gceist le hÍocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19

Tháinig deireadh le hÍocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 (PUP) nuair a d'athoscail ionaid oibre.

Bhí PUP oscailte duit má bhí tú i d'fhostaí nó féinfhostaithe agus má chaill tú do phost mar gheall ar phaindéim COVID-19. Dúnadh an scéim d'iarrthóirí nua an 22 Eanáir 2022.


Conas cáiliú don íocaíocht

Ón 22 Eanáir 2022, dúnadh Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 d'iarrthóirí nua. Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht seo a thuilleadh.

Bhí tú incháilithe don íocaíocht seo:

  • má bhí tú idir 18 agus 66 bliain d’aois agus
  • má bhí tú i do chónaí i bPoblacht na hÉireann agus
  • má chaill tú do phost an 7 Nollaig 2021 nó dá éis mar gheall ar na srianta COVID-19 a tugadh isteach ar an dáta sin
  • má scaoileadh chun bealaigh tú go sealadach an 7 Nollaig 2021 nó dá éis mar gheall ar na srianta COVID-19 a tugadh isteach ar an dáta sin
  • má bhí tú féinfhostaithe agus gur tháinig deireadh nó gur laghdaigh d’ioncam trádála an 7 Nollaig 2021 nó dá éis mar gheall ar shrianta COVID-19 a tugadh isteach ar an dáta sin (b'éigean duit a bheith ar fáil chun dul i mbun fostaíochta lánaimseartha) agus
  • mura raibh aon ioncam á fháil agat ó fhostóir agus
  • má bhí obair á lorg agat i ndáiríre

D'fhéadfá cáiliú don íocaíocht seo freisin:

  • má d'oibrigh tú i bPoblacht na hÉireann nó má bhí tú i d'oibrí trasteorann
  • mas oibrí neamh-AE/LEE tú a chaill fostaíocht mar gheall ar phaindéim COVID-19
  • má bhí tú i do mhac léinn (nó i do mhac léinn neamh-AE/LEE) a chaill fostaíocht de bharr na srianta nua a tugadh isteach an 7 Nollaig 2021
  • má bhí tú i do chónaí i Soláthar Díreach agus má chaill tú fostaíocht mar gheall ar phaindéim COVID-19

Ní fhéadfá cáiliú don íocaíocht seo:

  • má d’fhág tú d’fhostaíocht nó d’fhéinfhostaíocht go deonach
  • murar chomhlíon tú na critéir thuas

Bhí ort freisin Item was unpublished or removed má tháinig aon athrú ar do chúinsí.


Ráta íocaíochta

Rátaí íocaíochta do dhaoine a chaill a bpost tar éis an 7 Nollaig 2021

Tuilleamh seachtainiúil roimhe seo D'íocaíocht ón 8 Márta
€400 nó níos mó €208
Idir €300 agus €399.99 €208
Idir €200 agus €299.99 €208
Idir €151.51 agus €199.99 €208
Níos lú ná €151.50 €150

Tabhair ar aird: má fuair tú íocaíocht PUP, thosaigh an próiseas chun bogadh chuig téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist an 25 Márta. Íocadh PUP suas go dtí an 29 Márta agus an lá sin san áireamh.

Rátaí íocaíochta do dhaoine a chaill a bpost roimh an 7 Iúil 2021

Tuilleamh seachtainiúil roimhe seo D'íocaíocht ón 8 Márta
€400 nó níos mó €208 in aghaidh na seachtaine
Idir €300 agus €399.99 €208 in aghaidh na seachtaine
Idir €200 agus €299.99 Aistrithe go téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist an 9 Samhain 2021
Níos lú ná €200 Aistritithe go téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist an 26 Deireadh Fómhair 2021

Tabhair ar aird: má fuair tú íocaíocht PUP, thosaigh an próiseas chun bogadh chuig téarmaí caighdeánacha cuardaitheora poist an 25 Márta. Íocadh PUP suas go dtí an 29 Márta agus an lá sin san áireamh.

Léigh tuilleadh faoi rátaí Íocaíochta Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 anseo.


Iarratas a Dhéanamh

Dúnadh an íocaíocht seo d'iarrthóirí nua an 22 Eanáir agus ní féidir leat iarratas a dhéanamh a thuilleadh.


Conas Íocaíochtaí Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 a aisíoc

Má fuair tú íocaíocht as Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 agus mura raibh tú i dteideal í a fháil, is féidir leat an roinn a aisíoc ar roinnt bealaí éagsúla.

Conas Íocaíochtaí Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 a aisíoc


Teagmháil

Má theastaíonn eolas nó cúnamh breise uait, déan teagmháil le:

National Intreo Contact Centre

Teileafón:
0818 405060