English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist



Céard é Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist?

Is socrú speisialta é an Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist (JST) faoin Scéim Liúntas Cuardaitheora Post. Is íocaíocht tástáilte ó thaobh acmhainne í seo.

D’fhéadfá cáiliú don íocaíocht seo mura bhfuil cónaí ort le céile, páirtí sibhialta nó comháitritheoir agus má tá do leanbh is óige idir 7 agus 14 bhliain d’aois


Conas cáiliú

Chun cáiliú do JST, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • A bheith in ann a bheith ag obair
  • A bheith faoi 66 bliain d’aois (nuair a shroicheann tú 66 bliain d’aois tá do cáilithe don Phinsean Stáit).
  • Is tuismitheoir, leastuismitheoir, tuismitheoir uchtaíochta nó caomhnóir dlíthiúil linbh iomchuí thú (ciallaíonn sé seo leanbh atá faoin aoisteorainn iomchuí).
  • Is tusa príomhchúramóir leanbh iomchuí amháin ar a laghad Ní mór go mbeadh an leanbh ina c(h)ónaí leat. Ní íoctar JST má tá coimeád cothrom comhpháirteach agat ar leanbh nó ar leanaí.
  • Comhlíonann tú tástáil acmhainne.
  • Ní comháitritheoir thú.

Má tá tú scartha, colscartha nó má tá deireadh le do pháirtnéireacht shibhialta, ní féidir libh a bheith in bhur gcónaí le chéile le haghaidh trí mhí ar a laghad sula ndéanann tú iarratas ar JST.

Nuair a shlánaíonn do leanbh is óige 14 bhliain d’aois, beidh feidhm leis na ngnáthchoinníollacha a bhaineann leis an Liúntas Cuardaitheora Poist.

Is féidir leat páirt a ghlacadh i gcúrsa nó cúrsa oideachais agus JST a fháil. (Má tá tú incháilithe, b’fhéidir go bhféadfá deontas cothaithe mic léinn a fháil ó SUSI – Tacaíocht Uilechoiteann do Mhic Léinn in Éirinn freisin).

Ní gá go mbeadh tú ar fáil le haghaidh agus ag lorg obair lánaimseartha ach ní mór go mbeadh tú in ann a bheith ag obair

Ciallaíonn sé sin gur féidir leat díriú ar do fhreagrachtaí cúraim nuair atá leanaí óga agat. Tá tacaíochtaí cúraim leanaí ar fáil má éiríonn leat obair a aimsiú.

Ní gá go mbeifeá go hiomlán dífhostaithe le haghaidh ceithre lá as seacht lá. Ciallaíonn sé seo go bhféadfá a bheith ag obair go páirtaimseartha le haghaidh cúig lá agus go mbeadh JST á fháil agat fós (faoi réir na tástála acmhainne). Chuirfeadh sé seo ar do chumas a bheith ag obair ar maidin nuair atá do leanbh nó do leanaí ag freastal ar scoil.


Rátaí íocaíochta

Tá ráta na hÍocaíochta Idirthréimhsí Cuardaitheora Poist cothrom le €232 sa tseachtain, móide an ráta le haghaidh aon linbh/leanaí cáilithe.


Déan iarratas

Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm thíos agus seol ar aghaidh, i dteannta leis na doiciméid thacaíochta ábhartha chuig d’Ionad Intreo Áitiúil nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh..

Foirm Iarratais: Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist (JST1)
Eagrán: Meán Fómhair 2024
Amharc amharc

Treoirlínte Oibríochtúla

Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.

Treoirlínte Oibríochtúla: Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist..