Íocaíocht Sheachtainiúil do Thairbhí de Chosaint Shealadach
- Foilsithe: 14 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 28 Lúnasa 2024
- Athruithe ar an Íocaíocht do Thairbhí de Chosaint Shealadach
- Céard í an Íocaíocht Sheachtainiúil do Thairbhí de Chosaint Shealadach
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Próiseas an Iarratais
- Eolas tábhachtach
Athruithe ar an Íocaíocht do Thairbhí de Chosaint Shealadach
I mí na Bealtaine 2024 d’aontaigh an rialtas coibhéis cóireála a chur ar fáil idir Tairbhithe de Chosaint Shealadach (BOTPanna) a tháinig go hÉirinn roimh agus tar éis an 14 Márta agus a bhfuil cónaí orthu i gcóiríocht lánlóistín a sholáthraíonn an Stáit ina gcuirtear béilí agus fóntais ar fáil.
Tháinig an rialtas ar chomhaontú maidir le plean chun an cinneadh seo a chur chun feidhme. Ciallaíonn sé seo:
- ón Luan an 9 Meán Fómhair 2024, ní bheidh Tairbhithe de Chosaint Shealadach a bhfuil cónaí orthu i Lárionad Cóiríochta Ainmnithe ina gcuirtear béilí agus fóntais ar fáil a i dteideal íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh áirithe. Ina measc sin tá:
- Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
-Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
-Liúntas Leasa Forlíontach Bunúsach (seachas Íocaíochtaí ar Riachtanais Bhreise)
-Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach)
-Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- beidh aon Tairbhí den Íocaíocht um Chosaint Shealadach (BOTPanna) a chónaíonn i Lárionad Cóiríochta Ainmnithe (DAC) i dteideal glaníocaíocht sheachtainiúil €38.80 in aghaidh an duine fásta agus €29.80 in aghaidh an linbh faoi réir tástála ioncaim
- má bhaineann sé sin leat, gheobhaidh tú litir ón Roinn ag insint duit faoi athruithe ar d’íocaíocht
- Gheobhaidh BOTPanna a bhfuil cónaí orthu i Lárionaid Cóiríochta Nua-Ainmnithe a gcéad íocaíocht laghdaithe Déardaoin an 12 Meán Fómhair
- beidh tú fós i dteideal an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (ÍTF) agus Sochar Linbh
- is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht ar Riachtanais Bhreisefreisin
- nuair a fhágann Tairbhí de Chosaint Shealadach Lárionad Cóiríochta Ainmnithe nó nuair a dhéanann siad a socruithe cóiríochta féin ar theacht isteach go hÉirinn dóibh, beidh siad i dteideal iarratas a dhéanamh ar chúnamh coimirce sóisialta caighdeánach, faoi réir na gcoinníollacha incháilitheachta caighdeánacha a chomhlíonadh
Céard í an Íocaíocht Sheachtainiúil do Thairbhí de Chosaint Shealadach
Más Tairbhí de Chosaint Shealadach thú faoin Treoir um Chosaint Shealadach agus má tá tú i do chónaí i Lárionad Cóiríochta arna ainmniú ag an Item was unpublished or removed tá tú i dteideal an Íocaíocht Sheachtainiúil do Thairbhí de Chosaint Shealadach a fháil, faoi réir tástála ioncaim. Tá liosta iomlán de na lárionaid ainmnithe le fáil anseo.
Conas cáiliú
Tá an íocaíocht sheachtainiúil iníoctha le gach Tairbhí de Chosaint Shealadach a bhfuil cónaí orthu i Lárionad Cóiríochta atá ainmnithe ag an Item was unpublished or removed. Tá an íocaíocht faoi réir tástála ioncaim.
Beidh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) ag teastáil uait chun rochtain a fháil ar thacaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
Rátaí íocaíochta
Is é ráta an liúntais ná €38.80 in aghaidh na seachtaine do dhuine fásta agus €29.80 in aghaidh na seachtaine do leanbh.
Próiseas an Iarratais
Leanfar le Tairbhithe de Chosaint Shealadach nuathagtha a threorú tríd an bpróiseas iarratais ar íocaíocht do Thairbhí de Chosaint Shealadach ag Ionad Comhdhála Iarthar na Cathrach.
Gheobhaidh BOTPanna a bhfuil cónaí orthu i Lárionaid Cóiríochta Nua-Ainmnithe a gcéad íocaíocht laghdaithe Déardaoin an 12 Meán Fómhair. Déanfar athbhreithniú ar theidlíocht don íocaíocht sheachtainiúil BOTP sna seachtainí amach romhainn agus déanfaidh an Roinn cumarsáid le custaiméirí ina n-aonar.
Eolas tábhachtach
Leis an Treoir um Chosaint Shealadach, ceadaítear duit oibriú fad is atá tú in Éirinn.
Is féidir leat deiseanna fostaíochta a fhiosrú ag JobsIreland.ie.
Is féidir ár bpríomhleathanach ar thacaíochtaí ioncaim dóibh siúd a thagann ón Úcráin a fháil anseo.