Íocaíocht Tacaíochta Linbh (ar a dtugtaí ‘Méadú do Leanbh Cáilithe’ roimhe seo)
- Foilsithe: 16 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 18 Márta 2025
- Cad is Íocaíocht Tacaíochta Linbh (ar a dtugtaí ‘Méadú do Leanbh Cáilithe’ roimhe seo) ann
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Cuir iarratas isteach
- Treoirlínte Oibríochta
Cad is Íocaíocht Tacaíochta Linbh (ar a dtugtaí ‘Méadú do Leanbh Cáilithe’ roimhe seo) ann
Tá d’íocaíocht leasa shóisialaigh comhdhéanta de mhéid seachtainiúil duit féin, ar a dtugtar an ráta pearsanta.
D’fhéadfá méid breise a fháil do do leanbh ar a dtugtar Íocaíocht Tacaíochta Linbh (ÍTL) má tá íocaíochtaí áirithe á bhfáil agat agus má chomhlíonann do leanbh coinníollacha áirithe.
I gcúinsí áirithe, is féidir go bhfaighidh tú Íocaíocht Tacaíochta Linbh ar leathráta.
Conas cáiliú
Chun an Íocaíocht Tacaíochta Linbh a fháil, ní mór do do leanbh:
- a bheith ina c(h)ónaí sa Stát
- gan a bheith faoi choimeád dlíthiúil
- an coinníoll aoise don íocaíocht sin a shásamh
- a bheith ina c(h)ónaí leat
Ní fhaigheann tú Íocaíocht Tacaíochta Linbh má fhaigheann do leanbh íocaíocht leasa shóisialaigh nó Liúntas Forlíontach Leasa astu féin, seachas Sochar Míchumais.
Má tá Íocaíocht Tacaíochta Linbh á fáil agat áfach, i rith na tréimhse saoire samhraidh idir na blianta acadúla agus má thagann do leanbh chun a bheith i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh ina gceart féin, leanfaidh tú den Íocaíocht Tacaíochta Linbh a fháil agus laghdófar íocaíocht do linbh atá cothrom le méid na hÍocaíochta Tacaíochta Linbh.
Ní chaithfidh do leanbh a bheith ag brath ort i dtaobh airgeadais de. Is féidir le do leanbh a bheith ag obair agus airgead a thuilleamh agus ní théann sé seo i bhfeidhm ar an méadú a íocadh leat.
Is féidir go n-íoctar Íocaíocht Tacaíochta Linbh ar son páistí altrama.
Leanaí faoi 18 bliain d’aois
De ghnáth is leanbh cleithiúnach ann, leanbh atá suas le 18 mbliana d’aois a chónaíonn leat.
Leanaí 18 mbliana d’aois agus níos sine
Má tá do leanbh 18 mbliana d’aois nó níos sine, is féidir leat leanúint ar aghaidh ag fáil Íocaíocht Tacaíochta Linbh ar feadh trí mhí tar éis dó nó di oideachas dara leibhéal a fhágáil nó an Ardteistiméireacht a chríochnú, ar an gcoinníoll nach bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu ina gceart féin.
Is féidir leanúint le hÍocaíocht Tacaíochta Linbh a íoc má thosaíonn do leanbh ag obair díreach tar éis dó nó di críochnú ar scoil.
Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh fhadtéarmach á fáil agat agus má tá do leanbh in oideachas lánaimseartha, íocfar Íocaíocht Tacaíochta Linbh suas go dtí aois 22 nó suas go dtí deireadh na bliana acadúla ina sroicheann sé nó sí 22.
Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh ghearrthéarmach á fáil agat ar feadh 156 lá ar a laghad agus má tá do leanbh in oideachas lánaimseartha, íocfar Íocaíocht Tacaíochta Linbh suas go dtí aois 22 nó suas go dtí deireadh na bliana acadúla ina sroicheann sé nó sí 22. Is féidir am a chaitear ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile a chur le chéile chun na 156 lá a chomhlíonadh ach níor chóir go mbeadh an tréimhse idir aon dá íocaíocht níos mó ná 13 seachtaine.
Níor cheart go mbeadh an tréimhse idir íocaíochtaí Liúntais Chuardaitheora Poist níos mó ná 52 seachtain.
Ní áirítear le hoideachas lánaimseartha oiliúint a chuireann SOLAS ar fáil sa chás go n-íoctar liúntas nó sa chás go bhfuil an tréimhse taithí oibre níos mó ná an tréimhse oiliúna nó teagaisc nó sa chás gur cuid de chlár fostaíochta nó taithí oibre í an oiliúint.
Eisceacht amháin a bhaineann leis seo is ea Ógtheagmháil.
Íocaíocht Tacaíochta Linbh ar lánráta agus leathráta
I gcás an chuid is mó de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh, faigheann tú Méadú lánráta do Leanbh Cáilithe má fhaigheann tú Íocaíocht Tacaíochta Linbh do do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir nó má tá tú ag tuismitheoireacht ina n-aonar.
Faigheann tú Íocaíocht Tacaíochta Linbh ar leathráta má tá ioncam idir €310 agus €400 sa tseachtain ag do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir.
Ní íoctar Íocaíocht Tacaíochta Linbh amháin do gach linbh cáilithe. Má tá tú féin agus do chéile, comhpháirtí sibhialta nó comhchónaitheoir ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh araon, gheobhaidh tú Íocaíocht Tacaíochta Linbh ar leathráta do gach leanbh.
Má fhaigheann tú Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe le Liúntas Leasa Forlíontach, faigheann tú Íocaíocht Tacaíochta Linbh ar lánráta. Níl Íocaíocht Tacaíochta Linbh iníoctha le Liúntas Leasa Forlíontach.
Íoctar Íocaíocht Tacaíochta Linbh ar lánráta le Liúntas Cúramóra más tuismitheoir aonair thú. Íoctar Íocaíocht Tacaíochta Linbh leathráta le Liúntas Cúramóra má tá tú ag tuismitheoireacht i d’aonar. Ní fhaigheann tú Íocaíocht Tacaíochta Linbh má tá Liúntas Cúramóra leathráta á fháil agat.
Tá na rialacha ioncaim éagsúil maidir le Liúntas Cuardaitheora Poist, Liúntas Míchumais, Cúnamh Feirme agus Liúntas Réamhscoir.
I gcás na n-íocaíochtaí seo, déantar ioncam iomlán an teaghlaigh a mheas i dtástáil mhaoine. Déantar d'acmhainn inmheasúnaithe a asbhaint ón íocaíocht uasta as do chúinsí chun méid iarbhír an Liúntais Cuardaitheora Poist, an Liúntais Mhíchumais, an Chúnaimh Feirme nó an Liúntais Réamhscoir a bhfuil tú i dteideal a fháil.
Eisceachtaí
Ní fhaigheann tú Íocaíocht Tacaíochta Linbh leis na híocaíochtaí seo a leanas:
- Íocaíocht Teaghlaigh Oibre (ar a dtugtaí an Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh roimhe seo)
- Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach agus Neamhranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach)
- Sochar Báis trí Íocaíocht Dhílleachta
Ní fhaigheann tú Íocaíocht Tacaíochta Linbh má tá ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á éileamh agat agus tá ollioncam do chéile, do pháirtnéara sibhialta nó do chomhchónaitheora os cionn €400:
Rátaí íocaíochta
Is í Íocaíocht Tacaíochta Linbh ná:
Ráta iomlán | Leathráta | |
Leanaí faoi 12 bliain d’aois | €50 | €25 |
Leanaí 12 bliain d’aois nó níos sine | €62 | €31 |
Cuir iarratas isteach
Chun Íocaíocht Tacaíochta Linbh a fháil ní mór duit sonraí faoi do chleithiúnaí aosaithe a thabhairt ar d’fhoirm éilimh nuair a dhéanann tú iarratas ar íocaíocht leasa shóisialaigh.
Mura ndearna tú éileamh ar son do chleithiúnaí aosaithe ag an am a rinne tú d’éileamh, déan teagmháil le do thoil leis an rannóg sa roinn seo a íocann d’íocaíocht leasa shóisialaigh nó le do Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.
Treoirlínte Oibríochta
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na Roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.