Íocaíochtaí ar Riachtanais Eisceachtúla (LLF)
- Foilsithe: 9 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 1 Márta 2024
- Céard é Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúil?
- Conas cáiliú
- An ráta íocaíochta
- Déan iarratas
- Treoirlínte Oibríochtúla
Céard é Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúil?
Is íocaíocht aonair í an Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúil chun cabhrú le caiteachas riachtanach, aonuaire, eisceachtúil a íoc, sa chás nach bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach go mbeadh duine in ann a leithéid a íoc as a (h)ioncam seachtainiúil.
D’fhéadfaí an íocaíocht a úsáid le haghaidh leabaithe nó gréithe cócaireachta, mar shampla, sa chás go bhfuil duine ag bogadh isteach i dteach dá c(h)uid féin den chéad uair, chun cuairt a thabhairt ar ghaolta atá san ospidéal nó i bpríosún, costais sochraide a íoc nó éadaí a cheannach in imthosca eisceachtúla.
Bunaithe ar an méadú atá tagtha ar an gcostas maireachtála mar gheall ar chostais fuinnimh a bheith ag méadú, d’fhéadfadh go mbeadh deacrachtaí ag teaghlaigh áirithe íoc as breosla, leictreachas agus teas. D’fhéadfadh go mbeadh tacaíocht airgeadais ar fáil i bhfoirm Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúil chun cabhrú leis an gcostas breise a bhaineann le teas agus leictreachas a íoc.
Tá Íocaíochtaí Riachtanas Eisceachtúil á riar ag Seirbhísí Leasa Pobail (CWS) na roinne.
Conas cáiliú
Tá foráil déanta le haghaidh Íocaíochtaí Riachtanas Eisceachtúil sa reachtaíocht. Cuirfear imthosca aonair an cháis san áireamh. Breithneofar cumas an duine a bhfuil iarratas á dhéanamh aige/aici ar chúnamh chun an riachtanas sin a chomhlíonadh óna c(h)uid acmhainní féin, acmhainní malartacha nó acmhainní an teaghlaigh, sula gcuirfear cúnamh ar fáil.
B’fhéidir go mbeidh tú incháilithe le haghaidh Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúil sna cásanna seo a leanas:
- tá cónaí ort sa Stát
Go hiondúil, ní bheidh daoine incháilithe sna cásanna seo a leanas:
- tá rochtain acu ar acmhainní malartacha, lena n-áirítear coigilteas, chun freastal ar an riachtanas
- tá sé/sí ag obair go lánaimseartha (30 uair an chloig nó níos mó sa tseachtain) – ach, má tá tú ag obair go lánaimseartha agus má theastaíonn tacaíocht uait, b’fhéidir go mbeidh tú incháilithe le haghaidh Íocaíocht Riachtanas Práinneach, chun cabhrú, mar shampla, leis na costais bhreise breosla agus leictreachais atá le n-íoc ag teaghlaigh mar gheall ar phraghsanna fuinnimh a bheith ag ardú.
- tá an duine i mbun cúrsa oideachais lánaimseartha
- tá an duine páirteach i ndíospóid trádála nó ar stailc. Is féidir leat, áfach, iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúil le haghaidh d’aosaigh chleithiúnaigh nó linbh chleithiúnaigh.
Mura bhfuil tú incháilithe de ghnáth le haghaidh cúnaimh faoi Íocaíochtaí Riachtanas Eisceachtúil, féach Urgent Needs Payments..
An ráta íocaíochta
Braithfidh méid na híocaíochta a gheobhaidh tú ar thástáil acmhainne agus ar an gcineál cúnaimh a theastaíonn uait.
Déan iarratas
Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Leasa Pobail ag Item was unpublished or removed
Is féidir foirm iarratais a íoslódáil anseo nó ó Item was unpublished or removed
Chun cabhrú linn d’éileamh a phróiseáil, ba cheart duit an méid seo a leanas a chur ar fáil:
- Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) duit féin, do chéile, páirtí sibhialta nó comháitritheoir agus do leanaí
- fianaise ar sheoladh
- fianaise ar chónaitheacht (más cuí)
- fianaise ar aitheantas, Cárta Seirbhísí Poiblí (má tá ceann agat), pas, ceadúnas tiomána, ceadúnas oibre, cárta inimirce (GNIB), mar shampla
- doiciméid ar a léirítear do staid ioncaim agus airgeadais, cosúil le duillíní pá agus ráitis bhainc
Tá eolas maidir le híocaíochtaí eile faoin Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh le fáil anseo..
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.
Treoirlínte Oibríochtúla: LLF - Íocaíochtaí ar Riachtanais Eisceachtúla.