Aimsigh d’Ionad Intreo áitiúil
- Foilsithe: 24 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 1 Márta 2024
Is éard atá in Intreo ná pointe teagmhála aonair le haghaidh tacaíochtaí uile fostaíochta agus ioncaim. Tá Intreo leagtha amach chun cur chuige níos cuíchóirithe a chur ar fáil agus cuireann sé seirbhísí agus tacaíochtaí praiticiúla agus oiriúnaithe ar fáil do chuardaitheoirí poist agus fostóirí.
I d’ionad Intreo áitiúil, is féidir eolas a fháil maidir leis an réimse leathan seirbhísí fostaíochta agus tacaíochtaí ioncaim arna gcur ar fáil ag Intreo.
Áirítear i measc tacaíochtaí ioncaim:
- Íocaíochtaí cuardaitheora poist
- Íocaíochtaí um Fhilleadh ar an Obair
- Íocaíochtaí um Fhilleadh ar an Oideachas
- Íocaíochtaí Teaghlaigh Aontuismitheora
Is féidir comhairle a fháil freisin maidir le deiseanna fostaíochta, deiseanna oiliúna agus deiseanna forbartha pearsanta ó Chásoifigeach tiomnaithe.
Saoráid chun cabhrú leat d’ionad Intreo áitiúil, d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil agus d’oifig bhrainse áitiúil a aimsiú de réir an chontae.