Aisíocaíochtaí ÁSPC
- Foilsithe: 8 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2023
Céard é aisíocaíocht ÁSPC
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht Árachais Shóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC) má íocadh an ráta ÁSPC mícheart ó do phá nó ioncam.
Is féidir iarratais a dhéanamh don 4 bhliain chánach iomlán deiridh.
Conas cáiliú
D’fhéadfá a bheith i dteideal aisíocaíochtaí ÁSPC sna cásanna seo a leanas:
- Tá tús níos sine ná 66 agus tá ÁSPC íoctha agat ar do phá
- Tá tú faoi 16 agus tá ÁSPC íoctha agat ar do phá
- Tá tú féinfhostaithe mar Stiúrthóir Cuideachta, Trádálaí Aonair nó ball de Chomhpháirtíocht agus tá ranníocaíochtaí Aicme A seachas Aicme S íoctha agat
- Is Státseirbhíseach thú, a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995 agus a d’íoc Aicme A seachas B,C nó D
- D’íoc tú cothabháil le céile nó páirtí sibhialta
- Tá E101/Doiciméad Iniompartha A1/Teastas Cumhdaigh/Teastas Díolúine i do sheilbh
- Ní raibh aon chonradh seirbhíse agat le fostóir
- Fostaíocht Choimhdeach – Is státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí buan thú, a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995, a d’íoc ÁSPC iomlán i gcomhthráth i bhfostaíocht eile
D’íoc tú ÁSPC ar do phá iomlán fad is a bhí Sochar Máithreachais, Sochar Uchtála, Sochar Atharthachta, Sochar Breoiteachta nó Sochar Sláinte agus Sábháilteachtaa fháil agat
Má theastaíonn tuilleadh samplaí uait féach ar na treoirlínte gaolmhara..
Déan iarratas
Más fostaí thú
Iarratas MyWelfare
Le haghaidh fostaithe, is é an bealach is tapa iarratas a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.
Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit clárú le haghaidh Cárta Seirbhísí Poiblí (PSC) agus d’fhón póca a nascadh leis an gcárta seo.
Le haghaidh cineálacha áirithe aisíocaíochta, teastaíonn doiciméid bhreise. Is féidir iad seo a uaslódáil le d’iarratas ar líne.
Mura féidir leat an córas ar líne a úsáid, is féidir leat foirm iarratais le haghaidh Aisíocaíocht Ranníocaíochtaí ÁSPC Fostaí (PRSI REF1) a íoslódáil agus a chomhlánú.
Is féidir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig:
PRSI Refunds
- Seoladh:
- PRSI Refunds, Department of Social Protection, Gandon House, Amiens Street, Dublin 1, D01 A361
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 6732586
Más fostóir thú
Is féidir le fostóirí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht ar a son féin nó ar son fostaithe foirm iarratais le haghaidh Aisíocaíocht Ranníocaíochtaí ÁSPC Fostóra (PRSI REF2) a íoslódáil agus a chomhlánú.
Is féidir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig:
PRSI Refunds
- Seoladh:
- PRSI Refunds, Department of Social Protection, Gandon House, Amiens Street, Dublin 1, D01 A361
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 6732586
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.
Treoirlínte Oibríochtúla: ÁSPC - Rannóg Aisíocaíochtaí ÁSPC..