An Clár Socrúcháin Taithí Oibre
- Foilsithe: 12 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- An méid atá i gceist leis an gClár Socrúcháin Taithí Oibre
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Iarratas a dhéanamh
- Treoirlínte Oibríochtúla
- Case study video
An méid atá i gceist leis an gClár Socrúcháin Taithí Oibre
Is é atá sa Chlár Socrúcháin Taithí Oibre (WPEP) ná clár taithí oibre dheonach 30 uair sa tseachtain a mhaireann 6 mhí. Tá an clár dírithe ar chuardaitheoirí poist a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh cháilitheach á fáil acu faoi láthair agus atá dífhostaithe ar feadh sé mhí (156 lá) nó níos faide.
Is ionann an ráta íocaíochta agus €359 sa tseachtain.
Féach an liosta cáilitheach sa chéad chuid eile.
Más mian leat tabhairt faoi athoiliúint agus taithí a fháil i gcineál eile fostaíochta, is féidir leis an gclár seo cabhrú leat scileanna nua a fhorbairt agus taithí oibre a fháil. Ní féidir leat glacadh le socrúchán i réimse ina bhfuil taithí faighte agat cheana féin sa ról.
Is féidir leat obair pháirtaimseartha a dhéanamh fad a bhíonn tú ag glacadh páirte sa chlár, a fhad agus nach bhfuil tionchar ag an obair pháirtaimseartha ar do shocrúchán. Ní féidir an obair pháirtaimseartha a dhéanamh le hóstach an WPEP.
Conas cáiliú
Chun cáiliú don Chlár Socrúcháin Taithí Oibre, caithfidh gur cuardaitheoir poist thú:
- atá idir 18 agus 65 bliain d’aois, agus
- atá rannpháirteach i scéim cháilitheach ar feadh 6 mhí (156 lá), ar a laghad, agus
- a bhfuil íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh á bhfáil agat, agus
Is iad na híocaíochtaí cáilitheacha:
- Liúntas Cuardaitheora Poist
- Sochar Cuardaitheora Poist
- Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist
- Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora
- Liúntas Míchumais
- Pinsean na nDall
- Cúnamh Feirme
- Sochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe
Is féidir am a caitheadh ar na scéimeanna thíos a chur san áireamh mar chuid de na critéir cháilitheacha 6 mhí (156 lá). Caithfidh tú aistriú chuig íocaíocht Chuardaitheora Poist sular féidir leat glacadh leis an socrúchán.
- An Clár Fostaíochta Pobail
- Liúntas um Fhilleadh ar Oideacha
- Ógtheagmháil
- Springboard
- Cláir Oiliúna Solas
- TÚS - Tionscnamh Socrúchán Oibre Pobail
- An Scéim Shóisialta Tuaithe
Cuirtear eolas ar fáil sna Treoirlínte maidir leis an CSTO ar cháilitheacht rannpháirtithe nó is féidir leat seiceáil leis an gCásoifigeach i do Ionad Intreo áitiúil féachaint an bhfuil tú i dteideal páirt a ghlacadh in aon scéim nó socrúchán.
Rátaí íocaíochta
Is é an ráta íocaíochta €359 sa tseachtain.
Má tá tú i dteideal sochair bhreise a fháil, cosúil le Liúntas Breosla, Méadú do Mhaireachtáil Aonair nó Liúntas Tacaíochta Gutháin, is féidir leat iad seo a fháil anuas ar phríomhíocaíocht an CSTO.
Iarratas a dhéanamh
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an CSTO trí chlárú ar JobsIreland.ie.
A luaithe a bhíonn tú cláraithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar fholúntais an CSTO a fhógraítear ar JobsIreland.