English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

An Deontas um Oiriúnú Trealaimh san Ionad Oibre



Cad é an Deontas um Oiriúnú Trealaimh san Ionad Oibre

Ceapadh an deontas seo do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil tairiscint fostaíochta faighte acu, nó atá ar tí a bheith ath-imlonnaithe, ardú céime a fháil, nó a bheith féinfhostaithe.

Má chiallaíonn aon cheann de na hathruithe seo go dteastaíonn ionad oibre atá níos inrochtana nó oiriúnaithe uait chun do phost a dhéanamh, d’fhéadfadh d’fhostóir deontas a fháil i leith na gcostas sin.

Samplaí d’athruithe:

  • mionathruithe ar nós rampaí nó leithris
  • córais aláraim a bhfuil soilse gealánacha orthu
  • oiriúnú trealaimh, ar nós sintéiseoirí gutha do ríomhairí nó aimplitheoirí gutháin

Conas cáiliú

Is féidir leat féin nó le d’fhostóir iarratas a dhéanamh ar an deontas seo:

  • má tá tairiscint fostaíochta nó phrintíseachta faighte agat san earnáil phríobháideach agus má theastaíonn oiriúnuithe ar threalamh nó ar áitreabh chun tabhairt faoi dhualgais
  • má tá tú fostaithe san earnáil phríobháideach agus d’athraigh tú poist le déanaí mar thoradh ar ath-imlonnú nó ardú céime, agus má theastaíonn oiriúnuithe ar threalamh nó ar áitreabh chun tabhairt faoi dhualgais
  • má tá míchumas tagtha ort le linn duit a bheith i mbun fostaíochta, nó má tá riocht ort atá ag dul in olcas, agus má theastaíonn oiriúnuithe ar threalamh nó ar áitreabh chun d’fhostaíocht a choinneáil
  • má tá tú ar tí a bheith féinfhostaithe agus beidh gá le hoiriúnuithe ar d’áitreabh nó ar do threalamh oibre

Déan iarratas

Is féidir le d’fhostóir dul i dteagmháil le d’Oifig Intreo áitiúil chun foirmeacha iarratais a fháil nó is féidir iad a íoslódáil anseo:

Application Form - Part 1: Workplace Equipment Adaption Grant (WEAG)
Completed Forms should be sent to your local Intreo Centre. If you know the name of the Case Officer dealing with your application please address the application to him or her.
Amharc amharc

agus

Application Form - Part 2: Workplace Equipment Adaption Grant (WEAG)
The second part of the application for the Reasonable Accommodation Grant Application.
Amharc amharc

Ní mór d’iarrthóirí na hathruithe is gá a aithint, agus fianaise leighis a chur isteach go bhfuil gá leis an oiriúnú chun fostaíocht a choinneáil.

I gcás oiriúnuithe san ionad oibre, ba cheart pleananna a chur isteach leis na moltaí chomh maith le hamscála chun an obair a chríochnú.

Buailfidh Cásoifigeach ón roinn leis an iarrthóir chun an t-iarratas a athbhreithniú. Íocfaidh an roinn deontas leis an iarrthóir chun na costais aontaithe a íoc.

Má tá an méid iomlán atá á éileamh:

  • faoi €700, ba chóir meastachán amháin a chur isteach
  • os cionn €700 agus faoi €1,500 ba chóir dhá mheastachán a chur isteach
  • os cionn €1,500 ba chóir trí mheastachán a chur isteach

Sonraí teagmhála

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le do Ionad Intreo áitiúil nó leis an Cásoifigeach Míchumais Ainmnithe i do cheantar.


Treoirlínte Oibríochtúla

Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.

Treoirlínte Oibríochtúla: Deontas um Oiriúnú Trealaimh san Ionad Oibre (WEAG)