An Pinsean (Neamh-ranníocach) Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtí Sibhialta Marthanach
- Foilsithe: 25 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 3 Eanáir 2025
- An méid atá i gceist le Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Iarratas a dhéanamh
- Treoirlínte Oibríochtúla
An méid atá i gceist le Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)
Íocaíocht ar a ndéantar tástáil mhaoine é Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) a dhéantar le baintreacha, baintreacha fir nó páirtnéirí sibhialta marthanacha nach gcáilíonn do Phinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach).
Is é an ráta íocaíochta €244 sa tseachtain.
Íocaíocht í seo do bhaintreacha, baintreacha fir nó páirtnéirí sibhialta marthanacha nach bhfuil leanaí cleithiúnacha acu. Is féidir le daoine a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora nó ar Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) nuair a bhaineann tú 66 bliain d’aois amach. Gearrtar cáin ar an bpinsean seo ach ní dóchúil go n-íocfaidh tú cáin más é an t-aon ioncam atá agat.
Conas cáiliú
Le cáiliú, caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh:
- bheith i do bhaintreach/bhaintreach fir nó páirtnéir sibhialta marthanach
- gan bheith ag comhchónaí le duine eile
- pas a bhaint amach i dtástáil mhaoine
- gnáthchónaí a bheith ort sa Stát
Rátaí íocaíochta
Braithfidh do ráta íocaíochta ar thoradh na tástála maoine. Taispeántar sa tábla thíos an ráta íocaíochta seachtainiúil uasta is féidir le duine a fháil mura bhfuil aon ioncam acu ó aon fhoinse.
Is é an tsuim iníoctha uasta €244 gach seachtain.
Íoctar pinsin gach seachtain:
- ag oifig an phoist áitiúil trí úsáid a bhaint as do Chárta Seirbhísí Sóisialta nó do Chárta Seirbhísí Poiblí nó
- trí íocaíocht díreach isteach i do chuntas reatha nó taisce (cuntas coigiltis) i do rogha institiúid airgeadais
Iarratas a dhéanamh
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ag d’Ionad Intreo nó d’oifig brainse leasa shóisialaigh áitiúil.
De rogha air sin, líon agus clóigh an fhoirm atá ag bun an leathanaigh seo. Seol an fhoirm líonta ansin chuig:
Widow’s, Widower’s or Surviving Civil Partner’s (Non-Contributory) Pension Section
- Seoladh:
- Department of Social Protection, College Road, Sligo, Co. Sligo, F91 T384.
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 71 9157100;
0818 200400
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.