An Pinsean (Ranníocach) Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtí Sibhialta Marthanach
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 3 Eanáir 2025
- An méid atá i gceist le Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Iarratas a dhéanamh
- Teagmháil
- Treoirlínte Oibríochtúla
An méid atá i gceist le Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
Íocaíocht sheachtainiúil é Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a dhéantar le fear céile, bean chéile nó le páirtnéir sibhialta duine a fuair bás.
Caithfidh gur íoc tú féin nó do chéile nó do pháirtnéir sibhialta, nach maireann, dóthain ranníocaíochtaí Árachais Shóisialaigh Phá-Choibhneasa (ÁSPC).
Conas cáiliú
Tá teidlíocht bunaithe ar do thaifead árachais shóisialaigh féin nó ar thaifead do chéile nó do pháirtnéara shibhialta, nach maireann. Caithfidh go ndearnadh na ranníocaíochtaí go léir roimh bhás do chéile nó do pháirtnéara shibhialta. Ní féidir an dá thaifead a chur le chéile nuair a ríomhtar teidlíocht.
Le cáiliú, caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh:
- bheith i do bhaintreach/bhaintreach fir nó páirtnéir sibhialta marthanach
- gan bheith ag comhchónaí le duine eile
- an dá choinníoll ranníocaíochta seo a leanas A agus B thíos a shásamh:
A) d’íoc tú ar a laghad 260 ranníocaíocht árachais shóisialaigh (ÁSPC) go dtí dáta báis do chéile nó do pháirtnéara shibhialta, nó sular bhain tú aois an phinsin amach, pé ceann is luaithe
agus
B) an líon ranníocaíochtaí seo a leanas a bheith íoctha ar an meán gach bliain:
39 ranníocaíocht árachais shóisialaigh (ÁSPC) íoctha sna trí nó sna cúig bliana roimh dháta báis do chéile nó do pháirtnéara shibhialta, nó sular bhain tú aois an phinsin amach, pé ceann is luaithe (tugtar ‘an Meán Bliantúil Gearr’ air seo)
nó
ar a laghad 24 ranníocaíocht árachais shóisialaigh (ÁSPC) íoctha ó bhliain na chéad iontrála isteach in árachas sóisialach (ÁSPC) go dtí bliain bháis do chéile nó do pháirtnéara shibhialta, nó an bhliain a bhain tú aois an phinsin amach, pé ceann is luaithe (tugtar ‘an Meán Bliantúil Fada’ air seo)
Nóta: Tagraíonn aois an phinsin, arb é 66 faoi láthair, don duine a bhfuil a dtaifead árachais á scrúdú.
Mura gcáilíonn tú don phinsean seo
Má tá tú: | Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ansin ar: |
faoi 66 agus tá leanbh cáilithe agat | Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora |
faoi 66 agus níl leanbh cáilithe agat | Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) |
aois 66 bliain agus níos sine | Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) |
Rátaí íocaíochta
Le do ráta íocaíochta a dheimhniú, ríomhaimid do 'Meán Bliantúil Gearr’ ar dtús. Más é seo 39 nó níos mó, cáileofar thú don ráta uasta.
Má tá sé faoi bhun 39, ríomhaimid do 'Meán Bliantúil Fada'. Más é seo 48 nó níos mó, cáileofar thú don ráta uasta seachtainiúil. Más é seo 47 nó níos lú, cáileofar thú do ráta laghdaithe íocaíochta.
Ranníocaíochtaí | Aois faoi 66 | 66 bliain d’aois nó níos sine | |
48 ranníocaíocht nó níos mó | €249.50 | €289.30 | |
36-47 ranníocaíocht | €245.70 | €283.70 | |
24-35 ranníocaíocht | €242.90 | €277 |
Íoctar pinsin gach seachtain:
- ag oifig an phoist áitiúil trí úsáid a bhaint as do Chárta Seirbhísí Sóisialta nó do Chárta Seirbhísí Poiblí
nó
- trí íocaíocht go díreach isteach i do chuntas reatha nó taisce (cuntas coigiltis) i do rogha institiúid airgeadais
Iarratas a dhéanamh
Ní féidir leat iarratais a dhéanamh ar an íocaíocht seo ach sa phost.
Má chónaíonn tú i bPoblacht na hÉireann, ba cheart duit an fhoirm iarratais ag bun an leathanaigh seo a líonadh agus í a sheoladh leis na cáipéisí tacaíochta chuig:
An Roinn Coimirce Sóisialaí,
Bóthar an Choláiste,
Sligeach,
Contae Shligigh,
F91 T384.
Má chónaíonn tú i dtír an AE nó i dtír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí ag Éirinn léi, agus má d’íoc tú árachas sóisialach sa tír sin, ba cheart duit iarratas a dhéanamh leis an ngníomhaireacht slándála sóisialaí sa tír sin. Seolfaidh siad sonraí faoi d’iarratas agus na taifid árachais shóisialaigh ábhartha chugainn.
Molaimid go gcuireann tú isteach ar an bpinsean seo a luaithe agus is féidir tar éis go bhfaigheann do chéile nó do pháirtnéir sibhialta bás agus tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis a mbáis
Teagmháil
Widow’s, Widower’s or Surviving Civil Partner’s (Contributory) Pension Section
- Seoladh:
- Widow's, Widower's or Surviving Civil Partner's (Contributory) Pension Section, Department of Social Protection, College Road, Sligo, Co Sligo, F91 T384
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 200400;
071 9157100
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.