An Rogha Oibre Deonaí
- Foilsithe: 12 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Feabhra 2023
An méid atá i gceist leis an Rogha Oibre Deonaí
Ceadaíonn Scéim na Rogha Oibre Deonaí do chuardaitheoirí poist chun oibriú san earnáil dheonach.
Is minic a oibríonn grúpaí deonacha le:
- daoine breoite, aosta nó faoi mhíchumas
- clubanna óige
- grúpaí eaglaise
- grúpaí spóirt
- grúpaí áitiúla
Is gnách go maireann an obair seo ar feadh cúpla uair an chloig sa lá nó cúpla lá sa tseachtain ach is féidir comhaontú a dhéanamh ar róil lánaimseartha i ngrúpaí deonacha le do chásoifigeach ag d’Ionad Intreo áitiúil.
Conas cáiliú
Caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh:
- Bheith i do chuardaitheoir poist
- Bheith ar fáil chun obair a dhéanamh
- Obair a bheith á lorg agat
Féadfaidh cuardaitheoir poist a dhéanann obair dheonach laistigh den Stát leanúint le bheith i dteideal íocaíocht Cuardaitheora Poist ar an gcoinníoll, fad is atá an obair dheonach á déanamh, go mbeidh na coinníollacha reachtúla a bhaineann le bheith ar fáil le haghaidh oibre agus ag cuardach oibre i ndáiríre á gcomhlíonadh.
Iarratas a dhéanamh
Tabhair foirm líonta leat chuig do d’Ionad Intreo áitiúil