English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

An Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta



An méid atá i gceist leis an Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta

Is éard is íocaíocht iomarcaíochta faoin scéim ann ná íocaíocht ón gCiste Árachais Shóisialaigh a íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí le fostaí i gcás nach bhfuil fostóir in ann íocaíocht iomarcaíochta reachtúil a dhéanamh.

Mura bhfuil d'fhostóir in ann d'íocaíocht iomarcaíochta reachtúil a íoc, is féidir leis an bhfostóir iarratas a chur isteach thar do cheann chuig an roinn ar Chomhpháirtithe Leasa le go n-íocfar an íocaíocht tríd an Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta.


Conas cáiliú

Chun cáiliú don Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • 104 seachtain fostaíochta leanúnach leis an bhfostóir céanna
  • caithfidh an fhostaíocht a bheith inárachaithe go hiomlán faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh
  • nach bhfuil ann don phost a thuilleadh
  • ní mór d'fhostaí a bheith os cionn 16 bliana d'aois

Clúdaíonn an scéim seo fostaithe atá árachaithe i gcomhar na sochar go léir faoin reachtaíocht leasa shóisialaigh. Go ginearálta ciallaíonn sé seo fostaí a íocann ÁSPC aicme “A”

Tá an fostóir freagrach as íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla a íoc le gach fostaí incháilithe. Tá an teidlíocht seo de réir an Achta um Íocaíochtaí Iomarcaíochta.

Tá fostaithe i seirbhís leanúnach leis an bhfostóir céanna ar feadh 13 seachtaine ar a laghad i dteideal tréimhse íosta fógra sula mbeidh fostóir in ann iad a dhífhostú.


Ráta íocaíochta

Is é an ráta iomarcaíochta reachtúla ná pá coicíse in aghaidh gach bliana seirbhíse (os cionn 16 bliana d'aois) móide pá seachtaine breise amháin. Tá an íocaíocht faoi réir teorainn €600 in aghaidh na seachtaine.

Baintear úsáid as do ghnáthphá comhlán seachtainiúil chun d'íocaíocht a ríomh. Mura bhfuil gnáthphá seachtainiúil agat, úsáidtear meánráta chun an íocaíocht a ríomh.

Tá míniú ar conas a ríomhtar an Pá Comhlán Seachtainiúil le fáil anseo.


Íocaíocht Iomarcaíochta a ríomh

Áireamhán Iomarcaíochta

Tá áireamhán iomarcaíochta ar MyWelfare.ie is féidir a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar theidlíochtaí iomarcaíochta reachtúla sula ndéantar éileamh.

Samplaí de ríomhanna

Tá roinnt samplaí ar conas a ríomhtar an íocaíocht iomarcaíochta i gcomhair na Scéime Íocaíochtaí Iomarcaíochta ar fáil anseo.

Seirbhís san áireamh nó eisiata ón ríomh

Cuirfear cineálacha éagsúla neamhláithreachta ón obair san áireamh nó eisiata mar sheirbhís nuair a bheidh an fad ama iarbhír a d'oibrigh tú go leanúnach do d'fhostóir á ríomh. Tugtar seirbhís ináirithe ar na hiniaimh agus tugtar seirbhís neamh-ináirithe ar na heisiaimh.

Liosta seirbhíse ináirithe

Má bhí tú as láthair ón obair le 3 bliana anuas, cuimsítear go leor cúiseanna leis an neamhláithreacht sin i ríomh do sheirbhíse. Áirítear iad seo a leanas orthu sin:

  • Aon tréimhse de shaoire mháithreachais bhunúsach agus bhreise
  • Aon tréimhse de shaoire bhunúsach atharthachta, tuismitheora nó uchtála nó tuismitheora
  • Saoire cúramóra suas le 104 seachtaine
  • Sos Gairme
  • Saoire bhreoiteachta suas le sé mhí in aghaidh na neamhláithreachta le haghaidh gnáthbhreoiteachta nó saoire bhreoiteachta ceirde suas le bliain amháin

Liosta seirbhíse neamh-ináirithe

Má bhí tú as láthair ón obair le 3 bliana anuas, ní chuirfear roinnt cúiseanna leis an neamhláithreacht sin san áireamh agus do sheirbhís á ríomh. Áirítear iad seo a leanas orthu sin:

  • Leagan as sealadach
  • Stailc
  • Saoire Bhreoiteachta Ceirde ar feadh níos mó ná 52 seachtaine
  • Breoiteacht ar feadh níos mó ná 26 seachtaine

Tréimhse Fógra Íosta

Tá fostaithe atá i seirbhís leanúnach leis an bhfostóir céanna ar feadh 13 seachtaine ar a laghad i dteideal tréimhse fógra íosta a fháil sular féidir le fostóir iad a dhífhostú.

Fad na Seirbhíse Fógra is Gá
13 seachtaine go dtí níos lú ná 2 bhliain 1 seachtain
2 bhliain go dtí níos lú ná 5 bliana 2 sheachtain
5 bliana go dtí níos lú ná 10 mbliana 4 seachtaine
10 mbliana go dtí níos lú ná 15 bliana 6 seachtaine
Níos mó ná 15 bliana 8 seachtaine

D'fhéadfadh d'fhostóir cinneadh a dhéanamh íocaíocht a dhéanamh in ionad fógra a thabhairt.


Iarratas a Dhéanamh

Mura bhfuair tú Íocaíocht Iomarcaíochta agus má chreideann tú go bhfuil tú i dteideal íocaíochta, déan teagmháil le d'fhostóir. Ba cheart duit é seo a dhéanamh i scríbhinn lena chinntiú go bhfuil taifead de d'iarratas. Tá teorainn ama bliana ann ó dháta an fhoirceanta chun iarratas a dhéanamh chuig d'fhostóir ar íocaíocht iomarcaíochta.

Má tá an chuideachta ag dul faoi leachtú, is é an leachtaitheoir ionadaí an fhostóra agus tabharfaidh sé freagra ar fhiosruithe maidir le híocaíochtaí iomarcaíochta.

Má dhiúltaíonn d'fhostóir iomarcaíocht a íoc nó má easaontaíonn sé do theidlíocht

Má dhiúltaíonn d'fhostóir do chnapshuim iomarcaíochta a íoc nó má bhíonn díospóid ann faoi iomarcaíocht is féidir leat éileamh a dhéanamh chuig an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC).

Ní mór duit foirm ghearáin ar líne an WRC a úsáid. ]

De ghnáth, ba cheart é seo a dhéanamh laistigh de bhliain amháin ó fhoirceannadh fostaíochta ach is féidir leis an WRC an teorainn ama a shíneadh go 2 bhliain i gcásanna eisceachtúla.

Déanfaidh an WRC cinneadh ar an ngearán.

Iarratas a dhéanamh ar iomarcaíocht ar bhonn dámhachtain WRC

I ndiaidh dámhachtana i bhfabhar an fhostaí má dhiúltaíonn an fostóir íocaíocht a dhéanamh, féadfaidh an fostaí iarratas a dhéanamh go díreach chuig an Roinn ar íocaíocht faoin Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta.

Chun foirm iarratais a iarraidh seol ríomhphost chuig redundancypayments@welfare.ie

Seol cóip den fhoirm shínithe agus de chinneadh an WRC chuig na sonraí teagmhála atá liostaithe ag bun an leathanaigh seo.

Ní gá síniú fostóra a bheith ag gabháil le hiarratais a chuireann fostaí isteach in éineacht le cinneadh ón WRC.

Conas iarratas a dhéanamh más fostóir nó ionadaí fostóra tú

Is féidir le fostóirí agus ionadaithe fostóirí iarratas a dhéanamh ar líne ag Comhpháirtithe Leasa.

Chun rochtain a fháil ar an tseirbhís seo, éileoidh fostóirí agus ionadaithe fostóirí Fo-Dheimhniú ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) a eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi conas iarratas a dhéanamh ar Fho-Dheimhniú RCS a fháil anseo.

Bain úsáid as an treoir thíos chun a fháil amach conas iarratas ar an Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta a chur isteach.

Baineann an treoir seo leat:

  • más tú an fostóir
  • má tá tú i do bhall dá fhoireann
  • má tá tú ar conradh ag an bhfostóir agus iarratais á ndéanamh agat ar a threoir mar chuideachta phárolla, cuntasóir, nó gnólacht aturnae atá fostaithe ag an bhfostóir
  • más ceapaí oifigiúil tú a ceapadh chun gnóthaí an fhostóra a bhainistiú
Redundancy and COVID-19 Related Lay-off Payment Schemes on Welfare Partners
Oct 23 A guide for Employers and Employer Representatives for the Redundancy and COVID-19 Related Lay-off Payment Schemes on Welfare Partners
Amharc amharc

Aisíocaíochtaí

A luaithe a dhéanann an roinn íocaíocht as an gciste árachais shóisialaigh ardófar fiach i gcoinne an fhostóra. Féachfaidh an roinn leis an bhfiach seo a aisghabháil ón bhfostóir. Is féidir aisíocaíochtaí a dhéanamh le híocaíocht chnapshuime nó i dtráthchodanna rialta.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na roghanna íocaíochta atá ar fáil d’fhostóir chun an fiachas seo a aisíoc, cliceáil anseo le do thoil.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le haisghabháil fiachais, is féidir le fostóirí teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Bainistíochta um Fhiachas Iomarcaíochta agus Dócmhainneachta:

Redundancy and Insolvency Debt Management Unit


Tuilleadh eolais


Tacaíochtaí agus seirbhísí fostaíochta agus ioncaim

Is pointe teagmhála aonair é Intreo (an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí) do gach tacaíocht agus seirbhís fostaíochta agus ioncaim.


Teagmháil

Má bhíonn aon cheist agat nuair atá iarratas á dhéanamh agat faoin Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta, seol do cheist ar ríomhphost chuig redundancypayments@welfare.ie

Cuir an oiread eolais agus is féidir leat san áireamh ionas gur féidir linn cabhrú leat. Nó glaoigh ar 0818 11 11 12.

Redundancy and Insolvency Payments Unit

Seoladh:
Redundancy and Insolvency Payments Unit, Gandon House, Amiens Street, Dublin 1, D01 A361.
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

redundancypayments@welfare.ie

insolvencypayments@welfare.ie

Teileafón:
0818 111112
Achoimre:
If contacting this unit by phone, please choose option 4.

Forbhreathnú iomarcaíochta agus dócmhainneachta