An Scéim Cúnaimh Dhaonnúil
- Foilsithe: 9 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cad í an Scéim um Chúnamh Daonnúil
Soláthraíonn Scéim um Chúnamh Daonnúil cúnamh airgeadais tástála ioncaim do theaghlaigh a raibh tionchar ag eachtra drochaimsire orthu. Is í an tSeirbhís Leasa Pobail a riarann í.
Tá sé mar aidhm ag an scéim cruatan a mhaolú in ionad cúiteamh iomlán a sholáthar as damáiste.
Féadfaidh an scéim na nithe seo a leanas a chlúdach:
- íocaíochtaí tacaíochta éigeandála, ar nós bia, éadaí agus earraí pearsanta
- damáiste do do theach agus dá inneachair riachtanacha, ar nós cairpéad, ábhar urláir, troscáin, fearas tí agus éadaigh leapa
- damáiste struchtúrach
Ní chlúdaítear na nithe seo a leanas faoin scéim:
- caillteanais atá clúdaithe ag polasaí árachais
- caillteanas earraí a mheastar a bheith neamhriachtanach nó mar shó-earraí
- caillteanais gnó, thalmhaíochta nó thráchtála
- caillteanas struchtúir nó damáiste do lóistín ar cíos
- aon réadmhaoin bhreise nach bhfuil á n-áitiú ag daoine ná nach bhfuil cónaí ag daoine ann mar an príomháit chónaithe
- mótarfheithiclí a athchur nó a dheisiú
Is iondúil go nglacann an roinn, agus í ag déileáil le heachtraí éigeandála, le cur chuige trí chéim mar a leanas:
- Soláthraíonn Céim 1 íocaíochtaí tacaíochta éigeandála (bia/éadaí/earraí pearsanta) díreach i ndiaidh na heachtra
- Is éard atá i gceist le Céim 2 ná earraí bána, earraí bunúsacha troscáin agus earraí riachtanacha tí eile a athsholáthar
- Tá Céim 3 ann leis an tacaíocht airgeadais níos fadtéarmaí atá ag teastáil a aithint, lena n-áirítear plástráil, líneáil thirim, athleagan urlár, athshreangú leictreach agus péinteáil
Is iad seo a leanas teorainneacha ioncaim na scéime:
- €50,000 do dhuine singil
- €90,000 do lánúin
- €15,000 in aghaidh an linbh chleithiúnaigh
Féadfar leibhéal tacaíochta maolaithe nó laghduithe a sholáthar i gcás ina bhfuil d’ioncam teaghlaigh os cionn na dteorainneacha.
Conas cáiliú
Tá íocaíochtaí faoi réir tástála ioncaim ar ioncam uile an teaghlaigh, a mheasann cumas do theaghlaigh chun íoc as na costais a bhaineann le do theach a athchóiriú ionas gur féidir cónaí ann.
Ní bhaineann teorainneacha ioncaim le híocaíochtaí a dhéantar faoi Chéim 1 den Scéim um Chúnamh Daonnúil.
Le haghaidh cúnamh leis na costais de bhunriachtanais ar nós bia, éadaí, agus earraí pearsanta, cuir an fhoirm iarratais ar Chéim 1 Íocaíocht Éigeandála den Scéim um Chúnamh Daonnúil (HAS1) i gcrích.
Le haghaidh cúnamh leis na hearraí teaghlaigh a athchur agus/nó damáiste struchtúrtha a dheisiú, cuir an fhoirm iarratais ar Scéim Um Chúnamh Daonnúil (HAS2) i gcrích. Ba cheart go ndéanfaidh úinéir cláraithe na réadmhaoine an t-iarratas ar chúnamh le deisiúchán struchtúrach.
Ráta íocaíochta
Braitheann leibhéil na híocaíochta ar mhéid an damáiste agus ar do chumas chun costas na ndeisiúchán a sholáthar.
Déan iarratas
Is féidir leat iarratas a dhéanamh trí Sheirbhisí Leasa Pobail. Foghlaim conas rochtain a fháil ar Sheirbhísí Leasa Pobail anseo.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil le híoslódáil anseo nó ó d’Oifig Brainse nó ó d’Ionad Intreo áitiúil.
Ag braith ar d’éileamh, tá seans go mbeadh ort na nithe seo a leanas a sholáthar:
- fianaise maidir le hioncam teaghlaigh (mar shampla, duillíní pá)
- cóip de do pholasaí árachais
- dhá mheastachán mhiondealaithe do chostas na ndeisiúchán struchtúrach (conraitheoir tógala, ceardaí srl)*
- meastacháin ar chostas deisiúcháin na n-earraí tí*
- sonraisc nó admhálacha íoctha
- aon eolas eile a d’fhéadfadh tacú le d’éileamh
- Ní mór gach meastachán/sonrasc/admháil a bheith ó sholáthróirí cláraithe.
Tabhair faoi deara
Ní féidir iarratais a phróiseáil mura bhfuil siad go hiomlán curtha i gcrích agus mura bhfuil fianaise dhoiciméadach ceangailte, mar is gá. Ba cheart go ndéanfaidh úinéir cláraithe na réadmhaoine na hiarratais ar chúnamh le deisiúchán struchtúrach.