English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

An Scéim Saorthaistil



Na nuashonruithe is deireanaí

Pas Compánach Saorthaistil do gach duine os cionn 70 ó Mheán Fómhair 2025.

Mar chuid de Bhuiséad 2025, d’fhógraigh an rialtas go mbeidh gach duine os cionn 70 bliain d’aois nó atá ag fáil Saorthaisteal incháilithe do Phas Compánach Saorthaistil (FT+C) a fháil. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis an duine os cionn 70 bliain d’aois duine eile atá 16 bliain d’aois nó níos sine, lena n-áirítear a c(h)éile nó a p(h)airtnéir, a bheith leo saor in aisce agus iad ag taisteal ar na seirbhísí iompair poiblí go léir mar chuid den Scéim Saorthaistil.

Má tá tú 70 bliain d’aois nó níos sine agus má tá Pas Saorthaistil ‘Pearsanta’ (FT-P) nó ‘Céile’ (FT+S), ní gá duit dul i dteagmháil leis an Roinn. Ó Mhárta go Lúnasa 2025, beidh an Roinn ag scríobh chugat chun an próiseas maidir le cinntiú go bhfaigheann tú Pas Compánach Saorthaistil (FT+C) a leagan amach.

Tá tuilleadh eolais ar Shaorthaisteal Compánaigh ar fáil.


Cad is an Scéim Saorthaistil ann

Tá an Scéim Saorthaistil, ar a dtugtar Pas Saorthaistil uaireanta, ar fáil do:

Tugann an Scéim Saorthaistil cead duit taisteal, saor in aisce, ar gach iompar poiblí ar leis an Stát é. Áirítear leis seo bus, iarnród, Nasc Áitiúil agus an Luas, le roinnt eisceachtaí.

Tá saorthaisteal ar fáil freisin ar roinnt seirbhísí a oibríonn oibreoirí príobháideacha bus agus farantóireachta. Dá mba mhian leat a fháil amach faoi ghlacadh le Cártaí Saorthaistil ag oibreoir, tá aniomlán ar fáil anseo nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an roinn chun seiceáil a dhéanamh.

Ní mór cloí leis na rialacha a bhaineann leis an gcineál iompair atá á thógáil agat duit agus tú ag baint úsáid as do Chárta Saorthaistil.

Ní féidir leat do Chárta Saorthaistil reatha a úsáid le haghaidh saorthaistil laistigh de Thuaisceart Éireann. Faigh tuilleadh eolais faoi conas leas a bhaint as saorthaisteal laistigh de Thuaisceart Éireann.

Chárta Saorthaistil Compánaigh

Ó Mheán Fómhair 2025, má tá tú 70 bliain d’aois nó níos sine agus tá tú incháilithe do Shaorthaisteal, beidh tú incháilithe do Chárta Saorthaistil Compánaigh. Is féidir le do chompánach thar 16 bliain d’aois taisteal leat saor in aisce leis an gcárta seo. Ní féidir le duine ar bith eile do Chárta Saorthaistil a úsáid, is duitse amháin atá sé.

Sa chás nach bhfuil tú in ann taisteal leat féin mar gheall ar riocht sláinte ach go bhfuil Cárta Saorthaistil agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chárta Saorthaistil Compánaigh ach úsáid a bhaint as:

  • FT O/70 foirm iarratais má tá tú 70 nó os a chionn
  • FT U/70 foirm iarratais má tá tú faoi bhun 70 bliain d’aois

Taispeánfar ceann de na cóid seo a leanas ar do Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) sa chúinne ar chlé ar barr chun a fháil amach an féidir leat leas a bhaint as saorthaisteal le céile, páirtí, comhchónaitheoir nó compánach:

  • FT-P - níl cead ag duine ar bith ach amháin tú féin úsáid a bhaint as saorthaisteal
  • FT+S - is féidir le do chéile, le do pháirtí nó le do chomhchónaitheoir taisteal leat saor in aisce
  • FT+C - is féidir le compánach atá os cionn 16 taisteal in éineacht leat saor in aisce

Conas cáiliú

Má tá tú 66 bliana d’aois nó níos sine

Is féidir le gach duine atá 66 bliana d’aois nó os a chionn agus atá ina gcónaí go buan sa Stát an Scéim Saorthaistil a úsáid.

Seolfaidh an roinn Cárta Saorthaistil CSP chugat go huathoibríoch sna cásanna seo a leanas:

Mura bhfuil tú cláraithe le SAFE, iarrfaidh an roinn ort é sin a dhéanamh. Nuair a bheidh sé sin curtha i gcrích, seolfaidh an roinn do Chárta Saorthaistil chugat.

Má tá do CSP imithe in éag, ní mór duit é a athnuachan chun leas a bhaint as an Scéim Saorthaistil. Is féidir leat é sin a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.ieag d’Ionad CSP áitiúil.

Má tá tú faoi bhun 66

Má tá tú faoi bhun 66 bliana d’aois, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal an Scéim Saorthaistil a úsáid má tá tú i do chónaí go buan sa Stát go dlíthiúil agus:

  • má fhaigheann tú Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall, Liúntas CúramóraPinsean Easláinte
  • má tá tú dall nó tá lagú radhairc ort agus má chomhlíonann tú na coinníollacha leighis do Phinsean na nDall
  • má tá tú os cionn 17 agus faoi 66 bliain d’aois, agus a bhfuil deimhniú leighis ort a bheith mí-oiriúnach le tiomáint ar feadh tréimhse 12 mhí ar a laghad (le héifeacht ón 29 Iúil 2024)
  • má táForlíonadh Éagumais le Pinsean Míthreorach á fháil agat le ar a laghad 12 mhí anuas
  • más cúramóir ainmnithe thú do dhuine a fhaigheann Liúntas Síorfhreastail nó Liúntas Gaolta Forordaithe
  • má tá íocaíocht easláine slándála sóisialta (nó a mhacasamhail d’íocaíocht) á fáil agat ó bhallstát eile den AE nó ó thír a bhfuil comhaontú déthaobhach slándála sóisialta ag Éirinn léi ar feadh ar a laghad 12 mhí anuas

Má tá tú faoi bhun 66 bliana d’aois, má dheimhnigh tú d’aitheantas leis an bpróiseas clárúcháin SAFE agus mura bhfuil do Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) imithe in éag, gheobhaidh tú Cárta Saorthaistil go huathoibríoch má fhaigheann tú:

Mura bhfuil tú cláraithe le SAFE, iarrfar ort é sin a dhéanamh sula seolann an roinn do Chárta Saorthaistil chugat.

Má tá do CSP imithe in éag, ní mór duit é a athnuachan chun leas a bhaint as an Scéim Saorthaistil. Is féidir leat é sin a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.ieag d’Ionad CSP áitiúil.


Taisteal saor in aisce dóibh siúd a bhfuil deimhniú leighis orthu a bheith mí-oiriúnach le tiomáint ar feadh 12 mhí ar a laghad

Ón 29 Iúil 2024 leathnófar an Scéim Saorthaistil chun daoine os cionn 17 mbliana d’aois agus faoi bhun 66 bliana d’aois a chuimsiú, agus:

  • ní raibh tú riamh in ann tiomáint ó thaobh na sláinte de mar gheall ar mhíchumas

  • go bhfuil sé deimhnithe ó thaobh na sláinte de go bhfuil siad mí-oiriúnach chun tiomána ar feadh tréimhse 12 mhí ar a laghad.

Is féidir foirm iarratais don síneadh seo chuig Saorthaisteal Neamhnithe do dhaoine a bhfuil teastas leighis acu agus atá mí-oiriúnach chun tiomána (FTM) a íoslódáil anseo.

Mar chuid den phróiseas iarratais, beidh ort deimhniú a fháil ó do dhochtúir nach bhfuil tú in ann tiomáint ó thaobh na sláinte de ar feadh tréimhse 12 mhí ar a laghad.

Más baintreach, baintreach fir nó páirtnéir sibhialta marthanach thú

Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal na Scéime Saorthaistil más baintreach, baintreach fir nó páirtí sibhialta marthanach thú agus má tá tú 60 bliain d’aois nó os a chionn. Sa chás seo, ní mór go raibh Cárta Saorthaistil ag do chéile nó do pháirtnéir sibhialta nach maireann, agus ní mór duit go bhfuil ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á fháil agat:

Tabhair faoi deara: go bhfhéadfá pinsean nó sochar slándála sóisialta den chineál céanna a fháil ó bhallstát AE nó ó thír a bhfuil comhaontú déthaobhach slándála sóisialta ag Éirinn léi.

Tuaisceart Éireann

Chun leas a bhaint as saorthaisteal laistigh de Thuaisceart Éireann, ní mór duit:

  • 66 bliain d’aois nó níos mó
  • cárta saorthaistil a bheith agat, agus
  • Cárta Pas Cliste do Sheanóirí a fháil

Tá foirmeacha iarratais (FTNI1) do Chártaí Pas Cliste do Sheanóirí ar fáil ó:

Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a thabhairt go pearsanta (gan í a chur sa phost nó ar ríomhphost) chuig d’Ionad Intreo áitiúil nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil. Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thabhairt leat in éineacht le d’fhoirm iarratais chuig d’Ionad Intreo nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh:

  • Gnáthghrianghraf daite pas a glacadh le déanaí
  • fianaise ar d’aitheantas (ceadúnas tiomána/pas/aon chineál eile aitheantais grianghraf, má tá sé ar fáil)
  • fianaise ar sheoladh (bille fóntais le déanaí, mar shampla bille leictreachais/gáis/fóin/táillí dramhaíola nó ráiteas bainc/cumann foirgníochta/comhar creidmheasa) agus
  • Pas Saorthaistil atá agat faoi láthair

Cuirfear d’iarratas ar aghaidh chuig na húdaráis i dTuaisceart Éireann a sheolfaidh do chárta Pas Cliste do Sheanóirí agus treoracha úsáide, go díreach chuig do sheoladh baile. D’fhéadfadh suas le sé seachtaine a bheith i gceist chun an t-iarratas a phróiseáil.

Conas do Chárta Pas Cliste do Sheanóirí a athnuachan le haghaidh taistil laistigh de Thuaisceart Éireann amháin

Má tá do Chárta Pas Cliste do Sheanóirí imithe in éag

Má tá do Chárta Pas Cliste do Sheanóirí imithe in éag, déan teagmháil leis an oifig Pas Cliste go díreach ag:

Déan cinnte d’ainm, do sheoladh agus d’uimhir PSP a chur ar fáil agus seolfaidh an Oifig Phas Cliste foirm athnuachana go díreach chugat.

Má tá do Chárta Pas Cliste do Sheanóirí caillte, goidte, damáistithe nó má d’athraigh tú d’ainm

Má tá do Chárta Pas Cliste do Sheanóirí caillte, goidte, damáistithe nó má d’athraigh tú d’ainm, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chárta athsholáthair ach an Fhoirm iarratais FTNI2 a úsáid.


Cártaí Saorthaistil atá imithe in éag

Tá sé deimhnithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (UNI) go bhfuil gach oibreoir iompair sa Scéim Saorthaistil ag ligean do chustaiméirí a bhfuil Cárta Saorthaistil CSP acu leanúint ar aghaidh ag baint leasa as saorthaisteal fiú má tá an cárta imithe in éag. Moltar do Shealbhóirí Cártaí Saorthaistil a bhfuil cárta atá imithe in éag acu a c(h)árta a athnuachan chomh luath agus is féidir.

Tá tuilleadh eolais faoido Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a athnuachan ar fáil anseo.


Déan Iarratas

Chun iarratas a chur isteach ar an Scéim Saorthaistil, Íoslódáil an fhoirm iarratais ábhartha. Is féidir leat na foirmeacha iarratais seo a fháil ó d’oifig áitiúil chomh maith:

Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe mar aon le do dhoiciméid tacaíochta ar ais chuig an Rannóg Saorthaistil.

Foirmeacha Iarratais

Foirm Iarratais: Scéim Saorthaistil (FT1) Ná húsáid an fhoirm seo má tá iarratas á dhéanamh agat ar Shaorthaistil do dhaoine a bhfuil deimhniú leighis acu nach bhfuil in ann tiomáint (féach an fhoirm FTM chuí thíos).
Eagrán: Samhain 2023
Amharc amharc
Saorthaisteal do dhaoine atá deimhnithe nach bhfuil siad i riocht tiomáint de dheasca riocht míochaine (FTM)
Eagrán: Aibreáin 2024
Amharc amharc
Foirm Iarratais: Cárta Compánach Saorthaistil 70+ (FT O/70)
Eagrán: Samhain 2023
Amharc amharc
Foirm Iarratais: Chárta Saorthaistil Chompánaigh Faoi Bhun 70 Bliain d’Aois (FT U/70)
Eagrán: Samhain 2023
Amharc amharc
Foirm Iarratais: Cárta Ionadach SmartPass (FTNI 2)
Eagrán: Lúil 2022
Amharc amharc

Tá tuilleadh eolais faoi Item was unpublished or removed


Teagmháil

Free Travel Section

Seoladh:
Free Travel Section, Social Welfare Services, Department of Social Protection, College Road, Sligo, Co. Sligo, F91 T384
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

freetravelqueries@welfare.ie

Teileafón:
0818 200 400;
071 915 7100

Treoirlínte Oibriúcháin

Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill fhoirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.