English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a Asbhaint



Cad is Asbhaint Cháin Mhaoine Áitiúil ann

Tá an asbhaint ag an bhfoinse ar fáil do chustaiméirí ar mian leo a gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a íoc thar thréimhse sínte óna n-íocaíocht coimirce sóisialaí.


Conas cáiliú

Chun cáiliú don asbhaint CMÁ caithfidh tú a bheith ag fáil ceann de na híocaíochtaí seo a leanas:

  • Pinsean na nDall
  • Liúntas Cúramóra
  • Liúntas Míchumais
  • Pinsean Easláine
  • Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
  • Pinsean Stáit Ranníocach nó Neamh-Ranníocach
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh Ranníocach nó Neamh-Ranníocach

Eolas Breise

Asbhaintear CMÁ thar 50 seachtain féilire, seachas 52. Cinntíonn sé seo go bhfaighidh tú méid iomlán bhónas na Nollag agus na híocaíochtaí seachtain dhúbailte.

Ní ligfidh an roinn na hasbhaintí CMÁ ag an bhfoinse don ráta pearsanta seachtainiúil íocaíochta laghdú faoi bhun ráta pearsanta an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh (atá socraithe ag €206.00 in aghaidh na seachtaine do 2022 faoi láthair).


Déan Iarratas

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le do dhliteanas CMÁ do mhodh íocaíochta, nó iarratas a dhéanamh ar an saoráid asbhainte ag an bhfoinse más gá.