English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Cárta Saorthaistil Conas é a Úsáid



Fógra COVID-19

Tá sé deimhnithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) go bhfuil gach oibreoir iompair sa Scéim Saorthaistil anois ag ligean do chustaiméirí a bhfuil Cárta Saorthaistil CSP acu leanúint ar aghaidh ag baint leas as Saorthaisteal fiú má tá an cárta imithe in éag. Is beart sealadach é seo mar gheall ar COVID-19.

Tá tuilleadh eolais faoi do Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a athnuachan ar fáil anseo.


Do Phas Páipéir Saorthaistil a úsáid

Seirbhísí bus

Ní theastaíonn ticéad bus uait chun seirbhísí bus a úsáid, lena n-áirítear Bus Átha Cliath, Bus Éireann agus roinnt seirbhísí bus príobháideacha.

Agus tú ag dul ar bord an bhus, ní mór duit do Phas Páipéir Saorthaistil a thaispeáint don tiománaí bus.

Seirbhísí iarnróid

Ní mór duit do Phas Páipéir Saorthaistil a thaispeáint ag an deasc áirithinte ticéad sa stáisiún traenach agus tabharfar ticéad iarnróid saor in aisce duit.

Má tá tú ag déanamh do thuras fillte ar an lá céanna, gheobhaidh tú ticéad Filleadh Lae. I ngach cás eile, gheobhaidh tú ticéad Turas Aonair. Beidh ort ticéad Turais Aonair eile a fháil sula ndéanfaidh tú do thuras fillte.

Seirbhísí Luas

Ní gá ticéad Luas a bheith agat chun úsáid a bhaint as seirbhísí Luas toisc nach bhfuil aon áis ann chun do Phas Páipéir Saorthaistil a scanadh. Mar sin féin, ní mór duit do Phas Páipéir Saorthaistil a iompar leat i gcónaí le linn do thurais mar d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort é a thaispeáint do chigire.

Seirbhísí farantóireachta príobháideacha

Ní mór duit do Phas Páipéir Saorthaistil a thaispeáint don oibreoir farantóireachta. I gcásanna áirithe tabharfar ticéad duit le haghaidh do thurais, ach ní gá duit íoc as.


Ag baint úsáide as do Chárta Saorthaistil CSP

Seirbhísí bus

Bus Bhaile Átha Cliath

Má tá tú ag taisteal i d'aonair, cuir do chárta i gcoinne an bhailíochtóra ar thaobh na láimhe deise agus tú ag dul isteach sa bhus go dtí go gcloiseann tú an bíp nó go bhfeiceann tú an solas glas.

Má tá compánach nó céile leat, cuir do chárta ar an léitheoir in aice leis an tiománaí agus iarr ticéad don duine eile. Ba chóir go mbeadh an ticéad réidh ag do chompánach le taispeáint ag gach céim den turas

Gach seirbhís bus eile

Má tá tú ag taisteal i d'aonair, cuir do chárta ar an léitheoir cártaí ag bealach isteach an bhus nó taobh leis an tiománaí agus bain an cárta nuair a chloiseann tú bíp

Má tá compánach nó céile leat, inis don tiománaí agus beidh sé nó sí in ann ticéad a eisiúint dóibh.

Seirbhísí iarnróid

Má tá tú ag taisteal i d'aonair, cuir do chárta i gcoinne an bhailíochtóra ar an ngeata nó ar an gcuaille ag do stáisiún. Bain an cárta nuair a chloiseann tú bíp nó nuair a fheiceann tú an solas glas.

Má tá compánach nó céile leat, beidh ort cuairt a thabhairt ar an deasc ticéad agus ticéad a iarraidh don duine sin. Ba chóir go mbeadh an ticéad réidh ag do chompánach le taispeáint ag gach céim den turas.

Seirbhísí Luas

Cuir do chárta in aghaidh an bhailíochtóra ar an ardán roimh do thuras agus ina dhiaidh. Bain an cárta nuair a chloiseann tú bíp nó nuair a fheiceann tú an solas glas.

Seirbhísí farantóireachta príobháideacha

Ní mór duit do chárta a thaispeáint don oibreoir farantóireachta. I gcásanna áirithe, tabharfar ticéad duit le haghaidh do thurais, ach ní gá duit íoc as.


Eolas eile faoi do Chárta Saorthaistil nó Pas Páipéir

Má theastaíonn cúnamh uait agus tú ag taisteal le do Chárta Saorthaistil nó Pas Páipéir, is féidir leat ceist a chur ar an tiománaí nó ar aon bhall foirne a bheidh in ann cabhrú leat.

Ní fhéadtar aisíocaíocht a fháil i leith aon cheann díobh seo a leanas:

  • turais a dhéanann tú gan do Chárta Saorthaistil PSC nó Pas Páipéir
  • moilleanna a tharla agus do Phas Saorthaistil PSC nó Pas Páipéir á úsáid agat

Taisteal le compánach

Má tá Cárta Saorthaistil CSP nó Pas Páipéir bailí agat, d’fhéadfadh sé cead a thabhairt do chompánach taisteal leat saor in aisce

Taispeánfar do Chárta Seirbhísí Poiblí ceann de na cóid seo a leanas sa chúinne ar bharr na láimhe clé chun a fháil amach an féidir leat leas a bhaint as saorthaisteal le céile, páirtí, comhchónaitheoir nó compánach:

  • FT-P - ní féidir ach leas a bhaint as saorthaisteal
  • FT+S - is féidir le do chéile, le do pháirtí nó le do chomhchónaitheoir taisteal leat saor in aisce
  • FT+C - is féidir le compánach atá os cionn 16 taisteal in éineacht leat saor in aisce

Má tá Cárta Saorthaistil Compánaigh agat agus má tá tú ag taisteal le compánach:

  • is féidir go mbeidh ort treoracha speisialta a leanúint ag brath ar an iompar atá in úsáid agat. Tá na treoracha seo leagtha amach thuas.
  • ní mór duit do phas nó do chárta a iompar leat le linn do thurais ionas go bhféadfaidh an tiománaí nó an cigire é a sheiceáil. Mura bhfuil tú á iompar, féadfar táille a ghearradh ort féin nó ar do chompánach as do thuras

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Shaorthaisteal agus ar Chárta Saorthaistil Compánaigh cliceáil anseo.