English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Cúnamh Feirme



Céard é Cúnamh Feirme

Is íocaíocht d’fheirmeoirí ísealioncaim é Cúnamh Feirme atá tástáilte ó thaobh acmhainne de.

Chun cáiliú do Chúnamh Feirme, ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • tá tú ag obair mar fheirmeoir sa Stát
  • tá tú idir 18 agus 66 bliain d’aois
  • tá tástáil acmhainne comhlíonta agat

Glactar leis gur feirmeoir thú má tá tú i mbun feirmeoireacht ar thalamh atá faoi d’úinéireacht nó á léasú agat, chun críche saothraíochta (táirgí a bhaint den talamh).


Conas cáiliú

Cuimsítear sa tástáil acmhainne seo formhór na bhfoirmeacha ioncaim arna meas ar bhealaí difriúla agus tugtar neamhaird ar mhéideanna éagsúla. Má tá íocaíochtaí cosúil leis an Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe, íocaíochtaí réadmhaoine nó íocaíochtaí fostaíochta á bhfáil agat, beidh rialacha difriúla i bhfeidhm.

Ioncam feirme agus ioncam eile ó fhéinfhostaíocht

Meastar ioncam feirme agus ioncam ó fhéinfhostaíocht eisfheirme ag 70% (100% roimhe seo). Tá neamhaird luach €254 i gceist don chéad bheirt leanaí, agus €381 d’aon leanbh ina dhiaidh sin.

Cuirtear an neamhaird i bhfeidhm ar dtús agus déantar 70% den iarmhéid a mheas.

Déantar ioncam feirmeoireachta a mheas mar ollioncam a bhfuil tusa, do chéile, páirtí sibhialta nó comháitritheoir ag súil leis, lúide aon chostais. Úsáidfear ioncam le 12 mhí anuas chun do thuilleamh amach anseo a mheas. De bhrí go mbeadh éagsúlachtaí suntasacha in ioncam feirmeoirí ó bhliain go bliain, beidh solúbthacht áirithe ag baint leis seo.

Eagróidh cigire leasa shóisialaigh cruinniú leat. Lorgóidh sé/sí fianaise ar d’ioncam agus costais. D’fhéadfaí go n-áireofaí anseo cuntais a ullmhaíodh chun críocha cánach, tuairisceáin uachtarlainne, díol táirgí, etc. Cuirfear costais cosúil le cíosanna, dímheas, saothar agus earraí riachtanacha cosúil le beatha nó leasachán san áireamh.

Chomh maith leis sin, déanfar measúnú ar aon ioncam ó fhéinfhostaíocht, a bhaineann leat féin nó le do chomhpháirtithe.

Suimeofar gach ioncam éagsúla agus bainfear na costais uaidh. Tá tú i dteideal cóip den ríomh ioncaim feirme a fháil. B’fhéidir go mbeifeá faoi dhliteanas ranníocaíochtaí Aicme S a íoc ar d’ioncam ó fhéinfhostaíocht.

Ioncam ó scéimeanna feirme agus íocaíochtaí díreacha

Faoin scéim Íocaíochta Dírí, d’fhéadfadh glacadh le híocaíocht feirmeora mar mheascán d’íocaíochtaí faoi 4 scéim ar leithligh:

  • an Scéim Bhunúsach Íocaíochta
  • an Ghlasíocaíocht
  • Scéim na bhFeirmeoirí Óga
  • Cúnamh do Bharra Próitéine

Níl aon neamhaird luaite le hÍocaíochtaí faoin Scéim Íocaíochta Dírí. Baineann neamhaird shonrach, áfach, leis an ioncam ar fad fhaightear faoi na scéimeanna seo a leanas:

  • Scéim um Chosaint an Chomhshaoil faoin Tuath
  • An Scéim um Roghanna Agrai-chomhshaoil
  • Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta
  • An Scéim Ghlas Ísealcharbóin Agrai-chomhshaoil

Tugtar neamhaird ar an gcéad €5,000 d’íocaíochtaí in aghaidh na bliana. Chomh maith leis sin, tugtar neamhaird ar 50% den iarmhéid. Asbhaintear costais a thabhaítear ar mhaithe le coinníollacha na scéimeanna thuasluaite a chomhlíonadh. Meastar an iarmhéid mar acmhainní.

Ón 1 Meitheamh 2022, tá síneadh curtha leis an liosta agus tá 20 deontas nua curtha san áireamh. Tá liosta iomlán le fáil i dTreoirlínte Oibríochtúla Cúnamh Feirme..

Ioncam ó thalamh a léasú

Má tá do thalamh ar fad léasaithe agat, níl tú incháilithe do Chúnamh Feirme.

Mura bhfuil ach cuid de do thalamh léasaithe agat, áfach, tá tú fós incháilithe do Chúnamh Feirme.

Ioncam ó fhostaíocht

Déantar d’ioncam ó phost a mheas. Go hiondúil, déantar do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe a mheas ó 13 sheachtain sula ndéanann tú éileamh.

Is é seo d’olltuilleamh lúide:

  • ÁSPC
  • Aoisliúntas
  • Tobhach Pinsin
  • Dleachtanna ceardchumainn

Asbhaintear €20 in aghaidh an lae (suas le huasmhéid €60) ó do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe. Ansin meastar 60% den iarmhéid mar acmhainní seachtainiúla. Meastar ioncam fostaíochta do chéile, páirtí sibhialta nó comháitritheora ar an mbealach céanna.

Meastar aon ioncam ó phinsean ceirde ina iomláine. Má dhéanann tú obair shéasúrach, ní mheastar ach an tuilleamh a bhí agat i rith na tréimhse ina mbíonn tú ag obair.

D’fhéadfaí daoine a raibh Cúnamh Feirme á fháil acu roimh an 26 Meán Fómhair 2007 agus a raibh íocaíocht fós á fáil acu ar an 26 Meán Fómhair 2007 a mheas ar bhealach difriúil.

Neamhaird cíosa nua

Tá neamhaird reachtúil cíosa nua suas le €269.23 in aghaidh na seachtaine (€14,000 in aghaidh na bliana) tugtha isteach agus tá feidhm leis ón 12 Iúil 2022, maidir le hioncam cíosa ó sheomra(í) i do theach a ligean ar cíos do dhuine nár fostaí iad nó nach neasbhall teaghlaigh iad. Féach ar Treoirlínte Oibriúcháin um Measúnú Acmhainne le haghaidh tuilleadh sonraí.

Baineann feidhm leis an neamhaird cíosa nua de €269.23 in aghaidh na seachtaine (€14,000 in aghaidh na bliana) freisin nuair a íoctar méadú do dhuine fásta cáilithe. Féach Treoirlínte Oibriúcháin um Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe le haghaidh tuilleadh sonraí.

Caipiteal

Áirítear in ioncam caipitiúil réadmhaoin, coigilteas agus infheistíochtaí. Measfar aon réadmhaoin atá faoi d’úinéireacht ach nach bhfuil in úsáid agat go pearsanta, infheistíochtaí nó aon chineál eile caipitil. B’fhéidir go mbeadh nó nach mbeadh ioncam á fháil agat ón réadmhaoin nó ón infheistíocht.

Meastar luach an chaipitil mar seo a leanas:

  • tabhair neamhaird ar an gcéad €20,000
  • meastar idir €20,000 - €30,000 ag €1 le haghaidh gach €1,000
  • meastar an chéad €10,000 eile ag €2 le haghaidh gach €1,000
  • meastar aon mhéid níos mó ná €40,000 ag €4 le haghaidh gach €1,000

Ní bhaineann an measúnú seo ach le haonaid luach €1,000. Ba cheart ioncam caipitil a shlánú síos go dtí an €1,000 is gaire.

Mar shampla, má tá €38,400 agat sa bhanc:

  • tabharfar neamhaird ar €20,000
  • measfar €10,000 ag €1 le haghaidh gach €1,000 (€10)
  • meastar an €8,000 fágtha ag €2 le haghaidh gach €1,000, (€16)

Tá d’ioncam ó chaipiteal €38,400 cothrom le €26 sa tseachtain.

Réadmhaoin nach n-úsáideann tú

Mura n-úsáideann tú d’fheirm agus mura bhfuil aon ioncam á fháil agat ón bhfeirm, glactar leis mar chaipiteal, agus measfar a luach.

D’áit chónaithe

Ní chuirfear d’áit chónaithe san áireamh mura bhfuil ioncam á fháil agat uaidh.

Acmhainní iomlána

Cuirfear d’ioncam ó na foinsí difriúla seo ar fad le d’acmhainní seachtainiúla iomlána.

Nuair a bheidh sé seo ríofa, íocfar an difríocht idir d’acmhainní seachtainiúla agus íocaíocht sheachtainiúil an Chúnaimh Feirme a mbeadh tú incháilithe lena haghaidh gan acmhainní.


Rátaí íocaíochta

Rátaí Rátaí seachtainiúla
Cúnamh Feirme Uasráta seachtainiúil
Ráta Pearsanta €244.00
Aosach Cáilithe €162.00
Aosach Cáilithe (faoi 12 bhliain d’aois 12) €50.00 (ráta iomlán), €25.00 (leathráta)
Leanbh Cáilithe (12 bhliain d’aois agus níos sine) €62.00 (ráta iomlán), €31.00 (leathráta)

De ghnáth bíonn méadú ráta iomlán iníoctha le haghaidh gach leanbh cleithiúnach.

Má tá éileamh á dhéanamh agat d’aosach cáilithe ach mura bhfuil íocaíocht á fáil agat dó/di de bhrí go bhfuil íocaíochta leasa shóisialaigh dá c(h)uid féin á fáil aige/aici, ní bhfaighidh tú ach méadú leathráta le haghaidh gach leanbh cleithiúnach.


Déan iarratas

Íoslódáil agus comhlánaigh foirm Feirm 1 ag bun an leathanaigh seo agus seol chuig do Ionad Intreo Áitiúil nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh.

Is féidir leat cinneadh a achomharc mura n-aontaíonn tú leis. Ba cheart duit achomharc a dhéanamh laistigh de 21 lá ó eisiúint an chinnidh agus is féidir leat éisteacht ó bhéal a lorg. Éistfidh oifigeach achomhairc do chás ansin.

Tá cinneadh an oifigigh achomhairc críochnaitheach.

Má thagann eolas nua chun solais nó má athraíonn d’imthosca, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chúnamh Feirme arís.

Má tá aon cheist eile maidir le Cúnamh Feirme déan teagmháil leis an Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh is gaire duit.

Foirm iarratais le haghaidh Cúnamh Feirme (FARM1) ga
2023.08.01
Amharc amharc

Treoirlínte Oibríochtúla

Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.