English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Ciste um Freastal Réasúnta



Cad atá i gceist leis an gCiste um Fhreastal Réasúnta

Tá an roinn freagrach as seirbhísí mhargadh an tsaothair a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas, as cabhrú leo fostaíocht íoctha a fháil nó iad a ullmhú le haghaidh fostaíochta trí chlár oiliúna nó fostaíochta.

Faoin gCiste um Fhreastal Réasúnta, is féidir leis an Roinn cabhrú le fostóirí agus le fostaithe faoi mhíchumas bearta cuí a dhéanamh chun cabhrú le duine faoi mhíchumas a bhfostaíocht a rochtain, a fheabhsú nó a choinneáil trí na deontais seo a leanas a sholáthar:

Ar fáil chomh maith tá anScéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas (DASS) a chuireann maoiniú ar fáil d’fhostóirí na hearnála príobháidí chun Oiliúint Feasachta Míchumais a chur ar fáil do bhaill foirne a oibríonn le comhghleacaí atá faoi mhíchumas.


Buiséad 2023

Fógraíodh leathnú €1 milliún ar an gCiste um Freastal Réasúnta i mBuiséad 2023, Níl na sonraí ar fáil go fóill ach beidh siad treoraithe ag comhairliúchán poiblí a tharla ní ba luaithe sa bhliain.


Samplaí

  • má theastaíonn ionad oibre níos inrochtana nó trealamh oiriúnaithe uait chun do phost a dhéanamh, D’fhéadfadh sé go mbeadh tú féin nó d’fhostóir in ann deontas a fháil i leith na gcostas a bhaineann leis na hathruithe seo a dhéanamh faoin scéim WEAG
  • más cuardaitheoir poist thú atá bodhar, a bhfuil deacrachtaí éisteachta agat nó a bhfuil lagú cainte ort agus má tá tú ag freastal ar agallaimh poist le fostóirí na hearnála príobháidí, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun ateangaire teanga comharthaíochta nó ateangaire eile a bheith ag freastal ar na hagallaimh leat faoin scéim JIIG
  • má tá tú dall nó lagamhairc agus má theastaíonn cúnamh uait le léitheoireacht a bhaineann le post, d’fhéadfá a bheith i dteideal deontais chun ligean duit Léitheoir Pearsanta a fhostú faoin scéim PRG
  • tá maoiniú ar fáil chun tacú le fostaí reatha ag aon leibhéal agus le haon post a choinneáil a fhaigheann tinneas, riocht nó lagú a théann i bhfeidhm ar a gcumas reatha a bpost a dhéanamh faoi scéim ERG

Teagmháil

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le do Lárionad Intreo áitiúil nó le do Oifigeach Ainmnithe um Míchumas i do cheantar.