Clár Gníomhachtúcháin agus Tacaíochta do Theaghlaigh (CGTT)
- Foilsithe: 23 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 1 Aibreán 2025
- An méid atá i gceist leis an gClár Gníomhachtaithe agus Tacaíochta Teaghlaigh
- Conas cáiliú
- Cistiú
- Iarratas a dhéanamh
- Déan teagmháil
An méid atá i gceist leis an gClár Gníomhachtaithe agus Tacaíochta Teaghlaigh
Cuireann an Clár Gníomhachtaithe agus Tacaíochta Teaghlaigh cistiú ar fáil do thacaíochtaí oiliúna agus cúrsaí oideachais do dhaoine a bhfuil leas sóisialach á fháil acu. Is gnách go dtugtar faoi na tacaíochtaí agus an cistiú seo le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí eile fostaíochta.
Conas cáiliú
Tá an cistiú ar fáil do thionscnaimh:
- a dhíríonn ar chuairdaitheoirí poist, go háirithe cuardaitheoirí poist fadtéarmacha agus iad siúd ar riar cásanna gníomhachtaithe
- a chabhraíonn le dul chun cinn an chuairdaitheora poist a fhad leis an lucht saothair
- nach bhfuil ar fáil ach dóibh siúd in aois oibre (ní dhéantar breithniú ar leanaí agus daoine in aois an phinsin)
Is féidir cúrsaí a chur ar siúl do dhaoine a bhfuil ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á fháil acu:
- Liúntas Cuardaitheora Poist (Oibrithe Ócáideacha san áireamh, Creidmheasanna amháin, SEMP)
- Liúntas Cuardaitheora Poist (Oibrithe Ócáideacha san áireamh, SCPF, Creidmheasanna amháin)
- Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist
- Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (ÍTA)
Íocaíochtaí Cáilitheacha Eile
- Pinsean na nDall
- Liúntas Cúramóra
- Liúntas agus Sochar Banchéile Thréigthe
- Liúntas Míchumais
- Cúnamh Feirme
- Sochar Breoiteachta ar feadh 12 mhí nó níos faide
- Pinsean Easláine
- Forlíonadh Éagumais
- Dreasacht Poist Pháirtaimseartha
- Liúntas Banchéile Príosúnaigh
- Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime COVID-19
- Duine Fásta Cáilithe le ceann de na híocaíochtaí cáilitheacha a liostaítear
- Liúntas Leasa Forlíontach
- Pinsean Baintrí/Baintreach Fir Ranníocach nó Neamh-Ranníocach
- Clár Socrúcháin Taithí Oibre
Cistiú
Níl cistiú an Chláir Ghníomhachtaithe agus Thacaíochta Teaghlaigh ar fáil ach d’eagraíochtaí ina gcuirtear cúrsaí ar siúl chun cabhrú le cuardaitheoirí poist obair a aimsiú.
Is gnách nach gcisteoidh an Clár Gníomhachtaithe agus Tacaíochta Teaghlaigh breis agus 50% de chostas foriomlán an chláir.
Is féidir le cisitiú íoc as suimeanna éagsúla, ag brath ar chostas an chláir a bheartaíonn tú a sholáthar. Íocfar íocaíochtaí os cionn €30,000 i dtrainsí.
Iarratas a dhéanamh
Caithfear gach togra le haghaidh cistiú a sheoladh ar aghaidh roimh ré chuig Bainisteoirí Ceantair lena gceadú i ndiaidh moladh a fháil ón gCásoifigeach d’Ionad Intreo áitiúil.
Déan teagmháil
Tá beartas maidir leis an scéim agus na rialacha seo forbartha agus riartha ag:
Working Age Schemes Policy, Activation and Family Support Programme
- Seoladh:
- Working Age Schemes Policy, Activation and Family Support Programme, Department of Social Protection, Shannon Lodge, Carrick-on-Shannon, Co. Leitrim, N41 KD81.
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 927999;
071 9672616