Cláraigh le haghaidh MyGovID
- Foilsithe: 29 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Feabhra 2023
Is aitheantas ar líne aonair slán é MyGovID a chabhraíonn le daoine raon seirbhísí rialtais a rochtain.
Is féidir leat do chuntas MyGovID a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar sheirbhísí leasa shóisialaigh ag MyWelfare.ie. Is féidir leat é a úsáid freisin chun seirbhísí rialtais eile a rochtain ar líne.
Conas cuntas bunúsach MyGovID a chruthú
Chun clárú do chuntas bunúsach MyGovID ar líne, níl ag teastáil ach d’ainm agus seoladh r-phoist.
Nuair a chláraíonn tú gheobhaidh tú r-phost ina mbeidh cód 6-dhigit. Nuair a bheidh an cód sin iontráilte agat, beidh do chuntas bunúsach MyGovID cruthaithe agat.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le conas do chuntas bunúsach MyGovID a chruthú, lean an treoir thíos.
Conas do chuntas bunúsach MyGovID a fhíorú
Chun rochtain a fháil ar na seirbhísí ar fad atá ar fáil trí MyGovID, beidh ort do chuntas bunúsach MyGovID a fhíorú. Chun é sin a dhéanamh, teastaíonn d’uimhir PPS uait, do Chárta Seirbhísí Poiblí agus uimhir theileafóin a bheidh fíoraithe ag an roinn.
Nuair a iontrálann tú do chuid sonraí, seolfar téacsteachtaireacht chuig d’uimhir theileafóin fhíoraithe ina mbeidh cód 6-dhigit. Nuair a bheidh an cód sin iontráilte agat, beidh do chuntas MyGovID fíoraithe.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le conas do chuntas MyGovID a fhíorú, lean an treoir thíos.