Conas Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a fháil
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- Conas a dhéantar coinne
- Cad is gá duit a thabhairt chuig an Ionad CSP
- Ag freastal ar an ionad CSP
- Tar éis freastal ar an Ionad CSP
- Do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan
- Treoir maidir le Clárú SAFE agus an Cárta Seirbhísí Poiblí
- Teagmháil
Chun Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a fháil, beidh ort freastal ar Ionad CSP. Tá teacht ar Ionaid CSP ar fud na tíre bíonn seirbhís coinne nó siúl isteach ar fáil iontu.
Conas a dhéantar coinne
Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun coinne a dhéanamh le Cárta Seirbhíse Poiblí ná teagmháil dhíreach a dhéanamh le d’Ionad CSP áitiúil. Mura bhfuil rochtain agat ar ríomhphost, is féidir leat glaoch ar an Ionad Teagmhála Intreo Náisiúnta agus seolfaidh an fhoireann ríomhphost chuig d’Ionad CSP áitiúil chun coinne a iarraidh ar do shon.
Má chuireann d’Ionad CSP áitiúil seirbhís siúil isteach ar fáil, beidh ort dul go dtí an t-ionad le linn uaireanta oscailte an ionaid sin.
Is féidir leat teacht ar shonraí teagmhála chun coinne a dhéanamh agus uaireanta oscailte d’ionaid siúil isteach ar leathanach na nIonad Cártaí Seirbhíse Poiblí (CSP).
Agus tú ag déanamh do choinne nó ag dul chuig ionad siúil isteach, beidh ort d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) agus roinnt sonraí pearsanta a sholáthar.
Ní mór duit a bheith i do chónaí in Éirinn chun Cárta Seirbhísí Poiblí a fháil.
Cad is gá duit a thabhairt chuig an Ionad CSP
Beidh ort na nithe seo a thabhairt leat:
- an litir ina ndeimhnítear do choinne (má tá ceann faighte agat)
- do Chárta Seirbhísí Poiblí (má tá ceann agat)
- doiciméid lena ndearbhaítear d’aitheantas
- doiciméid lena ndearbhaítear do sheoladh
- do ghuthán póca (má tá ceann agat). Má thugann tú do ghuthán póca leat, is féidir leis an roinn d’uimhir theileafóin a fhíorú. Tá guthán póca deimhnithe de dhíth ort chun fáil a bheith agat ar sheirbhísí poiblí ar líne
Doiciméid lena ndearbhaítear d’aitheantas
Más saoránach Éireannach tú a rugadh in Éirinn:
- do phas reatha Éireannach NÓ do cheadúnas tiomána reatha Éireannach nó Ríocht Aontaithe nó ceadúnas foghlaimeora tiomána Éireannach (má tá ceann agat)
Déanann oifigigh SAFE seiceáil ar na taifid bhreithe atá i seilbh an Phríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO), le haghaidh gach duine a bheirtear in Éirinn, mar chuid d fhíorú ar shonraí céannachta duine.
Ba chóir a thabhairt faoi deara gur féidir leis na hoifigigh SAFE dul i dteagmháil le GRO chun sonraí daoine uchtaithe a fhíorú. Níl rochtain ag oifigigh SAFE ar thaifid uchtála.
I gcás nach féidir teacht ar thaifead agus nach bhfuil an t-oifigeach SAFE in ann an fhaisnéis bhreithe a thug tú a fhíorú, iarrfar ort do theastas breithe** a sholáthar chun do shonraí breithe a fhíorú.
**Teastas Breithe Éireannach – a eisíodh de bhun Acht um Chlárú Sibhialta 2004
NÓ
Teastas Breithe Éireannach – Cóip Dheimhnithe de thaifead sa Chlár d’Uchtleanaí a eisíodh de bhun Acht Uchtála 2010.
Más Saoránach Éireannach a rugadh i dTuaisceart na hÉireann nó Saoránach de chuid na Ríochta Aontaithe thú:
- do phas reatha
- NÓ do theastas breithe AGUS do cheadúnas tiomána reatha (má tá ceann agat)
Más saoránach Éireannach thú tríd eadóirsiú nó Clárúchán Breitheanna Coigríche:
- do phas reatha Éireannach NÓ Teastas Eadóirsithe NÓ do Theastas Cláraithe Breithe Coigríche
- AGUS do cheadúnas tiomána Éireannach nó Ríocht Aontaithe nó ceadúnas tiomána foghlaimeora Éireannach (má tá ceann agat)
- do theastas uchtaithe más infheidhme
Más saoránach den AE/LEE thú (seachas ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe):
- do phas reatha NÓ cárta aitheantais náisiúnta
Más saoránach neamh-AE/LEE thú:
- do phas reatha NÓ doiciméid taistil 1951
Más custaiméir Úcránach thú:
- Pas reatha AGUS Litir cosanta sealadaí
Má tá tú i do chustaiméir de Chosaint Idirnáisiúnta (IPO):
- Cárta IPO (gorm) AGUS doiciméad IPO 3 leathanach
Mura bhfuil pas nó ceadúnas tiomána agat, is féidir fós CSP a fháil
Ba cheart duit dul i dteagmháil le d'Ionaid CPS sula dtéann tú. Tabharfaidh siad eolas breise duit maidir leis na doiciméid gur féidir leat a chur ar fáil chun d'aitheantais a fhíorú.
Doiciméid eile atá cabhrach
Má tá aon cheann de na hearraí atá liostaithe thíos agat, ba cheart duit iad a thabhairt leat chuig do choinne, toisc go bhféadfaidís d’aitheantas a dheimhniú freisin:
- cárta leighis
- An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte
- cárta dochair/creidmheasa agus ráiteas airgeadais ó institiúid chreidmheasa
- cárta mic léinn
- faisnéis fhostaíochta ó na Coimisinéirí Ioncaim
- Phas Saorthaistil
Mura bhfuil aon cheann de na doiciméid thuas agat, ba chóir duit doiciméid tacaíochta nó aon saghas aitheantas fótagrafach a thabhairt leat.
Ní ghlactar leis na doiciméid seo
**** Ní ghlactar leis na nithe seo a leanas mar fhianaise aitheantais:
- teastas baiste
- cárta aitheantais oibre
- foirm ML-10 an Gharda Síochána
- aoischárta an Gharda Síochána
- fótachóipeanna de theastais nó doiciméid
- doiciméid as dáta
Doiciméid a dhearbhaíonn do sheoladh
Beidh faisnéis ar do sheoladh Éireannach iarrtha ort ag an gcoinne.
Ní mór go mbeidh d’ainm agus do sheoladh iomlán ar fhianaise do sheoladh agus ní mór go mbeidh sé dátaithe laistigh de na 6 mhí anuas. Áirítear le samplaí de na doiciméid shásúla sin an méid seo a leanas:
- bille fóntais teaghlaigh
- litir/doiciméad oifigiúil ó roinn rialtais
- ráiteas airgeadais
- léas réadmhaoine nó comhaontú tionóntachta
- deimhniú ar sheoladh ó thríú páirtí amhail riarthóir nó bainisteoir óstáin nó brú, príomhoide scoile nó úinéir réadmhaoine
Má tá tú ag fanacht le cairde nó gaolta, tá bille teaghlaigh bunaidh agus nóta ó shealbhóir an bhille inghlactha. Is féidir an nóta a dhearbhaíonn go bhfuil tú i do chónaí ann a scríobh ar an mbille féin.
Ag freastal ar an ionad CSP
Nuair a fhreastalóidh tú ar an Ionad CSP, fíorófar d’aitheantas. Tugtar clárú SAFE ar seo. Glacfaidh sé timpeall 15 nóiméad.
Le linn duit clárú le haghaidh SAFE:
- glacfar do phictiúr
- déanfar taifead ar do shíniú
Mura féidir leat bheith i láthair ag do choinne
Má tá coinne déanta agat nach mbeidh tú in ann freastal air, ba cheart duit an t-ionad a chur ar an eolas a luaithe agus is féidir ionas gur féidir an choinne a thairiscint do dhuine eile.
Tar éis freastal ar an Ionad CSP
Tar éis duit freastal ar an ionad CSP agus an próiseas clárúcháin SAFE a chur i gcrích, seolfar do Chárta Seirbhísí Poiblí chugat sa phost. Glacfaidh sé seo 7-10 lá oibre.
Ní féidir CSP a sheoladh ach chuig seoladh Éireannach.
Do Chárta Seirbhísí Poiblí a athnuachan
Is féidir cárta atá as dáta a úsáid fós chun:
- íocaíochtaí leasa shóisialaigh a bhailiú ag oifig an phoist
- bain leas as teideal do shaorthaisteal (is beart eatramhach é seo mar gheall ar COVID-19)
- oscail cuntas MyGovID
Má theastaíonn uait do CSP a athnuachan, lean an nasc seo:
Treoir maidir le Clárú SAFE agus an Cárta Seirbhísí Poiblí
Teagmháil
Má tá ceist agat maidir leis an bpróiseas is féidir leat fiosrúchán a sheoladh chugainn nó dul i dteagmháil le deasc chabhrach an Chárta Seirbhísí Poiblí.
Public Services Card Helpdesk
- Teileafón:
-
0818 837000