English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Deimhnithe stáit



Fógra Deimhnithe

Tá FSS tar éis deimhnithe a eisiúint arís ar an láithreán gréasáin www.certificates.ie.

Ní féidir leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin ach orduithe nua a chomhlánú le haghaidh deimhnithe, agus níl aon rochtain acu ar orduithe arna próiseáil ag FSS cheana féin.

Próiseálfaimid d'ordú a luaithe is féidir, ach d'fhéadfadh go mbeadh tréimhse feithimh ann mar gheall ar an méadú suntasach ar éileamh.


Deimhnithe a ordú

Is féidir leat deimhniú breithe, báis, pósta, uchtála agus páirtnéireachta sibhialta a ordú ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin tríd an bhfoirm chomhlánaithe a íoslódáil agus a sheoladh ar ríomhphost chuig GROonlinepayments@welfare.ie

Iarratas ar dheimhniú Breithe/Báis/Pósta/Uchtaithe/Páirtnéireachta Sibhialta (r-phoist)
Nuashonraithe: Bealtaine 2022
Amharc amharc

Íoslódáil an fhoirm seo, lean na treoracha agus seol ríomhphost chuig GROonlinepayments@welfare.ie


Má theastaíonn foirm chaighdeánach ilteangach uait ní mór duit é seo a ordú leis an deimhniú.

Déanfaidh an GRO teagmháil leat le nasc íocaíochta nuair a aimsítear an taifead.

Nuair a bheidh an íocaíocht ar líne comhlánaithe agat, seolfaimid do dheimhniú sa phost chuig an seoladh atá ainmnithe i do ríomhphost.

Litir Gan Lorg

Má theastaíonn cruthúnas uait nach raibh tú pósta in Éirinn, nó cruthúnas nár rugadh, nár phós nó go bhfuair duine eile bás in Éirinn, féadfaidh an Phríomh-Oifig Chlárúcháin litir dheimhnithe a chur ar fáil duit a thugann le fios nach bhfuil aon fhianaise ann maidir le hiontráil do dhuine inár gcláir. Tugtar “Litir Gan Lorg” ar an litir seo agus cosnaíonn sí €20.00, (cuimsíonn an táille seo cuardach agus eisiúint na litreach “Gan Lorg”). Eiseofar iarratas ar phá trí nasc nuair a fhaightear d'fhiosrúchán agus nuair a scrúdaítear é.

Cuir ríomhphost chuig an bPríomh-Oifig Chlárúcháin ag GRO@welfare.ie le sonraí na hiontrála atá uait.


Foirmeacha Caighdeánacha Ilteangacha (MSF)

Is féidirFoirm Chaighdeánach Ilteangach (MSF) a fháil nuair atá deimhnithe á n-ordú ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin amháin, agus is féidir í a úsáid nuair atá deimhnithe á dtabhairt d'údaráis i mBallstát AE. Ba cheart do MSFanna a bheith ag gabháil le deimhnithe chun riachtanais aistriúcháin a sheachaint.


Aiseolas