Deontas d'Ateangaire le haghaidh Agallamh Poist
- Foilsithe: 8 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 28 Márta 2023
- Cad is Deontas d'Ateangaire le haghaidh Agallamh Poist ann
- Téigh i dteagmháil
- Cuir iarratas isteach
- Téigh i dteagmháil
- Treoirlínte Oibríochtúla
Cad is Deontas d'Ateangaire le haghaidh Agallamh Poist ann
Más cuardaitheoir poist tú atá bodhar, nach bhfuil an éisteacht go maith agat nó tá lagú cainte agat agus má tá tú ag freastal ar agallamh poist le fostóirí san earnáil phríobháideach, féadfaidh tú cur isteach ar mhaoiniú le haghaidh na nithe seo a leanas:
- ateangaire teanga chomharthaíochta
- ateangaire beola nó
- ateangaire eile chun freastal ar na hagallaimh in éineacht leat
Téigh i dteagmháil
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil leis an bhFoireann um Thacaíocht san Ionad Oibre i do cheantar áitiúil.
Cuir iarratas isteach
Is féidir leat iarratas a chur isteach le haghaidh Deontais d'Ateangaire le haghaidh Agallamh Poist:
- má tá tú bodhar nó muna bhfuil an éisteacht go maith agat nó má tá lagú cainte suntasach agat
- má tá tú ag lorg fostaíochta ar bhonn gníomhach nó má tá post nua díreach faighte agat
- má cheapann tú go mbainfeá leas as ateangaire teanga chomharthaíochta nó ateangaire eile, nó an bheirt acu, a bheith leat ag agallaimh phoist nó le haghaidh tréimhse ionduchtaithe
Is féidir na hiarratais atá líonta amach a sheoladh chuig d'Ionad Intreo Áitiúil. Má tá ainm an Chásoifigigh atá ag plé le d'iarratas ar eolas agat, cuir a (h)ainm ar an iarratas le do thoil.
Téigh i dteagmháil
Is féidir leat dul i dteagmháil le d'Ionad Intreo Áitiúil nó an Cásoifigeach Ainmnithe le haghaidh Éagumais i do cheantar chun níos mó eolais a fháil.
Treoirlínte Oibríochtúla
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann an fhoireann sa roinn agus iad i mbun a gcuid oibre.
Treoirlínte Oibríochtúla: Deontas d'Ateangaire le haghaidh Agallamh Poist (DAAP).