English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Deontas do Léitheoir Pearsanta



Cad é an Deontas um Léitheoir Pearsanta

Má tá tú caoch nó má tá lagamharc ag gabháil duit agus go dteastaíonn cúnamh uait le léitheoireacht i do chuid oibre, d’fhéadfá a bheith i dteideal deontais chun deis a thabhairt duit léitheoir pearsanta a fhostú. Ní íoctar an deontas sin ach amháin má tá tú fostaithe san earnáil phríobháideach.

Íocfaidh an rialtas táillí de réir na huaire, ag teacht leis an bpá íosta reatha. Íocfar é ar feadh tréimhse comhaontaithe suas le 640 uair an chloig sa bhliain.


Conas cáiliú

Cáileoidh tú:

  • má tá tú fostaithe san earnáil phríobháideach agus má theastaíonn cúnamh uait le léitheoireacht i do chuid oibre mar gheall ar lagú amhairc
  • má d’éirigh d’amharc lag le déanaí anuas agus tá tú i gcontúirt do phost a chailleadh mar gheall ar an lagú sin
  • i ngeall go bhfuil lagú amhairc ag gabháil duit anois caithfidh tú obair nua nó obair dhifriúil a dhéanamh dod’ fhostóir
  • tá srian á gcur ar d’ionchais ardaithe céime mar gheall ar dheacracht a bheith agat ag léamh i ngeall ar do lagú amhairc

Déan iarratas

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ag D’oifig Intreo áitiúil. Gheobhaidh tú na foirmeacha iarratais a theastóidh uait ansin nó féadfaidh tú iad a íoslódáil ag bun an leathanaigh.

Má cheadaítear an t-iarratas, íocfaidh an roinn deontas leat chun costais chomhaontaithe do léitheoir phearsanta a íoc, nuair a sheolfaidh tú foirm éilimh isteach ag deireadh gach mí. Tá an fhoirm lonnaithe freisin ag bun an leathanaigh.

Caithfidh tú an dá fhoirm a líonadh agus iad a thabhairt nó a sheoladh chuig d’ionad Intreo áitiúil.

Caithfidh tú féin agus d’fhostóir bualadh le cás-oifigeach agus an líon iomlán uaireanta sa tseachtain dá dteastóidh léitheoir pearsanta uait a aontú.

Má cheadaítear an t-iarratas, gheobhaidh tú deontas chun costais chomhaontaithe do léitheoir phearsanta a íoc.

Ní fhéadfaidh an léitheoir pearsanta teacht in ionad aon chúnamh a thugann comhghleacaithe oibre, gaolta nó cairde duit de ghnáth leis an léitheoireacht.

Application Form - Section 1: Personal Reader Grant
This application form Section 1 must be accompanied by a Section 2 application for the particular Support, for example, Work Equipment/Adaptation Grant, Job Interview Interpreter Grant, Personal Reader Grant, etc
Amharc amharc
Application Form - Section 2: Personal Reader Grant
Part 2 of the grant application for a personal reader grant scheme.
Amharc amharc
Claim Form: Personal Reader Grant
This claim form must be sent in every month you are taking the Personal Reader Grant.
Amharc amharc

Treoirlínte Oibríochta

Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.

Treoirlínte Oibríochta: Deontas le haghaidh Léitheoir Pearsanta