Deontas Speisialta Sochraide (faoin scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde )
- Foilsithe: 29 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2023
- Mar atá i gceist leis an Deontas Speisialta Sochraide
- Conas cáiliú chun an Deontas Speisialta Sochraide a fháil
- Ráta íocaíochta
- Conas iarratas a dhéanamh
Mar atá i gceist leis an Deontas Speisialta Sochraide
Má fhaigheann duine bás ag an obair, tá Deontas Speisialta Sochraide ar fáil faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha.
Conas cáiliú chun an Deontas Speisialta Sochraide a fháil
Chun a bheith cáilithe chun an deontas seo a fháil, ní mór gur tharla an bás mar toradh ar:
- timpiste ag an obair
- timpiste agus an duine ag taisteal go díreach chuig an obair nó abhaile ón obair
- galar ceirde
Ní mór go raibh seachtain amháin árachas sóisialta ar a laghad íoctha ag an duine (ÁSPC).
Ráta íocaíochta
Íoctar an deontas ag ráta aonair €850.
Conas iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm éilimh ag bun an leathanaigh seo.
Chun iarratas a dhéanamh, is gá na doiciméid seo a leanas a sheoladh isteach:
- bunchóip den deimhniú báis nó deimhniú báis eatramhach
- cóip den fhógra báis
- nóta de na costais sochraide
Seol an fhoirm éilimh chomhlánaithe agus na doiciméid tacaíochta chuig:
Special Funeral Grant
- Seoladh:
- Special Funeral Grant, Government Buildings, Ballinalee Road, Longford, Co. Longford, N39 E4EO
- Suíomh Gréasáin:
- Teileafón:
-
0818 927770;
043 3340000