English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Deontas Tacaíochta do Chúramóirí



Céard é an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí

Is íocaíocht bhliantúil é an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí le haghaidh cúramóirí a fhaigheann Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Baile (DCA).

Is féidir é a íoc freisin le cúramóirí áirithe eile a bhfuil cúram lánaimseartha á sholáthar acu. Is féidir le cúramóirí an deontas a úsáid cibé bealach is mian leo.


Conas cáiliú

Cáilíonn tú go huathoibríoch don Deontas Tacaíochta do Chúramóirí má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra, Sochar CúramóraLiúntas Cúraim Baile (DCA).

Mura bhfuil aon cheann de na híocaíochtaí seo á bhfáil agat, b’fhéidir go mbeifeá incháilithe fós má chomhlíonann tú na coinníollacha sna cásanna seo a leanas:

  • tá tú 16 bhliain d’aois nó níos sine
  • tá gnáthchónaí orthu i Stát na hÉireann
  • tá aire á tabhairt agat don duine ar bhonn lánaimseartha
  • tá aire á tabhairt agat don duine le haghaidh tréimhse leanúnach de shé mhí ar a laghad, agus cuimsítear sa tréimhse seo an chéad Déardaoin i mí Meithimh
  • tá tú i do chónaí leis an duine a bhfuil aire á tabhairt agat dó/di nó is féidir teagmháil a dhéanamh leat go tapa trí chóras díreach cumarsáide cosúil le teileafón nó aláram

Níl tú cáilithe le haghaidh Deontas Tacaíochta do Chúramóirí sna cásanna seo a leanas:

  • tá tú ag obair, féinfhostaithe nó i mbun cúrsa oiliúna nó oideachais le haghaidh níos mó ná 18.5 uair sa tseachtain. (Tabhair faoi deara: ní mór duit a léiriú go bhfuil cúram cuí ag an duine a bhfuil cúram á sholáthar agat dó/do nuair a bhíonn tú ag obair, i mbun cúrsa oideachais, nó an dá rud)
  • ag fáil Liúntas Cuardaitheora PoistSochar Cuardaitheora Poist
  • cláraithe chun ranníocaíochtaí curtha chun sochair
  • ag cónaí in ospidéal, ionad téarnaimh nó institiúid chosúil

Má tá aire á tabhairt agat do níos mó ná duine amháin, gheobhaidh tú deontas do gach duine.


Ráta íocaíochta

Is ionann an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí agus €1,850 i leith gach duine a dtugann tú aire dóibh. Íoctar é uair amháin sa bhliain, ar an gcéad Déardaoin i mí an Mheithimh de ghnáth. Tar éis bearta an Bhuiséid 2025, is é an ráta íocaíochta ná €2,000 ó Mheitheamh 2025.

Tá an Deontas Tacaíochta Cúramóra díolmhaithe ó cháin ioncaim, ÁSPC agus MSU.


Déan iarratas

Má tá Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Baile (DCA) á fháil agat, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí. Íocfar thú go huathoibríoch gach mí Meithimh.

Mura bhfuil aon cheann de na híocaíochtaí seo á bhfáil agat, comhlánaigh an fhoirm iarratais thíos, le haghaidh gach duine a bhfuil aire á tabhairt agat dó/di.

Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe CSG1 leis na doiciméid tacaíochta ábhartha chuig:

Carer's Support Grant Section

Seoladh:
Carer's Support Grant Section, Social Welfare Services Office, Government Buildings, Ballinalee Road, Longford, Co. Longford, N39 E4E0
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

Carerssupportgrant@welfare.ie

Teileafón:
0818 927770;
043 3340000
Application Form: Carer’s Support Grant (CSG1)
Irish language version 10.20
Amharc amharc

Treoirlínte Oibríochtúla

Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.