English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Deontas Tacaíochta Fiontraíochta do ghnólachtaí a bhfuil tionchar ag COVID-19 orthu



Cad a bhí i gceist leis An Deontas Tacaíochta Fiontraíochta do ghnólachtaí a raibh tionchar ag COVID-19 orthu

Níl an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta COVID-19 ar fáil a thuilleadh.

Bhí an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta ar fáil chun cabhrú le faighteoirí incháilithe féinfhostaithe a dhún a nÍocaíocht Phaindéimeach Dífhostaíochta COVID-19.

Thug sé seo deontas suas le €1,000 d’úinéirí gnó chun a ngnó, a dúnadh de bharr na paindéime COVID-19, a atosú.

Má d’éiligh tú an deontas in 2020 ach go raibh tú ar ais ar Íocaíocht Phaindéimeach Dífhostaíochta COVID-19 in 2021, bhí tú in ann an deontas €1,000 a rochtain don dara huair má dhún tú d’Íocaíocht Dhífhostaíochta Phaindéimeach COVID-19 ar an 1 Meitheamh 2021 nó ina dhiaidh sin.


Conas cáiliú

Níl an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta COVID-19 ar fáil a thuilleadh.

Bronnadh an Deontas ar dhaoine féinfhostaithe:

  • a bhí comhlíontach maidir le cáin agus ÁSPC de
  • nach raibh faoi dhliteanas i leith rátaí tráchtála
  • a bhí ag fáil na hÍocaíochta Paindéimeach Dífhostaíochta COVID-19 agus a n-éileamh dúnta
  • a d’athoscail a ngnó a dúnadh de bharr na paindéime
  • a d’fhostaigh níos lú ná 10 duine
  • a raibh láimhdeachas bliantúil níos lú ná €1 milliún acu
  • nach raibh incháilithe le haghaidh deontais atosaithe gnó comhchosúla COVID-19 ó ranna rialtais eile
  • a d’fhéadfadh admhálacha/sonraisc CBL a chuir ar fáil i leith costais agus speansais atosú gnó a éilíodh, dá n-iarrfadh an Roinn amhlaidh

Ráta íocaíochta

Dámhadh maoiniú do chostais incháilithe suas le huasmhéid de €1,000 le haghaidh iarratas céaduaire.

Má d’éiligh tú an deontas in 2020 ach go raibh tú ar ais ar Íocaíocht Phaindéimeach Dífhostaíochta COVID-19 in 2021, bhí tú in ann an deontas €1,000 a rochtain don dara huair má dhún tú d’Íocaíocht Dhífhostaíochta Phaindéimeach COVID-19 ar an 1 Meitheamh 2021 nó ina dhiaidh sin.

Bronnadh an deontas ar chostais a bhain le hathoscailt do ghnó, lena n-áirítear:

  • bearta sábháilteachta
  • comhairle gnó nó meantóireacht
  • deisiúcháin
  • breosla

Iarratas a Dhéanamh

Tá an íocaíocht seo dúnta d’iarratasóirí nua agus ní féidir leat iarratas a dhéanamh a thuilleadh.