Dreasacht Poist Pháirtaimseartha COVID-19 do Dhaoine Féinfhostaithe
- Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 13 Eanáir 2023
- Céard é Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha COVID-19?
- Conas cáiliú
- An ráta íocaíochta
- Déan iarratas
Tabhair faoi deara
Tá Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha COVID-19 do Dhaoine Féinfhostaithe dúnta anois. Is mar eolas atá an leathanach seo á chur ar fáil.
Céard é Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha COVID-19?
Tá Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha COVID-19 do dhaoine féinfhostaithe dúnta anois.
Bhí an scéim seo dírithe ar dhaoine féinfhostaithe a raibh Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 nó íocaíocht Cuardaitheora Poist á fáil agat sa tseachtain díreach sula ndéantar iarratas.
Dúnadh an scéim ar an 1 Meitheamh 2022. Rinneadh an íocaíocht deiridh ar an 31 Bealtaine 2022.
Conas cáiliú
Dúnadh Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha COVID-19 do dhaoine féinfhostaithe ar an 1 Meitheamh 2022. Ní féidir iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht seo níos mó.
Bhí tú incháilithe le haghaidh na híocaíochta seo má chomhlíon tú na critéir seo a leanas:
- bhí tú féinfhostaithe
- bhí ceanglais chánach agus ÁSPC á gcomhlíonadh agat
- bhí tú os cionn 18 mbliana d’aois agus faoi 66 bliain d’aois
- bhí cónaí ort in Éirinn
- fuair tú Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 nó íocaíocht Cuardaitheora Poist sa tseachtain díreach sula ndearna tú iarratas
- d’fhill tú ar fhéinfhostaíocht le haghaidh suas le huasmhéid 24 uair sa tseachtain (ní raibh aon teorainn luaite leis an méid a d’fhéadfá a thuilleamh)
- sholáthair tú ráiteas míosúil maidir leis na huaireanta a d’oibrigh tú gach seachtain
- bhí iarracht dháiríre á déanamh agat do leibhéal oibre a mhéadú
An ráta íocaíochta
Bhí dhá ráta luaite leis an íocaíocht sheachtainiúil:
- €131.80 - ráta pearsanta
- €214.90 má íocadh méadú le haghaidh aosach cáilithe leat i dteannta leis an éileamh a rinne tú ar liúntas cuardaitheora poist roimhe seo
Déan iarratas
Níltear ag glacadh le hiarratais nua ar an íocaíocht seo ón 1 Meitheamh 2022 agus ní féidir iarratas a dhéanamh ar an scéim níos mó.
Má tá tú ag leanúint le do ghnó a reáchtáil ag leibhéal laghdaithe b’fhéidir go mbeifeá incháilithe le haghaidh tacaíochta faoi scéim tástáilte ó thaobh acmhainne de an Liúntas Cuardaitheora Poist.
Más mian leat éileamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist a dhéanamh is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ag www.MyWelfare.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil agus na foirmeacha iarratais a fháil.