English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Duine a cheapadh le gníomhú thar do cheann



Réamhrá

Mura bhfuil tú in ann íocaíocht a bhailiú nó do ghnóthaí airgeadais a bhainistiú, féadfaidh tú a iarraidh go ngníomhóidh duine eile (ar a dtugtar gníomhaire) ar do shon. Féadfaidh siad íocaíochtaí a bhailiú ar bhonn sealadach nó fadtéarmach.

Féach cé is féidir leis gníomhú mar ghníomhaire agus cad iad na freagrachtaí atá aige anseo.


Gníomhaire sealadach a cheapadh

Ní féidir leat gníomhaire sealadach a ainmniú ach amháin mura bhfuil tú in ann d'íocaíocht a bhailiú ag oifig an phoist.

Ní mór duit foirm a chomhlánú chun gníomhaire a ainmniú.

Níl an fhoirm (TA1) ar fáil ach in oifig an phoist.

Ba cheart don duine a ainmníonn tú chun d'íocaíocht a phiocadh suas an fhoirm agus do chárta seirbhísí sóisialta a thabhairt chuig oifig an phoist.

Má bhíonn deacracht agat, ba cheart duit nó do ghníomhaire teagmháil a dhéanamh le d'oifig phoist nó leis an rannóg ábhartha den roinn.


Gníomhaire a ainmniú ar bhonn fadtéarmach

Mura bhfuil tú in ann d'íocaíocht a bhailiú ag oifig an phoist mar gheall ar bhreoiteacht nó caillteanas gluaisteachta, is féidir leat duine a ainmniú chun d'íocaíocht a bhailiú ar bhonn fadtéarmach.

Chun é sin a dhéanamh, caithfidh tú an fhoirm ag bun an leathanaigh seo a chomhlánú agus a sheoladh chuig an seoladh a bhaineann leis a sochair atá á éileamh agat.

Nuair a bheidh an fhoirm seo faighte againn, seolfaimid fógra chugat agus déanfaimid socruithe le hoifig an phoist. Ansin ligfidh oifig an phoist do do ghníomhaire d'íocaíocht a bhailiú.

Má tá cónaí ar an gcustaiméir i dteach altranais, féadfaidh siad an duine atá i bhfeighil an tí altranais a ainmniú chun an íocaíocht a bhailiú ar a son.

Féadfaidh an custaiméir an socrú maidir le gníomhaire a chealú nó a chúlghairm tráth ar bith agus gníomhaire eile a cheapadh ach an fhoirm ag bun an leathanaigh seo a chomhlánú.


Duine nach bhfuil in ann a ghnóthaí airgeadais féin a bhainistiú

Sa chás nach bhfuil custaiméir in ann a ghnóthaí airgeadais féin a bhainistiú, féadfar gníomhaire a cheapadh chun gníomhú ar a shon.

Ní mór an fhoirm iarratais ag bun an leathanaigh seo a chomhlánú agus a sheoladh chuig an rannán ábhartha den roinn. Íocfar an íocaíocht le cuntas bainc ainmnithe. Moltar cuntas ar leith a bhunú chun na críche sin.

I ngach cás, caithfidh dochtúir a dheimhniú nach bhfuil custaiméir ábalta, idir an dá linn, a ghnóthaí airgeadais féin a bhainistiú.


Gníomhaire a cheapadh i gcásanna eile

  • Coimircí Cúirte nó Cumhacht Aturnae

I gcás coimircí cúirte nó duine a cheaptar faoi chumhacht mharthanach aturnae, íocfaidh an roinn íocaíochtaí go díreach le Cúramaí an Choimircí nó leis an Aturnae. Íocfar na híocaíochtaí sin le cuntas bainc ainmnithe.

  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Sa chás go bhfuil cónaí ar an gcustaiméir in ionad cúraim faoi bhainistíocht FSS ar feadh tréimhse leanúnaí 4 seachtaine nó níos mó agus gur mian leis go gceapfaí ionadaí ón ionad cúraim mar ghníomhaire dó, ba cheart don chustaiméir nó dá ionadaí teagmháil a dhéanamh le bainisteoir an ionaid cúraim chun an socrú a chur i bhfeidhm.

Foirm iarratais ar Údarás chun Gníomhaire a Cheapadh (seachas FSS)
17 September 2024
Amharc amharc