English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Fóirdheontas Oibre Gearr-ama



Cad is Tacaíocht Obair Ghearr-ama ann

Is cineál Sochair Cuardaitheora Poist í Tacaíocht Obair Ghearr-ama. Is íocaíocht tacaíochta ioncaim í d'fhostaithe ar chuir a bhfostóir ar sheachtain oibre níos giorra iad ar bhonn sealadach.

Mar shampla, má laghdaíodh do sheachtain oibre ó phatrún 5 lá oibre go patrún 3 lá oibre, d'fhéadfá íocaíocht Tacaíochta Obair Ghearr-ama a fháil don 2 lá oibre a cailleadh.


An chaoi le cáiliú

Chun cáiliú do Thacaíocht Obair Ghearr-ama, ní mór duit:

  • a bheith ar do shaothrú go sealadach ar phatrún caighdeánach laghdaithe oibre ar bhonn seachtainiúil
  • a bheith ar do shaothrú go córasach 3 lá nó níos lú sa tseachtain tar éis duit a bheith ar do shaothrú go lánaimseartha roimhe seo
  • bheith níos óige ná 66 bliain d'aois
  • a bheith in ann obair a dhéanamh agus a bheith ar fáil le haghaidh obair lánaimseartha
  • na coinníollacha ÁSPC céanna a chomhlíonadh a theastódh uait chun cáiliú do Shochar Cuardaitheora Poist. Tá tuilleadh eolais faoi na coinníollacha ÁSPC seo ar fáil anseo.

Ní dhéantar tástáil acmhainne ar Thacaíocht Obair Ghearr-ama.

Mura bhfuil go leor ranníocaíochtaí ÁSPC agat chun cáiliú don Tacaíocht Obair Ghearr-ama, d'fhéadfá a bheith incháilithe do Liúntas Cuardaitheora Poist, ar íocaíocht de réir tástála acmhainne í.


Rátaí íocaíochta

Braithfidh fad d'incháilitheachta agus do ráta íocaíochta ar:

  • do ranníocaíochtaí ÁSPC
  • do mheántuilleamh in aghaidh na seachtaine, agus
  • ar an athrú i do phatrún oibre

Mar shampla, má chuirtear ar phatrún 3 lá oibre thú tar éis duit 5 lá oibre a shaothrú roimhe seo, d'fhéadfá a bheith i dteideal suas le €97.60 don 2 lá oibre nach mbíonn tú ar do shaothrú a thuilleadh. Is ionann é seo agus dhá chúigiú den uasráta seachtainiúil de Shochar Cuardaitheora Poist €244.

Léirítear sa tábla seo a leanas na huasrátaí íocaíochta atá ar fáil:

Laethanta fostaíochta caillte Ráta duine aonair Ráta lánúin gan leanaí Ráta lánúin le beirt leanbh os cionn 12 Ráta lánúin le triúr leanbh (beirt os cionn 12, leanbh amháin faoi 12) Ráta lánúin le ceathrar leanbh (beirt os cionn 12, beirt faoi 12)
2 €97.60 €162.40 €212 €232 €252
3 €146.40 €243.60 €318 €348 €378
4 €195.20 € 324.80 €424 €464 €504

Féadfaidh tú ráta méadaithe íocaíochta a fháil freisin do dhuine fásta cáilithe agus do leanaí cáilithe.

Níl Tacaíocht Obair Ghearr-ama incháinithe.

Íoctar Tacaíocht Obair Ghearr-ama ar feadh 234 lá ar a mhéad, rud atá ag brath ar líon na Ranníocaíochtaí ÁSPC a d'íoc tú.


Le hiarratas a dhéanamh

Is é an bealach is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar Thacaíocht Obair Ghearr-ama ná ar MyWelfare.ie.

Má chomhlánaíonn tú d'fhoirm ar líne, is féidir leat an fhoirm UP80 atá comhlánaithe ag d'fhostóir a sheoladh isteach.

Is féidir le fostaithe iarratas a dhéanamh freisin ar Thacaíocht Obair Ghearr-ama ag anIonad Intreo áitiúil nó ag a nOifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh a luaithe a bheidh do laethanta laghdaithe nó d'fhéadfá roinnt íocaíochta a chailleadh.

Beidh na cáipéisí seo a leanas ag teastáil uait le cois na foirme iarratais chun iarratas a dhéanamh:

  • aitheantas – do Chárta Seirbhíse Poiblí (CSP), do phas nó do cheadúnas tiomána
  • cruthúnas ar do sheoladh – bille fóntais nó litir ó roinn rialtais

Ní mór do d'fhostóir an fhoirm thíos a chomhlánú freisin:

Dearbhú Fostóra maidir le Fostaíocht Ócáideach/ Pháirtaimseartha/Ghearrthéarmach (UP80)
Lúnasa 2021 - UP80
Amharc amharc

Ní mór duit na laethanta fostaíochta agus dífhostaíochta a chur in iúl dúinn le haghaidh gach seachtain a bhfuil tú ar phatrún oibre laghdaithe.

Is féidir leat na laethanta a mbíonn agus nach mbíonn tú ar do shaothrú a dhearbhú anois ar líne ar www.MyWelfare.ie Ciallaíonn sé seo nach mbeidh ort duillíní páipéir a chur isteach gach seachtain chuig d'Ionad Intreo/d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Féach ar ár dtreoirleabhar maidir le deimhniúchán ar líne d'obair pháirtaimseartha/shealadach chun a thuilleadh eolais a fháil.


Treoirlínte Oibríochtúla

Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne sa roinn agus iad i mbun a gcuid oibre: