Forlíonadh Éagumais
- Foilsithe: 29 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 3 Eanáir 2025
- Céard é an Forlíonadh Éagumais
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Iarratas a chur isteach
- Treoirlínte Oibriúcháin
Céard é an Forlíonadh Éagumais
Is féidir Forlíonadh Éagumais a íoc mar fhorlíonadh do dhaoine a fhaigheann Sochar Míchumais. Íoctar é le daoine a bhfuil míchumas buan orthu chun oibre mar gheall ar timpiste nó galair a fhulaingítear ag an obair. Ní íoctar é ach leo siúd nach gcáilíonn d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile.
Conas cáiliú
Ní féidir leat cáiliú ach amháin mura gcáilíonn tú do Sochar Breoiteachta, Pinsean Easláine nó Liúntas Míchumais.
Níl an fordheontas seo de réir tástála acmhainne. D’fhéadfá a bheith i dteideal méadú um dhuine fásta cáilithe a éileamh, má tá céile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir agat agus méadú do pháiste cáilithe a chónaíonn leat de ghnáth.
Rátaí íocaíochta
Seo a leanas rátaí seachtainiúla Forlíonadh Éagumais:
Forlíonadh Éagumais de réir catagóirí | Rátaí seachtainiúla | ||
Faoi bhun 66 bliana d'aois | €244 | ||
66 bliain d'aois agus níos sine | €263.30 | ||
Méadú do dhuine fásta cáilithe faoi 66 bliana d'aois | €162 | ||
Méadú do dhuine fásta cáilithe 66 bliana d’aois agus níos sine | €174.80 | ||
Méadú do leanbh cáilithe | Faoi 12 | Os cionn 12 | |
Ráta iomlán | €50 | €62 | |
Leathráta | €25 | €31 |
Iarratas a chur isteach
Má fhaigheann tú Sochar Míchumais, cheana féin, is féidir go bhfuil tú i dteideal Forlíonadh Éagumais.
Déanfaidh an t-oifigeach breithiúnachta measúnú ansin an bhfuil tú éagumasach ar obair mar gheall ar ghortú nó tinneas a d’fhulaing tú mar thoradh ar do phost roimhe seo. Tá tuairisc leighis i gceist leis seo.
Mura bhfaigheann tú aon íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile, socróidh an t-oifigeach breithiúnachta chun foirm éilimh ar íocaíocht Éagumais a sheoladh chugat chun tús a chur le do phróiseas iarratais.
[document 26945 ]
Seol d’fhoirm iarratais críochnaithe leis na doiciméid tacaíochta ábhartha chuig:
Disablement Benefit Section
- Seoladh:
- Disablement Benefit Section, Social Welfare Services Office, Government Buildings, Ballinalee Road, Longford, Co. Longford, N39 E4E0
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 927770;
043 3340000
Treoirlínte Oibriúcháin
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.