Forlíonadh Cíosa
- Foilsithe: 29 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 7 Nollaig 2023
- Cad is Forlíonadh Cíosa ann
- Conas cáiliú
- Rátaí íocaíochta
- Iarratas a Dhéanamh
- Eolas ar Fhorlíonadh Cíosa do íospartaigh foréigin baile
- Eolas ar an bhForlíonadh Cíosa do dhaoine atá clúdaithe faoin Treoir um Chosaint Shealadach
- Treoirlínte Oibríochtúla
Cad is Forlíonadh Cíosa ann
Íocaíocht is ea Forlíonadh Cíosa do roinnt daoine atá cónaí orthu i gcóiríocht phríobháideach ar cíos nach féidir leo costas a gcóiríochta féin a íoc lena gcuid ioncaim féin.
Go dtí seo, d'fhéadfá cur isteach ar Fhorlíonadh Cíosa da mbeifeá incháilithe do thacaíocht tithíocht shóisialta agus dá mbeifeá ar liosta tithíochta na n-údarás áitiúil. Ba chóir do dhaoine sa chás seo cur isteach ar an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT).
Conas cáiliú
Le cáiliú do Fhorlíonadh Cíosa, ba cheart go mbeadh an t-oifigeach atá ag láimhseáil do chás sásta go bhfuil tú, ag an am a chuireann tú isteach, i dtionóntacht dleathach agus:
- go bhfuair tú íocaíocht Forlíonta Cíosa laistigh de 12 mhí ón dáta a cuireadh an t-iarratas isteach
nó
- go raibh cónaí ort i gcóiríocht phríobháideach ar cíos ar feadh tréimhse 183 lá laistigh den 12 mhí roimh an dáta a chuir tú éileamh isteach ar Fhorlíonadh Cíosa. Cuirtear cásanna san áireamh ina raibh sé ar d'acmhainn do chíos a íoc ag tús do léasa, ach níl anois mar gheall ar athrú cúinsí.
Tá sé le fáil chomh maith do dhaoine a raibh cónaí orthu i dtithíocht do dhaoine gan dídean nó in institiúd ar feadh 183 lá nó níos mó sa 12 mhí roimh dóibh an t-iarratas a dhéanamh, agus do dhaoine nach bhfuil incháilithe do thacaíocht tithíocht shóisialta.
Má theastaíonn cabhair uait le do chíos ach níl tú incháilithe de réir na gcoinníollach seo, ba chóir dul i dteagmháil le d'údarás áitiúil chun go ndéanfar measúnú ar do riachtanais tithíochta.
Rátaí íocaíochta
- Déantar an cinneadh mar gheall ar an méid Fhorlíonta Cíosa a fhaigheann tú bunaithe ar an méid cíosa a íocann tú agus an méid ioncaim a fhaigheann nó a thuilleann tú.
- Glactar leis go gcuirfidh gach faighteoir leis an Fhorlíonta Cíosa. Is é €30 íosmhéid na híocaíochta do dhuine aonair nach bhfuil i dteideal laghdú aoisbhunaithe ar a gcuid íocaíochta leasa shóisialaigh. Bítear ag súil le íosmhéid íocaíochta €40 in aghaidh na seachtaine ó lánúineacha.
- Bunaítear uasmhéid na tacaíochta forlíonta cíosa ar an áit ina bhfuil cónaí ort agus an méid daoine atá i do líon tí. Tá uasmhéid teorainn cíosa i bhfeidhm do cheantair áirithe agus do shaghsanna áirithe lín tí. Tá na huasmhéid reatha cíosa agus na ceantair ábhartha le fáil anseo.
- Is féidir tacaíocht breise a fháil má tá do chíos os cionn an uasmhéid reatha cíosa. I gcásanna ina bhfuil do chíos níos airde ná an uasmhéid cíosa, nó muna mbaineann aon shampla le do líon tí, moltar duit dul i dteagmháil leis an oifigeach atá ag láimseáil do cháis.
- Tá íocaíochtaí Fhorlíonta Cíosa díolmhaithe go hiomlán ó Cháin Ioncaim, ó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus ó Mhuirear Sóisialach Uilíoch (MSU).
Iarratas a Dhéanamh
Le iarratas a dhéanamh, ba cheart an fhoirm iarratais don Fhorlíonadh Cíosa a líonadh isteach thíos. Is féidir le Seirbhísí Leasa Pobail na Roinne nó le d'oifig áitiúil Faisnéise so Shaoránaigh cabhrú leat leis an bhfoirm seo a líonadh isteach.
Tá cuid den fhoirm ar chóir do thiarna talún nó a ionadaí líonadh isteach. Ní mór don tiarna talún a uimhir tagartha cánach (a uimhir PSP de gnáth) a sholáthar don Roinn. Muna miste le do Thiarna Talún an fhoirm a líonadh isteach, tá foirm eile (SWA 3C) le fáil thíos.
Muna bhfuil uimhir tagartha cánach ag do thiarna talún, ba cheart go scríobhadh sé/sí chugainn chun é sin a rá agus a mhíniú. Ní féidir do Fhorlíonadh Cíosa a íoc más rud é nach bhfuil uimhir cánach an tiarna talún, nó míniú cén fáth nach bhfuil ceann acu tugtha acu dúinn.
Tá cuid eile den bhfoirm a bhaineann leis an údarás áitiúil, más rud é go bhfuil tú ar liosta tithíochta agus gá agat le tithíocht beidh orthu é sin a dheimhniú.
Tá pacáistí Iarratais Cíosa le fáil i d'ionad áitiúil Intreo nó Oifig Bhrainse. Is féidir pacáiste a iarraidh trí ríomhphoist CWSforms@welfare.ie.
Tá na mionsonraí agus na foirmeacha ábhartha le fáil i ngach pacáiste. Nuair atá na doiciméid riachtanacha go léir ullamh agat, is féidir leat d'iarratas a sheoladh go dtí an Roinn Náisiúnta Forlíonta Cíosa. Tá seans go dtiocfaidh moill ar d'iarratas muna bhfuil an t-eolas ar fad a iarrtar ort tugtha isteach agat.
Doiciméid riachtanacha
Is gá na doiciméid seo a leanas a sholáthar:
- doiciméid aitheantais duitse agus do chleithiúnaithe, mar shampla teastais breithe iomláine, pasanna, ceadúnas tiomána, ceadúnas oibre agus Cead Cónaithe na hÉireann (CCÉ)
- doiciméid a thaispeánann d'ioncam agus do chás airgeadais, mar shampla duillíní pá nó ráitis bainc
- doiciméid a thugann fianaise ar d'áit chónaithe cosúil le billí aibhléise, gais nó fóin
- doiciméid a bhaineann le do thionóntacht, m.s. leabhar cíosa, léas nó conradh tionóntachta
Ba cheart gach iarratas agus na doiciméid a bhaineann leis a sheoladh go dtí:
National Rent Supplement Section
- Seoladh:
- National Rent Supplement Section, PO Box 12188, Freepost FDN7609, Dublin 2
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 607080
Eolas ar Fhorlíonadh Cíosa do íospartaigh foréigin baile
Eolas ar an bhForlíonadh Cíosa do dhaoine atá clúdaithe faoin Treoir um Chosaint Shealadach
Eolas ar an bhForlíonadh Cíosa do dhaoine atá clúdaithe faoi Threoir um Chosaint Shealadach AE
- Tá an Roinn Leanaí, Comhionnanais, Míchumais, Lánphairtíochta agus Óige freagrach as na riachtanais tithíochta láithreacha agus meánthéarmacha ag daoine a bhfuil cosaint á lorg acu in Éirinn de réir Threoir um Chosaint Shealadach an AE.
- Ó mhí Feabhra 2022, tá an Forlíonadh Cíosa le fáil ar bhunús solúbtha chun tacú le daoine a bhfuil cosaint shealadach á lorg acu in Éirinn a theastaíonn uathu rochtain a fháil ar chóiríocht phríobháideach ar cíos.
- Tá tuilleadh eolais le fáil ó Seirbhísí Leasa Pobail ag do oifig áitiúil Intreo nó Oifig Bhrainse.
Treoirlínte Oibríochtúla
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis a leanann foireann na roinne agus iad i mbun oibre.
Treoirlínte Oibríochtúla: LLF: Forlíonadh Cíosa
Eolas ar íocaíochtaí eile faoin Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh.