Forlíontaí na Scéime Liúntais Leasa Fhorlíontaigh
- Foilsithe: 9 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 21 Márta 2024
- Fógra tábhachtach
- An méid atá i gceist le Forlíontaí an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh (LLF)
- Conas cáiliú
- Ráta íocaíochta
- Iarratas a Dhéanamh
Fógra tábhachtach
Más saoránach de chuid na hÚcráine tú agus má tá tú ag teitheadh ón Úcráin, cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh sonraí faoi thacaíochtaí leasa shóisialaigh a d’fhéadfadh a bheith ar fáil duit.
Eolas ar fáil i Úcráinis.
Будь ласка, натисніть тут для отримання інформації українською мовою
Eolas ar fáil i Rúisis
Пожалуйста, нажмите здесь для получения информации на русском языке
An méid atá i gceist le Forlíontaí an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh (LLF)
Féadfaidh tú forlíonadh an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh a fháil chun cabhrú leat costais leanúnacha bhreise a íoc, costais nach féidir a bheith ag súil, le réasún, go n-íocfaidh tú as d’ioncam seachtainiúil.
Conas cáiliú
De ghnáth, bheadh daoine incháilithe ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh nó íocaíocht ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE). Níl aon teidlíocht uathoibríoch ann chun íocaíochtaí liúntais mar seo a fháil áfach.
Féadfaidh forlíonadh faoin scéim SWA a bheith iníoctha de rogha ionadaí na roinne tar éis riachtanais na reachtaíochta agus cúinsí ábhartha do cháis a chur san áireamh.
D'fhéadfá a bheith incháilithe chun forlíonadh SWA a fháil má chomhlíonann tú an méid seo a leanas:
- má tá cónaí ort sa Stát
- má chomhlíonann tú an coinníoll gnáthchónaithe
- má chomhlíonn tú tástáil acmhainne (déantar measúnú ar do chaipiteal nó ar do mhaoin uile, seachas do theach cónaithe, sa tástáil acmhainne)
Ní bheidh tú incháilithe de ghnáth:
- má tá rochtain agat ar acmhainní eile chun freastal ar an riachtanas
- má tá tú ag obair go lánaimseartha (30 uair an chloig nó níos mó in aghaidh na seachtaine)
- má tá tú in oideachas lánaimseartha
- má tá tú páirteach in aighneas ceirde nó ar stailc. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht um Riachtanais Eisceachtúla, áfach, do dhuine fásta cleithiúnach nó do leanbh cleithiúnach
Ráta íocaíochta
Beidh méid na íocaíochta a fhaigheann tú ag brath ar thástáil acmhainne agus ar an gcineál cúnaimh a theastaíonn uait.
Iarratas a Dhéanamh
Is féidir leat iarratas a dhéanamh trí Sheirbhísí Leasa Pobail. Foghlaim conas teacht ar Sheirbhísí Leasa Pobail anseo.
Tá foirm iarratais ar fáil le híoslódáil anseo nó ó d'Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse áitiúil.
Chun cabhrú le d’éileamh a phróiseáil, ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas agat:
- Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) duit féin, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir agus do leanaí
- cruthúnas ar sheoladh baile
- cruthúnas ar chónaitheacht (nuair is ábhartha)
- cruthúnas aitheantais, mar shampla, Cárta Seirbhísí Poiblí (má tá ceann agat), pas, ceadúnas tiomána, cead oibre, cead cónaithe in Éirinn
- cáipéisí chun d’ioncam agus do staid airgeadais a léiriú, amhail duillíní pá agus ráitis bhainc
Eolas breise
Féadfaidh duine forlíonadh teasa a fháil i gcásanna ina bhfuil costais eisceachtúla téimh aige/aici mar gheall ar easláinte nó éiglíocht.
Tá eolas ar íocaíochtaí eile faoin Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh ar fáil anseo